Ag íoc as an Luas le Cárta Leap TFI

Is é Cárta Leap TFI an bealach is fusa agus is éifeachtúla ó thaobh costas de chun íoc as do thuras Luas.

Bain úsáid as do Chárta Leap chun taisteal ar fud sheirbhísí iolracha i gCrios 1: TFI Chathair Bhaile Átha Cliath ar feadh suas le 90 nóiméad: Táille 90 Nóiméad TFI

Táillí Bhaile Átha Cliath

Táillí TFI Leap Duine Fásta Aosach Óg / Mac Léinn Páiste
Táille Gearr €1.50 €0.75 €0.65
Táille 90 Nóiméad TFI €2.00 €1.00 €0.65

Teorainneacha ar Tháillí

Agus do Chárta Leap TFI á úsáid agat ar mheascán d’aon cheann díobh seo a leanas:

  • Bus Átha Cliath
  • Go-Ahead Ireland
  • Luas
  • DART
  • Iarnród Comaitéireachta

laistigh de Chrios 1:TFI Chathair Bhaile Átha Cliath, cuirtear uasteorainn uathoibríoch ar do tháille.

Nuair a shroichfidh tú an uasteorainn laethúil nó sheachtainiúil, ní asbhainfear aon Chreidmheas Taistil breise don chuid eile den tréimhse sin. Cinntíonn sé seo go bhfaigheann tú an luach is fearr i gcónaí ar do thuras.

Uasteorainn Táille Leap

Crios 1: TFI Baile Átha Cliath Duine Fásta Aosach Óg (19-25) / Mac Léinn Páiste (5-18)
Teorainn Laethúil €6.00 €3.00 €1.95
Teorainn sheachtainúil (Luan-Domhnach) €24.00 €12.00 €7.80

Nuair a shroicheann tú an uasteorainn, ní bheidh aon táillí breise i bhfeidhm don chuid eile den lá nó den tseachtain ar sheirbhísí incháilithe.

Tapáil Isteach / Tapáil Amach don Luas

Chun a chinntiú go ngearrtar an táille cheart ort agus Fógra Táille Chaighdeánach €100 a sheachaint:

  • Tapáil isteach ar an mbailíochtóir ar an ardán sula dtéann tú ar bord
  • Tapáil amach nuair a fhágann tú an Luas

Roghanna Ticéid Eile

  • Ticéid Shingil agus Fhillte: Ar fáil ag meaisíní ticéad Luas
    www.luas.ie
  • Ticéid Choigilteora Cánach: Roghanna míosúla nó bliantúla ar fáil
    taxsavertickets.luas.ie
  • Saorthaisteal: Bailí ar na seirbhísí Luas uile
  • Leanaí faoi bhun 5 bliana d’aois: Saorthaisteal

 Tuilleadh eolais maidir le táillí Chárta Leap TFI ar leapcard.ie