Bus

CCTV

Ar mhaithe le do shlándáil, compord agus sábháilteacht, tá córas CCTV ar gach bus de chuid Bus Éireann, Bus Átha Cliath agus busanna Go-Ahead Ireland ar fud Líonra Transport for Ireland (TFI).

Má fheiceann tú aon iompar frithshóisialta nó loitiméireacht ag tarlú ar fud an líonra TFI, is féidir leat é a thuairisciú trí ghlao a chur ar:

I ngach cás, cuideoidh sé má luaitear an dáta, an t-am, an bealach bus, cláruimhir an bhus, an áit agus an treo taistil.

Tram

Ar mhaithe le do shlándáil, compord agus sábháilteacht, tá córas CCTV ar thramanna agus ag stadanna ar fud an líonra Luas.

Má fheiceann tú aon iompar frithshóisialta nó loitiméireacht ag tarlú ar fud an líonra Luas, tá na tacaithe thíos i bhfeidhm.

  • Seirbhís Téacs an Luas
    • Chun iompar frithshóisialta a thuairisciú, seol an téacs “Luas” chuig 51444 le huimhir an tram, an áit a bhfuil tú agus ráiteas gearr mar gheall ar an eachtra.
  • Aip an Luas
    • Íoslódáil Aip an Luas atá saor in aisce ar mhargaí Apple App agus Google Play. Is féidir leat úsáid a bhaint as an bhfeidhm “Report” ón áit sin.
  • Seirbhís Teachtaireachtaí WhatsApp an Luas
    • Ar do WhatsApp, seol an teachtaireacht “Hi” chuig 087 055 5715 chun tús a chur leis an gcomhrá.
  • Idirchumanna Cabhracha
    • Ar an ardán: Is féidir leat an t-Idirchum Cabhrach Éigeandála atá lonnaithe ag an Meaisín Díola Ticéad a úsáid.
    • Ar bord: Is féidir leat an t-Idirchum Cabhrach Éigeandála ar an Tram atá lonnaithe in aice le doras an tram a úsáid.
  • Foireann
    • Is féidir teagmháil a dhéanamh leis na tiománaithe tríd an Idirchum Cabhrach Éigeandála in aice le doirse an tram a bhrú. Tabhair faoi deara go ngearrtar fíneálacha ar mhí-úsáid an idirchum chabhraigh. Tá Gníomhairí Slándála agus Custaiméara an Luas i láthair ar an Tram agus ag an Stad chun do shábháilteacht a chinntiú. Labhair le haon bhall den fhoireann i gcás eachtra.

Traein

Ar mhaithe le do shlándáil, compord agus sábháilteacht, tá córas CCTV ar fud líonra Iarnród Éireann.

Má fheiceann tú aon iompar frithshóisialta nó loitiméireacht ag tarlú ar fud an líonra Iarnród Éireann, tá na tacaithe thíos i bhfeidhm:

  • Seirbhís Téacs: Is seirbhís í an tSeirbhís Téacs a ligeann do chustaiméirí teagmhais iompair fhrithshóisialta ar bord DART nó ag stáisiún DART a thuairisciú go discréideach.
    • Cuir téacs leis an bhfocal “TRAIN” i dteannta do thuairisce den iompar frithshóisialta chuig 51444. Tá sé tábhachtach go mbaineann tú úsáid as an bhfocal ‘TRAIN’.
    • Cinntíonn úsáid an fhocail “TRAIN” go seoltar an téacs díreach chuig Iarnród Éireann.

Is é an t-oibreoir iompair an t-aon rialaitheoir sonraí atá i mbun feidhme ar shonraí pearsanta a bhaineann le CCTV ar a chuid seirbhísí. Má tá ceist ar bith agat maidir le próiseáil do chuid sonraí a bhaineann le CCTV, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis an oibreoir cuí.

I gcás eachtraí tromchúiseacha, cuir glao i gcónaí ar 999112.