Íoc an táille cheart nó íoc fíneáil €100

Comhlíonadh Táillí

Ní mór ticéad bailí a bheith ag gach paisinéir dá dturas. Is cion coiriúil é seachaint táillí agus d’fhéadfadh sé seo a leanas a bheith mar thoradh air:

  • Táille chaighdeánach €100 (fíneáil phionóis)
  • Fíneáil suas le €1,000 agus láithriú cúirte

Déantar spotseiceálacha ar gach seirbhís iompair phoiblí TFI.

Cathain a Eisítear Fíneáil Phionóis?

Is féidir táille chaighdeánach €100 a eisiúint má dhéanann tú aon cheann na nithe seo a leanas:

  • Mura n-íocann tú an táille cheart do d’aois ná d’fhad an turais
  • Má úsáideann tú Cárta Leap TFI mícheart nó atá imithe in éag
  • Má úsáideann tú Cárta Leap pearsantaithe duine eile
  • Mura bhfuil tú in ann aitheantas bailí ar a bhfuil grianghraf a thaispeáint nuair is gá
  • Má úsáideann tú ticéad bréagach, athraithe nó damáistithe
  • Mura dtaispeánann tú do thicéad nuair a iarrtar ort
  • Má úsáideann tú Ticéad TFI Go nach bhfuil gníomhachtaithe, bailí nó i ndáta
Conas Fíneáil Phionóis a Íoc

Is féidir í a íoc:

  • Ar an láthair leis an gcigire
  • Ar líne trí shuíomh gréasáin an oibritheora
  • Go pearsanta, agus airgead tirim nó cárta creidmheasa á úsáid
  • Leis an bpost

Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin d’oibritheora iompair nó déan teagmháil le seirbhís do chustaiméirí.

Bus Eireann      Dublin Bus         Go Ahead Ireland

Luas logo    Irish Rail