D’fhógair an tAire Iompair Darragh O’Brien TD, an tAire Stáit Seán Canney TD agus an tAire Stáit Emer Higgins TD, mar aon leis an Údarás Náisiúnta Iompair, an chéad ghrúpa scoileanna eile a bhainfidh leas as an gclár Bealaí Sábháilte chun na Scoile (BSCS).
Cuirfear 105 scoil bhreise i ngach contae ar fud na tíre isteach i gclár BSCS anois chun tús a chur le timpeallachtaí níos sábháilte a sholáthar do pháistí agus iad ag siúl, ag úsáid rothaí nó ag rothaíocht chun na scoile. Áirítear leis na feabhsuithe seo gnéithe de chrios na scoile amhail mullaird a bhfuil cruth peann luaidhe orthu, marcanna bóthair ildaite, cosáin uasghrádaithe, agus trasrianta coisithe feabhsaithe. Dearadh na gnéithe sin chun trácht a mhoilliú agus siúl agus rothaíocht a dhéanamh níos sábháilte do dhaltaí. Tá sé mar aidhm ag an gclár feabhas a chur ar shábháilteacht agus ar shláinte an phobail, chomh maith le plódú gluaisteán a laghdú agus tacú le spriocanna aeráide ag an am céanna.
Ó seoladh in 2021 é, tá fás suntasach tagtha ar chlár BSCS, agus tá 526 scoil páirteach go gníomhach sa chlár anois agus tá timpeall €50 milliún infheistithe i dtionscadail go dtí seo ar fud na hÉireann. Tá dul chun cinn follasach déanta i ngach cathair agus contae sa tír, rud a thugann an rogha do níos mó teaghlach taisteal gníomhach a roghnú le haghaidh cuid den turas scoile ar a laghad.
Tá an clár BSCS maoinithe ag an Roinn Iompair tríd an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI). Tá an Fhoireann Oideachais agus Gníomhaíochta Pobail ag An Taisce ag comhordú an chláir.
Oibríonn an clár go dlúth le pobail scoile, tuismitheoirí agus údaráis áitiúla lena chinntiú go léiríonn na bearta atá beartaithe riachtanais áitiúla agus go bhfaigheann siad tacaíocht fhorleathan trí rannpháirtíocht phobail. Tá beagnach leath de na scoileanna rannpháirteacha tar éis céim ardleibhéil a bhaint amach, agus 227 tionscadal críochnaithe, á dtógáil nó sa chéim dearaidh deiridh tar éis comhairliúcháin phoiblí.
Áirítear le Babhta 4 scoileanna atá suite ar bhóithre tuaithe a bhfuil luas níos airde leo freisin. Bainfidh na 12 scoil sa chatagóir sin leas as bearta saincheaptha amhail comharthaíocht agus marcanna bóthair feiceálacha chun tiománaithe a chur ar a n-airdeall agus luasanna níos ísle a spreagadh. Leanann sin trialacha rathúla i nGaillimh, Ros Comáin agus Dún na nGall, inar taifeadadh laghduithe luais in aice leis na scoileanna páirteacha.
Dúirt an tAire Iompair, Darragh O’Brien: “Tá áthas orm a fheiceáil go bhfuil an Clár Bealaí Sábháilte chun na Scoile ag leanúint ar aghaidh ag dul chun cinn go gasta. Ní hamháin go neartaíonn an infheistíocht náisiúnta seo i mbonneagar siúil agus rothaíochta sábháilteacht ár ndaltaí, ach spreagann sí nósanna taistil inbhuanaithe ar feadh an tsaoil freisin. Tá na buntáistí—sláinte níos fearr, turais níos sábháilte, astaíochtaí níos ísle, agus plódú laghdaithe—le feiceáil cheana féin i scoileanna ar cuireadh feabhsuithe i gcrích iontu. Léiríonn an tuarascáil bhliantúil a sheolamar ní ba luaithe i mbliana an tionchar claochlaitheach atá aici:
Méadú 102% ar ‘pháirceáil agus siúil’; méadú 36% ar rothaíocht, méadú 6% ar shiúl agus laghdú 17% ar úsáid gluaisteán. Táim ag tnúth go mór le breathnú ar na 105 scoil eile a ndéanfaidh a mbealach tríd an gclár agus a bhfaighidh taithí ar na torthaí dearfacha sin.”
