Ar smaoinigh tú riamh ar bhrí an ainm Gaeilge atá ar do cheann scríbe? Sa tsraith atá le teacht uainn ina mínítear logainmneacha Gaeilge, beidh tú in ann teacht ar na scéalta a bhaineann leis na háiteanna a bhfreastalaíonn do líonra Transport for Ireland orthu.
Is é Baile Átha Cliath ár gcéad stad, ainm a chiallaíonn “baile an átha a raibh cliatha leagtha air”. Tagraíonn an t-ainm do sheanáth ar an Life, áit ar chuidigh cliatha adhmaid fite le daoine an abhainn a thrasnú. I bhfad sula raibh busanna, traenacha ná tramanna ann, bhí an áit sin ina nasc idir daoine cheana féin.
Tá sé mar aidhm lenár bhfeachtas an ceangal sin a thabhairt chun beatha trí radharc ó stair Bhaile Átha Cliath a chur taobh le líonra TFI an lae inniu.

Nascann seirbhísí bus, traenach agus Luas de chuid TFI breis agus milliún duine gach lá i bpobail uirbeacha agus thuaithe ar fud na hÉireann. Leis an bhfeachtas seo, táimid ag ceiliúradh na Gaeilge agus a háite inár dturais laethúla freisin. Tá an Ghaeilge tábhachtach dúinn, agus ba mhaith linn brí na n-ainmneacha a fheiceann tú agus a chloiseann tú ar do bhealach a roinnt leat.
Tá sé beartaithe tuilleadh logainmneacha ar fud an líonra a fhiosrú mar chuid den fheachtas sa bhliain atá romhainn. Bí ag faire amach do na scéalta ag scáthláin bus, ar iompar poiblí agus ar ár gcainéil meán sóisialta.
An chéad uair eile a bheidh tú ag taisteal, caith súil eile ar do cheann scríbe. Tá scéal ina ainm.