Tá Nasc Áitiúil TFI Dún na nGall Sligeach Liatroim ag cur feabhas ar sheirbhísí bus idir Cluainín agus Cora Droma Rúisc ón 28 Nollaig.
Tá an feabhsúchán seo mar chuid den Phlean Soghluaisteachta Tuaithe um Éire a Nascadh ar mórthionscnamh náisiúnta iompair phoiblí é arna fhorbairt agus arna mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) mar chuid de Líonra Iompar d’Éirinn (TFI).
Anois, cuirfidh Bealach 567 aon seirbhís fhillte laethúil déag ar fáil idir Cora Droma Rúisc agus Droim Seanbhó, agus rachaidh ceithre sheirbhís fhillte laethúil acu sin chomh fada le Cluainín. Beidh seirbhísí nua sa tráthnóna agus déanach san oíche ar an mbealach freisin idir Cora Droma Rúisc agus Droim Seanbhó gach Aoine agus Satharn. Anuas ar sin, cuirfear stad eile leis ag Páirc Ghnó Dhroim Seanbhó.
Leanfaidh an tseirbhís ar aghaidh ag cur ceangal ar fáil le haghaidh seirbhísí réigiúnacha bus agus iarnróid chomh maith le sráidbhailte agus ceantair ar nós Droim Dhá Thiar, Droim Caorthainn, An Airgnigh agus Sráidbhaile Liatroma.
Agus í ag labhairt roimh an seoladh, dúirt Bainisteoir Ginearálta Nasc Áitiúil TFI Dún na nGall Sligeach Liatroim, Fiona O’Shea: “Tá áthas orainn feabhsú bhealach 567 a fhógairt. Ceanglóidh an tseirbhís fheabhsaithe seo bailte le haghaidh riachtanas oibre, oideachais agus sóisialta le seirbhísí iomadúla gach lá.”
Tuilleadh
Chun eolas a fháil ar shlite nó ar chláir ama, téigh go dtí www.locallinkdsl.ie
Chun tuilleadh a fhoghlaim faoi faoin bPlean Soghluaisteachta Tuaithe cúig bliana um Éire a Nascadh, téigh go dtí: www.nationaltransport.ie/connecting-ireland/