Suas le 33,000 carr bainte de bhóithre Limistéar Cathrach Luimnigh agus Cheantar na Sionainne gach lá de thairbhe shiúl na gcos, áiseanna siúil agus rothar de réir an Innéacs Siúil agus Rothaíochta is déanaí.
Méadú ar an rothaíocht i measc aosaigh níos óige de réir shuirbhé an ÚNI.
64% de chónaitheoirí i bhfách le hinfheistíocht bhreise sa taisteal de shiúl na gcos agus ar áis siúil agus 54% i bhfách le hinfheistíocht bhreise sa rothaíocht.
Inniu d’fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair torthaí a shuirbhé is déanaí ar nósanna taistil de shiúl na gcos, ar áis siúil agus ar rothar i Limistéar Cathrach Luimnigh agus Cheantar na Sionainne, suirbhé ina léiríodh méadú suntasach ar líon na ndaoine óga idir 16-25 bliain a rothaíonn uair sa tseachtain ar a laghad. Léiríodh sna figiúirí go rothaíonn 33% de dhaoine óga an chohóirt sin uair sa tseachtain ar a laghad, suas ó 27% in 2023. Tá treocht láidir ann fós i measc cónaitheoirí fásta a shiúlann nó a úsáideann áis siúil (is é sin, cathaoir rothaí nó scútar soghluaisteachta) i gcomhair gnáth-thuras, a ndéanann 51% díobh amhlaidh cúig huaire sa tseachtain ar a laghad. Léiríodh sa suirbhé freisin go mbaintear suas le 33,000 carr gach lá de bhóithre Limistéar Cathrach Luimnigh agus Cheantar na Sionainne de thairbhe daoine a bheith ag roghnú shiúl na gcos, áis siúil nó rothair thar an gcarr ar thurais neamhfhóillíochta.
Soláthraíonn an tInnéacs Siúil agus Rothaíochta an measúnú is mó riamh ar shiúl, rothlú agus rothaíocht in Éirinn agus sa RA. Is i gcomhar le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh agus Comhairle Contae an Chláir; an tÚdarás Náisiúnta Iompair; agus an carthanas iompair inbhuanaithe, Walk Wheel Cycle Trust, a chuirtear ar fáil é. In éineacht le hInnéacs Siúil agus Rothaíochta Limistéar Cathrach Luimnigh agus Cheantar na Sionainne, tá tuarascálacha Innéacs le foilsiú ag Limistéir Chathrach Bhaile Átha Cliath, Chorcaí, na Gaillimhe agus Phort Láirge inniu freisin.
Tá Innéacs Siúil agus Rothaíochta Limistéar Cathrach Luimnigh agus Cheantar na Sionainne bunaithe ar shuirbhé neamhspleách atá ionadaíoch ó thaobh na déimeagrafaice de, seachas ar choisithe, úsáideoirí áiseanna siúil agus rothaithe amháin, ach ar bhreis agus 1,100 cónaitheoir atá 16 bliana nó níos sine agus iad ar fud Limistéar Cathrach Luimnigh agus Cheantar na Sionainne. Is í Cathair Luimnigh croílár an Limistéir Cathrach ina bhfuil an chríoch cuimsithe ó Chluain Lára go Tobar Phádraig agus siar go Ceantar na Sionainne.
Cuireadh in iúl sa suirbhé go bhfuil an-fhonn ar dhaoine a bheith ag siúl agus ag rothaíocht amach anseo, ar mian le 41% dul ag siúl níos minice agus ar mian le 27% dul ag rothaíocht níos minice. Tá 64% de na cónaitheoirí i bhfách le hinfheistíocht bhreise sa taisteal de shiúl na gcos agus ar áis siúil, agus 54% atá i bhfách le hinfheistíocht bhreise sa rothaíocht.
Fuarthas amach sa tuarascáil go gcruthaítear sochar geilleagrach €145.4 milliún do dhaoine aonair agus do Limistéar Cathrach Luimnigh agus Cheantar na Sionainne de thairbhe shiúl na gcos, áiseanna siúil agus rothar. Áirítear leis sin glansochair gheilleagracha €1.62 agus €1.14, faoi seach, in aghaidh an km a thaistealaítear ar rothar agus de shiúl na gcos in ionad i gcarr. Cinneadh na costais sin trí anailís a dhéanamh ar am taistil, costais oibriúcháin feithiclí, buntáistí sláinte, cáilíocht aeir agus cánachas.
