Béasaíocht, Sábháilteacht agus Meas Foirne ar Iompar Poiblí

Meas Foirne Iompair Phoiblí

Tá sé mar aidhm ag feachtas ‘Meas Foirne’ ó Transport for Ireland custaiméirí a spreagadh chun meas a léiriú do thiománaithe iompair phoiblí, d’fhoireann agus do thiománaithe tacsaí a sholáthraíonn seirbhísí ríthábhachtacha dúinn go léir.

Ba mhaith linn aird a tharraingt ar an ról tábhachtach atá ag oibrithe iompair phoiblí chun seirbhísí iompair phoiblí in Éirinn a choinneáil ag rith go héifeachtach. Tar éis an tsaoil, cá mbeimis gan iad?

Tá an feachtas á thacú ag ÚNI i gcomhpháirtíocht leBus Átha Cliath, Bus Éireann, Iarnród Éireann, Nasc Áitiúil TFI, Luas agus Go-Ahead Ireland.

Tá ár mbuíochas tuillte ag foireann iompair phoiblí agus tá meas tuillte acu ó na comaitéirí go léir. Tá súil againn go mbeidh gach duine atá ag taisteal ar an eolas faoina gcúnamh agus go mbeidh siad béasach agus cineálta ar a dturas.

Béasaíocht ar an mBus, ar an Luas agus ar an Traein

Seo roinnt samplaí béasaíochta ar bhus, ar thram agus ar an traein a fhéadfaidh turas gach duine a dhéanamh beagáinín níos fearr. Is spás comhroinnte é bus (nó Luas /traein) agus, dá bhrí sin, is eispéireas comhroinnte é. Is féidir an turas laethúil sin a fheabhsú le gníomhartha beaga féinfheasachta uaitse agus ó dhaoine eile.

  • Suíocháin
    • Ná cuir do chosa ná do mhálaí ar na suíocháin le do thoil!
  • Cluasáin
    • Coinnigh na cluasáin sin plugáilte isteach!
  • Bí ag faire amach
    • Bí an-chúramach agus tú ag teacht den bhus nó ag fágáil stad tram/stáisiún traenach!
  • Fan Siar
    • Ná cuir isteach ar an tiománaí bus/tram/traenach!
  • Cuir do bhruscar sa bhosca bruscair
    • Bain úsáid as na boscaí bruscair atá ar fáil ag gach stad, le do thoil.
  • Tá cosc ar chaitheamh tobac agus ar vápáil
    • Tá cosc ar vápáil (toitíní leictreonacha lasta) agus ar chaitheamh tobac ar iompar poiblí.

Suíocháin

Ná cuir do chosa ná do mhálaí ar na suíocháin!

 

Ná cuir do chosa ná do mhálaí ar na suíocháin le do thoil!

Déanann do bhróga an chuid is mó den obair chos gach lá agus, mar sin, is féidir leo na suíocháin a shalú má chuirtear orthu iad. Féadann do mhála a bheith ar an suíochán spás a thógáil ón duine sin nach bhfuil uaidh ach suí síos tar éis lá fada.

Cluasáin

wear headphones play your part - Irish - Gaeilge - Caith cuasáín

 

Coinnigh na cluasáin sin plugáilte isteach!

Táimid cinnte go bhfuil cluas iontach don cheol agat, ach féadfaidh ceol ard cur isteach ar thurais paisinéirí eile agus baint den turas réidh sin atá uainn go léir.

Bí ag faire amach

aire bi ag faire Look out 480x480-02

Bí an-chúramach agus tú ag teacht den bhus nó ag fágáil stad tram/stáisiún traenach!

Coinnigh súil ghéar ar úsáideoirí bóithre eile. Tá sleamhnú ar chraiceann banana greannmhar, ach níl sé greannmhar tú féin a chur i mbaol agus tú ag teacht den bhus, ná agus tú ag fágáil stad Luas/stáisiún traenach. Ní féidir úsáideoirí bóithre a thuar, agus sin an fáth nach mbíonn a fhios agat riamh cad atá romhat ar an mbóthar, go háirithe nuair a bhíonn úsáideoirí bóithre eile i gceist. Mar sin, bí an-chúramach agus tú ag teacht den bhus/ag trasnú ó stadanna Luas/traenach!

Dul ar an tram agus teacht den tram (Luas)

Agus tú ag dul ar bord an tram, fan le do thoil go dtí go dtiocfaidh daoine den Luas ar dtús agus ansin téigh isteach air: beidh sé níos éasca agus beidh níos mó spáis agat.
Fan go dtí go mbeidh an tram imithe ón stad tram sula dtrasnaíonn tú na ráillí.
Trasnaigh ag na pointí trasnaithe ainmnithe agus féach i gcónaí sa dá threo le haghaidh tramanna atá ag druidim leis an stad. Féadfaidh fóin phóca agus cluasáin cur isteach ort.

Fan Siar

Fan Siar Stay Clear GA

Ná cuir isteach ar an tiománaí bus/tram/traenach!

Is daoine thar a bheith cairdiúil iad ár dtiománaithe bus, tram agus traenach go léir. Táim cinnte gur bhreá leo do lá a phlé, ach tá a n-aird ríthábhachtach do shábháilteacht gach duine. Taobh istigh agus taobh amuigh den bhus, den Luas nó den traein araon. Mar sin, coinnigh na comhráite duit féin.

Cuir do bhruscar sa bhosca bruscair

Ag stadanna: Bain úsáid as na boscaí bruscair atá ar fáil ag gach stad, nó tabhair do bhruscar abhaile leat le cur sa bhosca bruscair ansin.

Tá cosc ar chaitheamh tobac, lena n-áirítear toitíní leictreonacha lasta (vápáil), ar iompar poiblí

no e-scooters play your part - in Irish Gaeilge cosc ar váipáil

 

Traein: Tá cosc ar chaitheamh tobac ar gach traein agus i ngach oifig agus limistéar stáisiúin faoi dhíon. Déileálann Iarnród Éireann le gléasanna athsholáthair amhail toitíní leictreonacha ar an mbealach ceannann céanna le toitíní traidisiúnta agus ní féidir iad a úsáid ar bord traenacha, laistigh d’oifigí ná i limistéir stáisiúin faoi dhíon.

Luas: Coiscthe – Aon toitín, todóg nó píopa a chaitheamh, nó aon ábhar lasta a bheith i seilbh nó aon ghléas ionanálaithe nicitín nó toitín leictreonach a úsáid;

Bus: Tá cosc ar chaitheamh tobac, lena n-áirítear toirmeasc ar thoitíní leictreonacha agus ar ghaltoitíní.

Cosc ar scútair leictreacha ar Iompar Poiblí ar chúiseanna sábháilteachta

Cuireann oibritheoirí iompair phoiblí toirmeasc ar iompar scútar leictreach ar chúiseanna sábháilteachta agus chun cuidiú leis an mbaol dócháin ar bord busanna agus traenacha a chosc. Áirítear leis sin iad siúd is féidir a fhilleadh nó a iompar.

Cosc ar scútair leictreacha ar Iompar Poiblí ar chúiseanna sábháilteachta