Tá feabhsaithe á dtreorú ag an ÚNI ar an taobh thoir gar do Bhaile Dúill chun sábháilteacht, rochtain agus eispéireas níos fearr a thabhairt do dhaoine maidir leis an stáisiún
Tar éis don Ghníomhaireacht Forbartha Talún (GFT) talamh a fháil le déanaí, tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) i gceannas ar thionscadal chun inrochtaineacht agus sábháilteacht Stáisiún Dart Chluain Ghrífín a fheabhsú. Mar chuid de na feabhsaithe, cuirfear ardaitheoir nua ar thaobh thoir an stáisiúin in aice le Baile Dúill in áit an ardaitheora atá ann cheana féin, chomh maith le feabhsaithe ar an áit atá thart timpeall air.
Beidh an t-ardaitheoir ar an taobh thoir in aice le Baile Dúill as seirbhís ón 2 Deireadh Fómhair 2025 agus meastar go mbeidh sé ar ais i seirbhís ar an 15 Nollaig 2025. Le linn an ama seo, fanfaidh na staighrí ar oscailt le gur féidir feidhm a bhaint astu.
Tuigimid go bhféadfadh sé seo a bheith ina chúis le míchaoithiúlacht agus gabhaimid buíochas leat as a bheith foighneach linn agus muid ag obair chun eispéireas stáisiúin atá níos sábháilte agus níos iontaofa a sholáthar.
Tá na huasghrádaithe seo riachtanach chun: