Beannachtaí na Féile Pádraig ort! Ba mhian linn in TFI Lá Fhéile Pádraig faoi mhaise a ghuí ar ár gcustaiméirí go léir. Cuimhnigh ar na sonraí seirbhíse a sheiceáil roimh do thuras toisc go bhféadfadh roinnt malairtí slí nó athruithe cláir ama a bheith i bhfeidhm.
Téigh chuig suíomh gréasáin d’oibritheora le haghaidh tuilleadh eolais.
Más ag taisteal trí Chathair Bhaile Átha Cliath atá tú, beidh roinnt bóithre dúnta don pharáid.
Beidh roinnt malairtí slí i bhfeidhm um Lá Fhéile Pádraig 2026. Cliceáil na naisc thíos le haghaidh tuilleadh eolais faoi na malairtí slí.
Seirbhís Nitelink
Beidh seirbhís Nitelink ar fáil Aoine an 13, Satharn an 14 agus Máirt an 17 Márta 2026.
Seirbhísí 24 uair
Beidh seirbhísí 24 uair ar fáil seacht lá na seachtaine ar chúig bhealach déag.
Máirt an 17 Márta 2026 – Lá Fhéile Pádraig
Beidh seirbhís Domhnaigh ar fáil ar gach bealach ar Lá Fhéile Pádraig.
Malairtí slí
Malairtí slí le linn pharáid na Féile Pádraig i gCathair Bhaile Átha Cliath
Lá Fhéile Pádraig ar Lá Saoire Bainc Mháirt an 17 Márta
Cuirfear roinnt bealaí de chuid Go-Ahead Ireland ar mhalairt slí Máirt an 17 Márta. Féach na sonraí ar shuíomh gréasáin Go-Ahead Ireland.
Is de réir clár ama Domhnaigh a bheidh seirbhísí Bus Éireann ar fáil an 17 Márta. Beidh roinnt malairtí slí i bhfeidhm ar na seirbhísí sin freisin.