Déanann daoine a bhfuil carr acu suas le 33,000 turas fillte neamhfhóillíochta de shiúl na gcos, ar áis siúil agus ar rothar i Limistéar Cathrach Luimnigh agus Cheantar na Sionainne gach lá. 157 km de scuaine a bheadh ann dá mbeadh na carranna uile sin ina dtranglam tráchta.
Fuarthas amach sa tuarascáil freisin go sábhálann coisithe, úsáideoirí áiseanna siúil agus rothaithe 7,100 tona d’astaíochtaí gás ceaptha teasa gach bliain. Is ionann é sin agus thart ar 65,000 cónaitheoir a bheith ag eitilt ó Aerfort na Sionainne go hAerfort Heathrow Londan.
Leagadh amach sa tuarascáil na buntáistí do Limistéar Cathrach Luimnigh agus Cheantar na Sionainne a bhaineann le bheith ag siúl, ag úsáid áis siúil agus ag rothaíocht, ar gníomhaíochtaí coirp iad lena gcoisctear 325 cás de riochtaí sláinte fadtéarmacha tromchúiseacha gach bliain. Is ionann é sin agus thart ar €4.1m nó an costas a bhaineann le breis agus 68,000 coinne le DG.
Léiríodh san Innéacs go bhfuil éagsúlacht idir roghanna taistil na gcónaitheoirí agus a dtuairimí maidir le siúl, rothlú agus rothaíocht i measc grúpaí éagsúla. Fuarthas amach ann go mbíonn 38% de chónaitheoirí faoi mhíchumas ag siúl nó ag úsáid áis siúil cúig lá sa tseachtain ar a laghad i Limistéar Luimnigh agus Cheantar na Sionainne, i gcomparáid le 53% díobh siúd nach bhfuil faoi mhíchumas. Cé go mbíonn 51% de mhná agus 51% d’fhir ag siúl nó ag úsáid áis siúil cúig lá sa tseachtain ar a laghad, is ann do dhealú inscne fós ó thaobh rothaíochta de, ar dá réir a rothaíonn 23% d’fhir uair sa tseachtain ar a laghad, i gcomparáid le 8% de mhná.
Mar fhreagra ar cheist maidir le réitigh chun dul ag siúl nó ar áis siúil níos minice, luaigh cónaitheoirí Limistéar Cathrach Luimnigh agus Cheantar na Sionainne gur mian leo rochtain fheabhsaithe ar chosáin, lena n-áirítear colbhaí íslithe ag pointí trasnaithe, áiteanna níos deise scíthe feadh sráideanna, níos lú carranna páirceáilte ar chosáin agus pointí trasnaithe níos rialta ar gairide a n-amanna feithimh. Fuarthas amach sa tuarascáil go bhfuil trasrian coisithe tiomnaithe ar 92% de na bóithre a thagann le chéile ag acomhal soilse tráchta i Limistéar Cathrach Luimnigh agus Cheantar na Sionainne.
Mar fhreagra ar cheist maidir le réitigh chun dul ag rothaíocht níos minice, luaigh formhór na gcónaitheoirí gur mian leo feabhsuithe bonneagair amhail raonta saor ó thrácht trí pháirceanna nó glasbhealaí, rotharbhealaí a bhfuil comharthaí orthu feadh sráideanna níos ciúine agus raonta rothar feadh bóithre atá scartha go fisiciúil ó thrácht agus coisithe. I Limistéar Luimnigh agus Cheantar na Sionainne anois, is ann do 15 km de chonairí saor ó thrácht atá ar shiúl ó bhóithre, 26 km de rotharbhealaí feadh bóithre atá scartha go fisiciúil ó thrácht agus coisithe araon agus 28 km de raonta rothar a bhfuil dromchla ar leith orthu lena ndealú ón gcosán.
Léiríodh sa suirbhé freisin go dtacaíonn tromlach mór de chónaitheoirí (69%) le tógáil tuilleadh raonta rothar a bheadh scartha go fisiciúil ó thrácht agus coisithe, fiú dá mba lú an spás le haghaidh trácht eile.
