Do Thicéid Bus Éireann Ar Líne a Úsáid
Do Thicéid a Thaispeáint
- Ní mór duit d’ordú ar líne a phriontáil nó é a thaispeáint ar do ghléas móibíleach.
- Taispeáin don tiománaí bus é, a eiseoidh ticéad páipéir duit mar mhalairt air.
Ticéid Fillte & 10 dTuras
- Má cheannaigh tú ticéad fillte nó ticéad seachtainiúil 10 dturas, ní mór duit an ticéad páipéir a d’eisigh an tiománaí a choinneáil le haghaidh taistil amach anseo.
Riachtanais Aitheantais
D’fhéadfaí a iarraidh ort aitheantas fótagrafach a thaispeáint agus tú ag bailiú do thicéad leictreonach. I measc na bhfoirmeacha inghlactha tá:
- Pas bailí
- Ceadúnas tiomána (ar a bhfuil grianghraf)
- Cárta Aitheantais Idirnáisiúnta do Mhic Léinn
- Cárta Aitheantas Fótagrafach CIÉ
- Cárta Aitheantais Náisiúnta
- Pas bus ar a bhfuil grianghraf
- Aitheantas oibre ar a bhfuil grianghraf
Coinníollacha Taistil
- Ní mór duit taisteal ar an dáta a roghnaíodh agus ón áit a roghnaíodh.
- Ní cheadaítear sosanna ar an turas, ach amháin ag pointí aistrithe ar an lá céanna.
- Níl na ticéid inaistrithe agus ní féidir iad a leasú.
- Ní féidir ticéid caillte ná goidte a athsholáthar.
- Níl ticéadú ar líne ar fáil do gach ceann scríbe go fóill.