Tiocfaidh táillí athbhreithnithe do chustaiméirí bus comaitéireachta i bhfeidhm an 16 Meitheamh faoi struchtúr nua táillí Leap bunaithe ar chóras criosach. Tagann seo i ndiaidh athruithe ar tháillí iarnróid a cuireadh i bhfeidhm i mí Aibreáin.
Tugtar éifeacht do Straitéis Náisiúnta Táillí an ÚNI a foilsíodh in 2023 agus do Chinneadh Táillí an ÚNI a foilsíodh in 2024 leis na hathbhreithnithe.
Faoi na pleananna sin, tá táillí le deimhniú ar bhonn níos cothroime agus níos éasca le tuiscint. Tá an costas in aghaidh an chiliméadair taistealta níos comhsheasmhaí anois, agus tá gaol níos dlúithe ag táillí leis an bhfad díreach idir tús agus ceann scríbe an turais.
Ríomhtar táillí anois ar bhonn ceithre tháille nua bunaithe ar chóras criosach. Faoin gcóras roimhe seo, bhí a gcriosanna táillí féin ag oibreoirí ar nós Bus Éireann agus Iarnród Éireann nach raibh ailínithe lena chéile. Leis an gcóras nua comhdhlúthaítear iad seo i struchtúr amháin agus dá bhrí sin tá sé níos cothroime agus níos comhsheasmhaí.
Ón 16 Meitheamh, tá athruithe le teacht ar tháillí seirbhísí comaitéireachta arna soláthar ag Bus Éireann agus Go-Ahead Ireland araon, agus cuid acu le laghdú, cuid acu le méadú, agus cuid eile gan athrú ar an iomlán.
Áirítear leis an struchtúr táillí nua athbhreithnithe ar tháillí singil agus i ngach cás, cuirtear an luach is fearr ar fáil le híocaíocht le cárta Leap i gcomparáid le hairgead tirim.
Tá táirgí nua Leap laethúla, seachtainiúla agus míosúla, bunaithe ar chóras criosach, á gcur i bhfeidhm chomh maith. Cuimsítear turais ó na criosanna go lár Bhaile Átha Cliath leo ach áirítear leo freisin turais laistigh den chrios lárnach ar gach seirbhís iarnróid TFI, Luas agus bus chathair Bhaile Átha Cliath, rud a chuireann luach iontach ar fáil do chustaiméirí.
Tá sonraí faoi tháillí sonracha ar fáil: Criosanna Táille Nua – Transport for Ireland