Beartas Príobháideachais TFI Anseo

Eisíonn Údarás Náisiúnta Iompair Theach Haymarket, Cearnóg Mhargadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7 D07 CF98 (“ÚNI”, “muid”, “sinn”, “ár”) an Beartas Príobháideachais sin. Is córas iompair phoiblí pobalbhunaithe ar fud na tíre i gceantair thuaithe na hÉireann é an Clár Iompair Tuaithe (an “RTP”) ina bhfuil meascán de sheirbhísí iompair phoiblí sceidealaithe chomh maith le seirbhísí ó dhoras go doras (“Seirbhísí Nasc Áitiúil TFI”). Is aip agus suíomh gréasáin é “TFI Anseo”, arna thiomáint ag Via Technologies Europe B.V, a chuireann ar chumas Seirbhísí Nasc Áitiúil TFI a chur in áirithe roimh ré nó ar éileamh.

Is é cuspóir an bheartais seo tú a chur ar an eolas faoi na sonraí a bhaineann leat a fhéadfaimid a bhailiú agus a úsáid i ndáil leis an RTP agus soláthar Seirbhísí Nasc Áitiúil TFI agus na húsáidí (lena n-áirítear nochtadh na faisnéise do thríú páirtithe) a fhéadfaimid a dhéanamh de na sonraí sin. Má tá aon cheist agat faoinár n-úsáid de do shonraí pearsanta, déan teagmháil linn ag an suíomh thuas nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Cosanta Sonraí ag
privacy@nationaltransport.ie.

 

Sonraí Pearsanta a Bhailímid agus a Phróiseálaimid

Baileoimid agus próiseálfaimid sonraí pearsanta a bhaineann leat i ndáil leis an RTP agus lenár gcaidreamh leat. I measc na sonraí pearsanta seo, tá:

  • d’ainm agus do shonraí teagmhála, lena n-áirítear do sheoladh baile, d’uimhir ghutháin agus do sheoladh ríomhphoist;
  • sonraí a bhaineann le sláinte, a mhéid atá sé seo ábhartha maidir le soláthar Seirbhísí Nasc Áitiúil TFI;
  • sonraí do chárta creidmheasa/dochair, i gcás ina ndéanann tú íocaíochtaí le cárta creidmheasa/dochair nó sonraí do chuntais bhainc má iarrann tú aisíocaíocht;
  • sonraí faoi do shuíomh, do nasc móibíleach agus do ghléas soghluaiste sa mhéid go bhfuil an méid sin ábhartha maidir le soláthar Seirbhísí Nasc Áitiúil TFI, lena n-áirítear fógraí oibríochtúla agus feidhmiúla riachtanacha a sheoladh chugat
  • aon sonraí pearsanta eile a bhaineann leat a sholáthraíonn tú dúinn nó a ghinimid fút i ndáil leis an RTP nó le d’úsáid de Sheirbhísí Nasc Áitiúil TFI.

 

Cúiseanna na hÚsáide agus Bunús Dlí

Úsáidfimid do shonraí pearsanta chun na gcríoch seo a leanas:

  • d’úsáid seirbhísí iompair tuaithe agus Seirbhísí Nasc Áitiúil TFI a éascú, go háirithe i gcás ina mbaineann seirbhísí ó dhoras go doras agus seirbhísí ar éileamh leo seo
  • faisnéis agus nuashonruithe a chur ar fáil duit maidir le RTP agus Seirbhísí Nasc Áitiúil TFI;
  • ag cur ar do chumas thú Seirbhísí Nasc Áitiúil TFI a réamhordú, nó a ordú ar éileamh;
  • ag cur ar do chumas íoc as Seirbhísí Nasc Áitiúil TFI le cárta, más féidir
  • tacaíocht do chustaiméirí a chur ar fáil duit;
  • taighde a dhéanamh agus suirbhéanna ar shásamh custaiméirí;
  • staitisticí a ghiniúint maidir le húsáid RTP agus Sheirbhísí Nasc Áitiúil TFI, agus anailís a dhéanamh orthu. I gcás inar féidir, déanfar sonraí pearsanta a anaithnidiú sula n-úsáidfear iad chun na críche seo;
  • cosaint, imscrúdú agus aimsiú calaoise;
  • bunú, cur i gcrích nó cosaint éilimh dhlíthiúla;
  • ár bhfeidhmeanna mar údarás poiblí a chur i gcrích agus cloígh lenár ndualgais dlíthiúla.