Dúirt an tAire Stáit Sean Canney: “Caithfidh an bealach a dtéimid timpeall ár mbailte agus ár gcathracha athrú, agus ní mór dúinn ár spleáchas ar úsáid gluaisteán príobháideach, go háirithe le haghaidh ár dturais ghearra, a laghdú. Ag croílár an chláir seo, is éard atá i gceist leis ná timpeallachtaí scoile a dhéanamh níos sábháilte trí luas tráchta a laghdú agus feabhas a chur ar an gcaoi a n-idirghníomhaíonn páistí leis an mbóthar. Is é an rogha réamhshocraithe ag go leor daoine ná taisteal chun na hoibre nó na scoile i ngluaisteáin, ach le soláthar bonneagair tríd an gClár Bealaí Sábháilte chun na Scoile, ba cheart go mbeadh siúl, úsáid rothaí agus rothaíocht ina roghanna inmharthana do mhórchuid den phobal scoile, agus tabharfaidh sé an rogha do dhaoine an gluaisteán a fhágáil sa bhaile. Tá an Rialtas tiomanta dár líonra bonneagair Taistil Ghníomhaigh agus Glasbhealaí a leathnú trí áiseanna siúil agus rothaíochta a sholáthar inár gcathracha, inár mbailte, inár sráidbhailte agus inár gceantair thuaithe. Léiríodh an tiomantas sin sa Bhuiséad le déanaí, agus €360 milliún leithdháilte le haghaidh taistil gníomhach agus glasbhealaí in 2026.”
Dúirt an tAire Higgins: “Tá an Rialtas tiomanta dár líonra bonneagair Taistil Ghníomhaigh agus Glasbhealaí a leathnú trí áiseanna siúil agus rothaíochta a sholáthar inár gcathracha, inár mbailte, inár sráidbhailte agus inár gceantair thuaithe. Léiríodh an tiomantas sin sa Bhuiséad le déanaí, agus €360 milliún leithdháilte ar mhaithe le taisteal gníomhach agus glasbhealaí in 2026. Cuirim fáilte roimh an bhfógra maidir leis an mBabhta is deireanaí de scoileanna a bheidh páirteach sa Chlár Bealaí Sábháilte chun na Scoile. Gabhann an Clár air féin, scoil speisialta amháin, ar a laghad, a áireamh le Babhtaí an Chláir amach anseo de réir na Straitéise Náisiúnta um Chearta an Duine do Dhaoine faoi Mhíchumas, a foilsíodh le déanaí. Spreagfar leis sin, iompar ionchuimsitheach, sábháilte agus inbhuanaithe le haghaidh daoine óga ar gach leibhéal cumais ar fud na tíre.”
Dúirt Anne Shaw, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ÚNI: “Sna scoileanna ina bhfuil bearta sábháilteachta curtha i bhfeidhm againn cheana féin, tuairiscítear méadú suntasach ar líon na bpáistí atá ag siúl nó ag rothaíocht chun na scoile. Leis an bhfógra go bhfuil 105 scoil eile ag glacadh páirte go gníomhach, táthar ag súil go bhfásfaidh an treocht sin. I gcás go leor daoine, leanfaidh nósanna taistil níos sláintiúla a bhunaítear ag aois níos óige ar aghaidh go dtí an aois fásta, agus tá áthas ar ÚNI tacú leis an tionscnamh seo agus é ag dul ó neart go neart.”
Físeán maidir le Saolré Bhealaí Sábháilte chun na Scoile