Staid Pháirc an Chrócaigh – cluichí Gaelacha, ceolchoirmeacha agus spóirt eile
16/05/2026 - 01/05/2027
16/05/2026 - 01/05/2027
Páirc an Chrócaigh, Bóthar Mhic Sheoin, Droim Chonrach, Baile Átha Cliath 3
Tá Páirc an Chrócaigh suite i gceantar a bhfuil seirbhís mhaith iompair phoiblí ann – fágann na seirbhísí Tram, Bus, Iarnróid agus DART gar don ionad thú.
D’fhéadfadh ceantair in aice leis an ionad a bheith dúnta do thrácht / iompar poiblí ar lá an chluiche nó lá na ceolchoirme.
Eolas le haghaidh Lá an Chluiche / lá na ceolchoirme maidir leis na cluichí thíos a bheidh ar siúl i bPáirc an Chrócaigh.
Bain úsáid as an aip Pleanálaí Turais TFI / Aip TFI Live chun do bhealach chuig Páirc an Chrócaigh a phleanáil
| 16–17 Bealtaine | Cluiche Ceannais Peile Laighean |
| 23–24 Bealtaine | Corn Sam Mhic Uidhir Sam Maguire– Babhta 1 |
| 30–31 Bealtaine | Corn Sam Mhic Uidhir Sam Maguire– Babhta 1 |
| 30–31 Bealtaine | Craobh chomórtais Christy Ring, Nicky Rackard agus Lory Meagher |
| 6 Meitheamh (Satharn) | Cluiche Ceannais Iománaíochta Chúige Laighean agus Cluiche Ceannais Chorn Joe McDonagh |
| 13–14 Meitheamh | Corn Sam Mhic Uidhir – Babhta 2 A agus B |
| 20–21 Meitheamh | Corn Sam Mhic Uidhir – Babhta 3 |
| 20–21 Meitheamh | Leathcheannais Chorn Tailteann |
| 27 Meitheamh (Satharn) | Ceathrú Ceannais Chraobhchomórtas Peile Sinsear na hÉireann |
| 28 Meitheamh (Domhnach) | Ceathrú Ceannais Chraobhchomórtas Peile Sinsear na hÉireann |
| 4 Iúil (Satharn) | Leathcheannais Chraobhchomórtas Iománaíochta Sinsear na hÉireann (Ceathrú Ceannais Camógaíochta) |
| 5 Iúil (Domhnach) | Leathcheannais Chraobhchomórtas Iománaíochta Sinsear na hÉireann (Ceathrú Ceannais Camógaíochta) |
| 11 Iúil (Satharn) | Leathcheannais Chraobhchomórtas Peile Sinsear na hÉireann agus Cluiche Ceannais Chorn Tailteann |
| 12 Iúil (Domhnach) | Leathcheannais Chraobhchomórtas Peile Sinsear na hÉireann agus Cluiche Ceannais Peile Sóisir na hÉireann |
| 19 Iúil (Domhnach) | Cluiche Ceannais Chraobhchomórtas Iománaíochta Sinsear na hÉireann |
| 26 Iúil (Domhnach) | Cluiche Ceannais Chraobhchomórtas Peile Sinsear na hÉireann |
| 2 Lúnasa (Domhnach) | Cluichí Ceannais LGFA – Clár Trí Chluiche |
| 9 Lúnasa (Domhnach) | Cluichí Ceannais Camógaíochta – Clár Trí Chluiche |
| 22 Lúnasa (Satharn) | The Weeknd |
| 23 Lúnasa (Domhnach) | The Weeknd |
| 30 Lúnasa (Domhnach) | Bon Jovi |
| 5–6 Nollaig | Cluichí Ceannais Chlub Iománaíochta agus Peile Laighean |
| 12 Nollaig (Satharn) | Cluichí Ceannais Chlub LGFA |
| 13 Nollaig (Domhnach) | Cluichí Ceannais Chlub Camógaíochta |
Cuireann Bus Átha Cliath seirbhís ardmhinicíochta, inrochtana agus éasca le húsáid ar fáil ó gach cearn de Bhaile Átha Cliath. Tugann roinnt seirbhísí gar do Pháirc an Chrócaigh thú, agus tabharfaidh go leor seirbhísí eile go lár na cathrach thú, agus tá siúlóid 15 nóiméad ann ón áit sin go dtí an staid féin.
Bealaí Bus Átha Cliath a fhreastalaíonn ar Pháirc an Chrócaigh:
Faigh tuilleadh eolais ar Bhus Átha Cliath.
Bus Éireann
Oibreoirí Bus Tráchtála
Chun eolas a fháil faoi na seirbhísí sin, déan teagmháil leis an oibreoir go díreach.
Soláthraíonn Iarnród Éireann naisc iontacha le cathair Bhaile Átha Cliath ó gach cearn den tír, ag dul chuig stáisiúin Uí Chonghaile agus stáisiúin Heuston.
Bain úsáid as Pleanálaí Turais TFI / Aip TFI Live chun do bhealach a phleanáil ón stáisiún traenach
Tá roinnt carrchlós ar fáil i lár na cathrach.
Is féidir leat tacsaí a thógáil chuig Páirc an Chrócaigh.
Tógann tacsaí ó lár na cathrach idir 10 agus 19 nóiméad, ag brath ar an trácht.
Bain úsáid as an Meastóir Táillí Tacsaí chun do chostas a chinneadh.
Tá stáisiúin ag an Dublinbikes.iescéim roinnte gar do Pháirc an Chrócaigh, agus tá an ceann is gaire suite ar an gCuarbhóthar Thuaidh. Féach ar dublinbikes chun teacht ar na sonraí go léir.
Siúl: Níl ach siúlóid 15 nóiméad (1km) ó Pháirc Parnell, nó siúlóid 15-20 nóiméad ó stáisiún traenach/Luas Uí Chonghaile chuig Páirc an Chrócaigh.