 

Is iad seo a leanas na bunúis dlíthiúla a ndéantar do shonraí pearsanta a phróiseáil orthu:

  • go bhfuil sé riachtanach d’fheidhmíocht tascanna a dhéanaimid do leas an phobail, nó leas poiblí substaintiúil, nó i gcur i bhfeidhm údarás oifigiúil a dhílsíonn an dlí ionainn, agus go bhfuil sé seo riachtanach chun oibleagáid dhlíthiúil a bhaineann linn a chomhlíonadh.
  • Áirítear leis seo ailt 11.1, 11.2, 48.1 agus 73.1 d’Acht Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath 2008, arna leasú, agus ailt 38.1, 49(b) d’Acht um Chosaint Sonraí 2018, arna leasú, ach níl sé teoranta dóibh.
  • i gcúinsí teoranta, gur thug tú do chead le haghaidh próiseála.

 

Faighteoirí Sonraí

Seans go nochtfaimid do shonraí pearsanta d’eagraíochtaí eile maidir leis na cúiseanna thuas, lena n-áirítear:

  • Via Technologies Europe B.V, an tríú páirtí a fhostaímid chun seirbhísí TFI Anseo agus córais ghaolmhara a sholáthar
  • d’oibreoirí seirbhísí iompair phoiblí, a úsáideann TFI Anseo chun seirbhísí bus a sholáthar
  • chuig na hAonaid Chomhordaithe Iompair, ar a dtugtar Oifigí Nasc Áitiúla TFI, na tríú páirtithe a fhostaímid chun oibríochtaí iompair tuaithe a bhainistiú ar fud an Stáit ina bhfuil siad páirteach i TFI Anseo
  • do thríú páirtithe a fhostaímid chun seirbhísí a sholáthar dúinn i ndáil le RTP agus leis na Seirbhísí Nasc Áitiúil TFI amhail comhairleoirí gairmiúla agus iniúchóirí;
  • d’údaráis agus do chomhlachtaí poiblí eile má tá ceangal dlí nó cead ón dlí orainn, amhail na Gardaí nó gníomhaireachtaí an dlí ar mhaithe le cosc, imscrúdú nó aimsiú coire.

Tacaíonn na heagraíochtaí seo a leanas le TFI Anseo a sholáthar:

Eagraíocht Ról Cuspóir
Via Technologies Europe B.V Próiseálaí do ÚNI Bogearraí TFI Anseo a sholáthar mar sheirbhís
Aiven Próiseálaí (príomhfheidhm) chuig Via Technologies Europe B.V. agus fophróiseálaí chuig ÚNI Seirbhísí bunachar sonraí caidrimh
Amazon Web Services Próiseálaí (príomhfheidhm) chuig Via Technologies Europe B.V. agus fophróiseálaí chuig ÚNI Néalfhreastalaithe agus bunachar sonraí
AWS Cognito Próiseálaí (príomhfheidhm) chuig Via Technologies Europe B.V. agus fophróiseálaí chuig ÚNI Seirbhísí logáil isteach le haghaidh gníomhairí agus oibreoirí
Google Cloud Platform Próiseálaí (príomhfheidhm) chuig Via Technologies Europe B.V. agus fophróiseálaí chuig ÚNI Néalfhreastalaithe agus bunachair shonraí, Cloud freastalaithe agus bunachair shonraí, táirge Via backend
RedisLabs Próiseálaí (príomhfheidhm) chuig Via Technologies Europe B.V. agus fophróiseálaí chuig ÚNI Bunachar sonraí oibríochtúil
Snowflake Próiseálaí (príomhfheidhm) chuig Via Technologies Europe B.V. agus fophróiseálaí chuig ÚNI Ollstóráil Sonraí
Appsflyer Próiseálaí (feidhm thánaisteach) chuig Via Technologies Europe B.V. agus fophróiseálaí chuig ÚNI Tomhas agus leithdháileadh íoslódála aipeanna
Coralogix Próiseálaí (feidhm thánaisteach) chuig Via Technologies Europe B.V. agus fophróiseálaí chuig ÚNI Fiosrúchán agus stóráil logaí
Google Analytics Crashlytics Próiseálaí (feidhm thánaisteach) chuig Via Technologies Europe B.V. agus fophróiseálaí chuig ÚNI Logaí maidir le cliseadh aipeanna
LeanPlum Próiseálaí (feidhm thánaisteach) chuig Via Technologies Europe B.V. agus fophróiseálaí chuig ÚNI Fógraí oibríochtúla agus feidhmiúla riachtanacha, lena n-áirítear nuashonruithe seirbhíse
Mailchimp Mandrill le Mailchimp Próiseálaí (feidhm thánaisteach) chuig Via Technologies Europe B.V. agus fophróiseálaí chuig ÚNI Ríomhphoist a bhainistiú agus a sheoladh
MParticle+ Próiseálaí (feidhm thánaisteach) chuig Via Technologies Europe B.V. agus fophróiseálaí chuig ÚNI Bailiú sonraí feidhmchláir
Cloudflare Próiseálaí (feidhm thánaisteach) chuig Via Technologies Europe B.V. agus fophróiseálaí chuig ÚNI Slándáil TF néalbhunaithe
Twilio Próiseálaí (feidhm thánaisteach) chuig Via Technologies Europe B.V. agus fophróiseálaí chuig ÚNI Téacsteachtaireachtaí agus/nó glaonna a sheoladh agus a fháil
Zendesk Próiseálaí (feidhm thánaisteach) chuig Via Technologies Europe B.V. agus fophróiseálaí chuig ÚNI Seirbhís do chustaiméirí
Stripe Próiseálaí (feidhm íocaíochta) chuig Via Technologies Europe B.V. agus fophróiseálaí chuig ÚNI

NB: Is Rialaitheoir Sonraí ar Leith é Stripe freisin – féach Beartas Príobháideachais Stripe.

Soláthraí seirbhíse íocaíochta
Via Transportation Technologies Ltd Próiseálaí (eintitis ghrúpa agus tacaíocht chomhpháirtithe) do Via Technologies Europe B.V. agus fophróiseálaí do ÚNI Cúnamh teicniúil agus cothabháil
Via Transportation Inc Próiseálaí (eintitis ghrúpa agus tacaíocht chomhpháirtithe) do Via Technologies Europe B.V. agus fophróiseálaí do ÚNI Cúnamh teicniúil agus cothabháil
Via Engineering Bulgaria EOOD Próiseálaí (eintitis ghrúpa agus tacaíocht chomhpháirtithe) do Via Technologies Europe B.V. agus fophróiseálaí do ÚNI Cúnamh teicniúil agus cothabháil
Via Transportation UK Ltd Próiseálaí (eintitis ghrúpa agus tacaíocht chomhpháirtithe) do Via Technologies Europe B.V. agus fophróiseálaí do ÚNI Cúnamh teicniúil agus cothabháil
Via Mobility DE GmbH Próiseálaí (eintitis ghrúpa agus tacaíocht chomhpháirtithe) do Via Technologies Europe B.V. agus fophróiseálaí do ÚNI Cúnamh teicniúil agus cothabháil

 

Riachtanas Sonraí a Sholáthar

Níl oibleagáid reachtúil ná chonarthach ort aon sonraí pearsanta a sholáthar dúinn. Mar sin féin, tá roinnt sonraí eolais a theastaíonn uainn chun cuntas a chlárú leat ar ár gcórais áirithinte agus bainistíochta.

