Tá daoine cumasacha díograiseacha á lorg againn chun bheith mar bhaill dár bhfoireann de ghairmithe tiomanta, agus iad ag cabhrú le todhchaí iompar poiblí na hÉireann a mhúnlú agus a fhíorú.
Is eagraíocht spleodrach shíorathraitheach atá ag dul i méid é an tÚdarás Náisiúnta Iompair. Táimid i mbun roinnt mórthionscadail iontacha a chur i bhfeidhm, a bhfuil clár BusConnects, MetroLink, DART+ agus seirbhísí nua iompair phoiblí ina measc in éineacht le teicneolaíocht a thacaíonn le Cártaí Leap, Eolas Fíor-ama do Phaisinéirí agus an t-athrú chuig íocaíochtaí gan airgead tirim in aghaidh seirbhísí.
Eagraíocht ionchuimsitheach lena mbaineann réimse leathan buntáistí d’fhostaithe, amhail beartais lena dtacaítear leis an bhfoireann maidir le cothromaíocht oibre is saoil, is ea an ÚNI. Táimid i mbun daoine atá cumasach, tiomanta agus díograiseach a earcú do na poist seo a leanas:
Is féidir leis na hiarrthóirí rathúla a bheith ag dúil le hobair atá dúshlánach ach tairbheach, mar aon le scoth na n-oiliúna agus na ndeiseanna forbartha.
Chun na leabhráin a íoslódáil, foirmeacha iarratais san áireamh, agus chun tuilleadh a fhoghlaim faoinár sochair fostaíochta, téigh go dtí ár suíomh gréasáin Gairmeacha – an tÚdarás Náisiúnta Iompair.
Dáta deiridh a nglacfar le hiarratais: 12pm Dé hAoine, 28 Samhain 2025.