Feachtas Tosaíochta do Chathaoireacha Rothaí 2025

Ba mhian le Transport for Ireland (TFI), i gcomhpháirtíocht le Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann (CCRE) agus Madraí Treorach do na Daill in Éirinn (MTDI), feasacht a mhúscailt dár bhFeachtas Tosaíochta do Chathaoireacha Rothaí.

Ba chóir go mbeadh iompar poiblí inrochtana do chách — do chuid mhaith úsáideoirí cathaoireach rothaí, áfach, is minic a bhíonn níos mó i gceist leis an inrochtaineacht sin ná díreach dul ar bord. Braitheann sé ar an spás agus ar an am a thabhairt dóibh taisteal go sábháilte.

Úsáideoirí cathaoireach rothaí le bordáil ar dtús

Má théann siad ar bord ar dtús, bíonn úsáideoirí cathaoireach rothaí in ann an spás sainithe do chathaoireacha rothaí a rochtain gan bhacainn ná moill.

Tá tosaíocht ag úsáideoirí cathaoireach rothaí an spás sainithe do chathaoireacha rothaí a úsáid

I gcomparáid le paisinéirí eile, níl an tsolúbthacht ag úsáideoirí cathaoireach rothaí seasamh ná bogadh chuig suíochán eile. Is é an spás sainithe do chathaoireacha rothaí an t-aon áit ar bhusanna gur féidir leo taisteal go sábháilte. Nuair a bhíonn an spás lán le bagáiste, bugaithe nó paisinéirí ina seasamh, féadfaidh sin bac a chur ar dhuine turas a dhéanamh.

Ar fhlít nua busanna TFI, tá spás chun bagáiste a stóráil, spás sainithe d’úsáideoirí cathaoireach rothaí agus spás sainithe do bhugaithe.

Tá roghanna ag an gcuid is mó de phaisinéirí. D’úsáideoirí cathaoireach rothaí, is é an spás sin an t-aon rogha atá acu. Mar sin, le do thoil:

  • Lig d’úsáideoirí cathaoireach rothaí bordáil ar dtús
  • Coinnigh an spás do chathaoireacha rothaí ar fáil dóibh siúd is mó a bhfuil gá acu leis
  • Déan spás nuair a iarrtar é — ní hamháin go bhfuil sé dea-bhéasach, ach tá sé riachtanach

Bímis ag obair le chéile chun iompar poiblí a dhéanamh oscailte do chách.

Tá an feachtas seo in onóir Micheál Hughes.