D’Aip chun Turas a Phleanáil

Leagfaimid amach do thuras ó dhoras go doras duit!

Le hAip TFI Live, cabhraítear leat taisteal ar bhealach níos cliste trí eolas fíor-ama agus gnéithe atá éasca le húsáid.

Príomhghnéithe
  • Imeachtaí fíor-ama le haghaidh seirbhísí Bus Éireann, Bus Átha Cliath, Go-Ahead Ireland, Luas agus Iarnród Éireann.
  • Amchláir
  • Léarscáileanna idirghníomhacha
  • Eolas ar Rochtain
  • Pearsantú: Sábháil na turais, stadanna, agus amchláir is ansa leat

 


Íoslódálacha

+ 1.5 milliún 


Úsáideoirí laethúla

400,000


Amchláir & Bealaí

+ 1600


 

Físeáin & Treoracha ar Conas is féidir:

Chun breathnú ar an bhfíseán teagaisc iomlán maidir le TFI Live, cliceáil anseo.

Cuardaigh sonraí maidir le do thuras trí do phointe imeachta agus do cheann scríbe a chur isteach sa táb cuardaigh nó tríd an léarscáil a úsáid. Feicfidh tú rogha éagsúla iompair a bheith le feiceáil le haghaidh do thuras ar féidir leat a scagadh trí iniúchadh a dhéanamh ar roghanna modhanna iompair (bus, traein, tram, rothaíocht, nó siúl) agus roghanna ama (imigh anois, imigh i ndiaidh, nó teacht roimh).

Roghnaigh an táb Amchláir agus cuir do stopuimhir/bealach/suíomh bus isteach sa táb Cuardaigh atá léirithe mar ghloine formhéadúcháin. Nuair a aimsíonn tú an t-amchlár atá uait, roghnaigh an deilbhín chun tuilleadh eolais a fháil. Is féidir na deilbhíní saighead ag bun an scáileáin a úsáid chun breathnú ar amchláir seachas an ceann is reatha. Is féidir an táb cuardaigh a úsáid tríd an deilbhín féilire nó clog a roghnú chomh maith, chun breathnú ar na dátaí agus amanna éagsúil.

Aimsigh do stad/d’amchlár/do thuras is fearr leat tríd chuardach a dhéanamh ar na táib thurais, imeachta agus amchláir. Nuair a aimsíonn tú an stad, an t-amchlár nó an turas atá uait, roghnaigh an rogha agus roghnaigh an deilbhín réalta ag barr ar dheis leis an gceanán a shábháil. Is féidir breathnú ar an stad/an t-amchlár/an turas seo i do tháb ceanáin anois.

Nuair a dhéanann tú cliceáil ar an deilbhín réalta le do thuras is fearr a shábháil is féidir leat dul chuig an táb ceanáin ag bun ar chlé an scáileáin chun breathnú ar do liosta iomlán de stadanna, amchláir agus turais sábháilte. Is féidir leat an méid atá sábháilte agat a athordaigh nó a scriosadh ón táb ceanáin.

 

Ceisteanna Coitianta

  • Féach ar eolas fíor-ama imeachta maidir le seirbhísí Bus Éireann, Bus Átha Cliath, Go-Ahead Ireland, Luas, agus Iarnród Éireann.
  • Pleanáil do thuras trí do thúsphointe agus do cheann scríbe a roghnú chun an bealach is fearr a aimsiú do do thuras i measc na n-oibritheoirí iompair ceadúnaithe go léir.
  • Bain úsáid as an uirlis chuardaigh chun amchláir agus léarscáileanna atá sonrach don bhealach a aimsiú.
  • Déan na turais, na himeachtaí agus na hamchláir is fearr leat a shábháil, le haghaidh rochtain thapa.
  1. Téigh go dtí an táb Imeachtaí.
  2. Tapáil an deilbhín nascleanúna (os cionn an tsiombail móide) chun d’áit reatha a úsáid.
  3. Zúmáil isteach/amach trí chomhartha sciobtha nó na cnaipí + / – a úsáid.
  4. Taispeántar stadanna in aice láimhe mar dheilbhíní bus gorma agus bána ar an léarscáil.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ar info@nationaltransport.ie

 

Tógtar an Aip TFI Live ar ardán a tharchuireann fothaí sonraí ar bhealach níos iontaofa ná Aipeanna roimhe seo. Braitheann an App, áfach, ar fhaisnéis a eascraíonn as an iliomad córas agus próiseas gnó laistigh d’oibreoirí iompair. Táimid ag leanúint leis an obair chun na córais agus na próisis seo a fheabhsú, ach tá siad ar leithligh, den chuid is mó, ón Aip í féin.

Ní gá cuntas a chruthú chun gnéithe fíor-ama ná gnéithe pleanála taistil a rochtain.

Má chruthaigh tú cuntas agus más mian leat é a scriosadh:

  1. Oscail an rannán Próifíl san aip nó ar an suíomh gréasáin.
  2. Rochtain é tríd an bPríomh-Roghchlár (fón póca) nó deilbhín Próifíl Úsáideora (gréasán).
  3. Cliceáil Scrios Cuntas chun do chuntas a bhaint go buan.