Aithníonn cónaitheoirí Luimnigh agus Cheantar na Sionainne a thábhachtaí agus atá comharsanachtaí inchónaithe freisin. Tacaíonn 77% de chónaitheoirí le cruthú comharsanachtaí ‘ar bheagán tráchta’, ina ndéanfaí laghdú mór ar thrácht na mótarfheithiclí a théann ‘trí’ ghrúpaí sráideanna a bhfuil príomhbhóithre timpeall orthu. Deir 86% go bhfuil siad ar son luasteorainneacha a laghdú, pointí trasnaithe a fheabhsú agus raonta rothar cosanta a thabhairt isteach i gcomharsanachtaí scoile. Deir 75% de chónaitheoirí go mbeadh sé úsáideach dá gcuirfí tuilleadh bealaí ar fáil do choisithe agus úsáideoirí áiseanna siúil idir eastáit tithíochta agus stadanna bus.
Ag labhairt faoin Innéacs Siúil agus Rothaíochta, dúirt John Moran, Méara Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh:
“Mar Mhéara Luimnigh, is cúis ríméid dom an dara heagrán d’Innéacs Siúil agus Rothaíochta Limistéar Cathrach Luimnigh agus Cheantar na Sionainne a chur i láthair. Tá an tuarascáil seo mar léiriú ar an ról leanúnach atá ag an taisteal gníomhach chun sláinte, inbhuanaitheacht agus nascacht níos mó a chothú i Luimneach agus fud fad réigiún an Iarthair Láir. Tá turais laethúla ár gcoisithe agus ar n-úsáideoirí áiseanna siúil cothrom le seacht dturas timpeall an domhain, agus is leor turais laethúla ár rothaithe chun dul timpeall air uair amháin.
Le tacaíocht leanúnach ón rialtas, leanfaimid dár n-infheistíocht sa bhonneagar agus sna tionscnaimh a fhágann é gurb iad siúl na gcos, áiseanna siúil agus rothair an rogha is soiléire i gcomhair gnáth-thuras.”
Dúirt an Clr Paul Murphy, Cathaoirleach Chomhairle Contae an Chláir:
“Mar Cathaoirleach Chomhairle Contae an Chláir, tá áthas orm fáiltiú roimh an dara heagrán d’Innéacs Siúil agus Rothaíochta Limistéar Cathrach Luimnigh agus Cheantar na Sionainne. Sa tuarascáil sin, tá an léargas is déanaí le fáil ar thuairimí chónaitheoirí Limistéar Cathrach na Sionainne maidir le modhanna éagsúla taistil, mar atá, siúl na gcos, áiseanna siúil agus rothaíocht. Is luachmhar torthaí an tsuirbhé sin chun tionchar a imirt ar an gcineál infheistíochta agus bonneagair is rogha le daoine, a gcuirfear le tarraingteacht agus inbhuanaitheacht an Limistéir Cathrach dá bharr.”
Dúirt Anne Shaw, POF an Údaráis Náisiúnta Iompair:
“Soláthraítear an tInnéacs Siúil agus Rothaíochta don ÚNI agus dár gcomhpháirtithe údaráis áitiúla léargais luachmhara ar conas a thaistealaíonn daoine inár gcúig Cheantar Uirbeach agus cad atá ag teastáil uathu chun siúl agus rothaíocht a dhéanamh níos sábháilte, níos éasca agus níos mealltaí.
Tá sé thar a bheith spreagúil leibhéil tacaíochta chomh láidir seo do níos mó infheistíochta i siúl agus rothaíocht. Úsáidfidh muid na sonraí seo lenár n-obair a threorú ag muid ag leanúint de bheith ag soláthar bonneagar siúil agus rothaíochta, bealaí níos sábháilte chun na scoile agus líonraí taistil gníomhaigh a nascann tithe daoine lena n-obair, scoil agus conláistí áitiúla.”
Is féidir rochtain a fháil ar Innéacs Siúil agus Rothaíochta Limistéar Cathrach Luimnigh agus Cheantar na Sionainne anseo ag Innéacs Siúil agus Rothaíochta Limistéar Cathrach Luimnigh agus Cheantar na Sionainne 2025 | Limerick Metropolitan Region Walking and Cycling Index- National Transport