Le seirbhísí bus Nasc Áitiúil TFI, nasctar pobail ar fud na tuaithe in Éirinn mar chuid de Líonra Iompair Phoiblí TFI. Le 4 bliana anuas, tá ár Obair Thar Barr tar éis aird a tharraingt ar an tionchar atá ag tiománaithe agus foireann Nasc Áitiúil TFI ar na pobail ina n-oibríonn siad – ní haon eisceacht í an bhliain seo.
I mbliana, inár sraith #Above&Beyond, ceiliúraimid 5 thiománaí a oibríonn réimse seirbhísí bus ar fud líonra Nasc Áitiúil TFI agus a léiríonn gur mó ná seirbhís iompair amháin iad seirbhísí Nasc Áitiúil TFI.
Nua do 2025: Nasc Áitiúil TFI – Obair Thar Barr 2025 – Transport for Ireland
Pat Fitzgerald, Nasc Áitiúil TFI Chorcaí
Déanaimid ceiliúradh ar Pat Fitzgerald, a oibríonn seirbhís doras go doras de chuid Nasc Áitiúil TFI Chorcaí i gCloich na Coillte.
Is iomaí scéal a d’fhéadfadh paisinéirí a thabhairt faoi Pat ag obair thar a dhualgas mar thiománaí bus gach lá. Bíonn Pádraig i gcónaí cairdiúil, sásta lámh chúnta a thabhairt do dhuine agus an iarracht bhreise a dhéanamh chun cabhrú ar aon bhealach is féidir leis. Bíonn sé foighneach, cairdiúil, cineálta, measúil, béasach agus i ndea-ghiúmar i gcónaí.
Dúirt paisinéir amháin: “Cinntíonn Pat i gcónaí go bhfuilimid compordach, go bhfuil meas orainn, go bhfuilimid sábháilte agus sásta. Taispeánann sé dínit agus meas do na daoine a dtacaímid leo i gcónaí, trí iad a chur chun tosaigh.”
Liam Ryan, Nasc Áitiúil TFI Laoise Uíbh Fhailí
Déanaimid ceiliúradh ar Liam Ryan, a thiomáineann seirbhís doras go doras de chuid Nasc Áitiúil TFI Laoise Uíbh Fhailí ó Chluain Mín go Ráth Domhnaigh trí Eiréil.
Dúirt paisinéir amháin “Déanann Liam a dhícheall i gcónaí ar son paisinéirí, bíodh sé ag oscailt doras an bhus, ag iompar siopadóireachta go dtí an doras nó díreach ag déanamh miongháire agus muid ag dul ar an mbus agus ag tuirlingt de. Is iad na comharthaí cairdiúlachta seo a théann i bhfeidhm go mór orainne, na paisinéirí, ionas go mbraithimid ar ár suaimhneas lenár dtiománaithe, agus seasann sé amach domsa mar chomhartha tuisceanach ag tiománaí nach gá dó dul thar a dhualgas, ach a dhéanann amhlaidh go toilteanach.”
Jane Hook, Nasc Áitiúil TFI Luimnigh an Chláir
Déanaimid ceiliúradh ar Jane Hook, a thiomáineann Nasc Áitiúil TFI Luimnigh an Chláir Bealach L28.
Tá cur síos déanta ag paisinéir ar Jane mar dhuine “iontaofa agus a chruthaíonn timpeallacht shábháilte do phaisinéirí ar bord”. Dúirt an paisinéir linn freisin a bhfuil lagú radhairc uirthi, “gur maith léi úsáid a bhaint as an tseirbhís mar tá a fhios aici go bhfuil na tiománaithe an-aireach orainn” toisc go mbíonn Jane ag cabhrú léi dul ar an mbus agus tuirlingt ei, chomh maith lena treorú chuig a suíochán.
James Milea, Nasc Áitiúil TFI Phort Láirge
Déanaimid ceiliúradh ar James Milea, a thiomáineann seirbhís doras go doras de chuid Nasc Áitiúil TFI Phort Láirge ó Chnoc Mheilearaí, Ceapach Choinn, go Dún Garbhán.
Dúirt paisinéir amháin gur “fear an-lách agus cineálta é James. Tugann sé chuig an ospidéal mé nuair a bhíonn coinní agam. Bhínn ag iompar mo chuid siopadóireachta suas an cnoc, ach ós rud é nach féidir liom anois, is iontach an tseirbhís a bheith agam mar tugann an tiománaí mé féin agus mo chuid siopadóireachta chuig mo dhoras tosaigh. Is mór agam an tseirbhís a bheith agam agus bheinn caillte gan í. Tá James an-iontaofa, agus bainim an-taitneamh as an turas bus ina mbím in ann bualadh le daoine eile.”
Pat Liston, Nasc Áitiúil TFI Luimnigh an Chláir
Déanaimid ceiliúradh ar Pat Liston, a thiomáineann Nasc Áitiúil TFI Luimnigh an Chláir Bealach 521.
Dúirt Joan, paisinéir ar Nasc Áitiúil TFI, gur “duine iontach agus cineálta é Pat a dhéanann na turais níos éasca, níos taitneamhaí agus níos spraíúla”. Bíonn Joan agus a cairde i gcónaí ag tnúth lena dturais ar Bhealach 521, a bhuíochas leis na tiománaithe. Tá lagú radhairc ar Joan, agus dúirt sí linn go ndéanann Pat cinnte i gcónaí í a bhailiú agus a scaoileadh amach go sábháilte agus go dtugann sé comhairle di ar a cuid turas, agus taispeánann sé cúram agus cineáltais iontach gach lá. “Caitheann Pat le gach duine ar bord – óg, aosta agus idir eatarthu- ar an mbealach céanna. Tá aitheantas tuillte ag na tiománaithe go léir as seo. Bheimis caillte gan iad go léir.”
Tuilleadh Eolais
Tabhair cuairt ar leathanach Nasc Áitiúil TFI le haghaidh tuilleadh sonraí faoin tseirbhís bus.