Eolas faoin Scéim
Tá an Cárta Seirbhísí Poiblí Saorthaistil ar fáil faoin Scéim Saorthaistil agus tá sé á bhainistiú ag an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS). Ligeann sé do dhaoine incháilithe taisteal saor in aisce ar fhormhór na seirbhísí iompair phoiblí ar fud na hÉireann.
Is féidir tuilleadh sonraí faoin Scéim Saorthaistil a fháil ar a suíomh gréasáin.
Cá háit ar féidir leat é a úsáid
Glactar leis an gCárta Seirbhísí Poiblí Saorthaistil ar:
- Bus Éireann
- Bus Átha Cliath
- Go-Ahead Ireland
- Iarnród Éireann Irish Rail
- Luas
- Nasc Áitiúil TFI
- Seirbhísí Cathrach Chill Chainnigh (City Direct) agus
- Go leor oibritheoirí bus tráchtála
Féach ar an liosta iomlán d’oibritheoirí rannpháirteacha ar gov.ie.
Conas do Chárta Seirbhísí Poiblí Saorthaistil a Úsáid
- Ar Sheirbhísí Bus: Coinnigh do Chárta Seirbhísí Poiblí Saorthaistil ar an mbailíochtóir go dtí go gcloiseann tú bíp nó go bhfeiceann tú solas glas, agus tú ag dul ar bord.
- Ar Sheirbhísí Luas agus Traenach: Coinnigh do Chárta Seirbhísí Poiblí Saorthaistil ar an mbailíochtóir agus tú ag dul ar bord agus ag fágáil.
- Seiceáil Aitheantais: Ó am go ham, d’fhéadfadh foireann oibritheora iarraidh ort a fhíorú gur leatsa an cárta atá in úsáid agat. Gabhaimid buíochas leat as do chomhoibriú.
Eolas Teagmhála
Le haghaidh fiosruithe faoin Scéim Saorthaistil, déan teagmháil leis an Roinn Coimirce Sóisialaí:
- Ríomhphost: freetravelqueries@welfare.ie
- Fón: 071 915 7100
- Tuilleadh eolais faoin Scéim Saorthaistil