Mura gcuireann tú an fhaisnéis riachtanach ar fáil dúinn, ní bheimid in ann freastal ar do riachtanais áirithinte.

 

Coinneáil

Ní choinneoimid do shonraí pearsanta níos faide ná mar a theastaíonn. Coinneoimid do shonraí pearsanta fad is a theastaíonn sé uainn agus ar na cúiseanna a ndéantar cur síos orthu san Fhógra seo, nó le cloí lenár ndualgais faoin dlí infheidhmithe agus le déileáil le haon éileamh nó aighneas a d’fhéadfadh teacht aníos eadrainn araon, más ann dó.

Coinnímid na sonraí pearsanta a bhaineann le do Chuntas ar feadh ré iomlán an ama a bheidh tú ag úsáid ár seirbhísí agus nuair a scoirfidh tú de na seirbhísí a úsáid, déanfaimid na sonraí a anaithnidiú.

Scriosfar do stair taistil agus déanfar í a anaithnidiú tar éis 13 mhí ón turas.

Scriosfaimid cuntais atá neamhghníomhach tar éis 13 mhí neamhghníomhaíochta.

 

Aistrithe Thar Lear

I dtaca leis an méid thuas, d’fhéadfaimis do shonraí pearsanta a aistriú lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, lena n-áirítear chuig dlínse nach n-aithníonn an Coimisiún Eorpach mar dhlínse a sholáthraíonn leibhéal coibhéiseach cosanta do shonraí pearsanta mar a fhoráiltear san Aontas Eorpach. Má dhéanaimid amhlaidh agus a mhéid a dhéanaimid amhlaidh, cinnteoimid go mbeidh bearta iomchuí i bhfeidhm chun cloí lenár n-oibleagáidí faoin dlí is infheidhme lena rialaítear aistrithe den sórt sin. D’fhéadfadh go n-áireofaí orthu sin conradh a dhéanamh a rialaíonn an t-aistriú ina bhfuil na ‘clásail chaighdeánacha chonarthacha’ arna bhformheas chun na críche sin ag an gCoimisiún Eorpach. Más mian leat tuilleadh sonraí a fháil faoi na bearta atá déanta againn maidir leis seo, déan teagmháil linn ag privacy@nationaltransport.ie.

 

Do Chearta

Tá na cearta seo a leanas agat i gcúinsí ar leith agus faoi réir srianta ar leith maidir le do shonraí pearsanta:

  • an ceart rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta;
  • an ceart iarratas a dhéanamh do shonraí pearsanta a cheartú/scriosadh;
  • an ceart srian a chur le húsáid do shonraí pearsanta;
  • an ceart diúltú d’úsáid do shonraí phearsanta; agus
  • sa chás go mbraitheann ár bpróiseáil ar do shonraí pearsanta ar do chead a thabhairt, an ceart do chead ar phróiseáil a tharraingt siar ag am ar bith.

Más maith leat aon cheann de na cearta a rinneadh cur síos orthu thuas a fheidhmiú, déan teagmháil linn ag an seoladh thuas nó ag privacy@nationaltransport.ie.

 

Nuashonruithe

Seans go ndéanfaimid nuashonrú ar an mbeartas seo ó am go ham. Molaimid duit athbhreithniú a dhéanamh ar an mbeartas seo ó am go chéile don eolas is déanaí ar ár gcleachtais príobháideachais.

 

Gearáin

Mura bhfuil tú sásta leis an gcaoi a bhfuil do shonraí pearsanta á n-úsáid againn nó conas a dhéanaimid do chearta a éascú nó ár n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoin dlí infheidhme um chosaint sonraí, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir um Chosaint Sonraí trí cuairt a thabhairt ar https://www.dataprotection.ie/contact

Aip TFI Anseo