Tá tuarascáil nua foilsithe inniu ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) ag breathnú ar na sochair a bhaineann leis an gClár Infheistíochta um Thaisteal Gníomhach lena a bhfuil an ÚNI agus údaráis áitiúla tar éis beagnach 1,000km de bhonneagar taistil ghníomhaigh (2021-2025), na céadta trasrianta coisithe agus uasghráduithe acomhail agus níos mó ná dosaen droichead coisithe agus rothaíochta a chur ar fáil ar fud na tíre.
Tugtar léiriú sa Tuarascáil ‘Na Sochair a bhaineann le hInfheistíocht um Thaisteal Gníomhach’, a ndearnadh a choimisiúnú ag Turley Planning Ireland agus a fuair tacaíocht ó ARUP, go dtéann beagnach gach infheistíocht i mBonneagar Taistil Ghníomhaigh chun sochair gheilleagar na hÉireann, ag tacú le forbairt gheilleagrach intíre agus cruthú fostaíochta. Idir 2021-2030, beidh suas le €2.9 billiún infheistithe chun bonneagar taistil ghníomhaigh a sheachadadh ag Clár Infheistíochta um Thaisteal Gníomhach an ÚNI, agus maoiniú á chur ar fáil ag an Roinn Iompair.
Bhíodar seo a leanas i measc phríomhthorthaí na Tuarascála:
Ceann de na príomhshochair a dtugtar suntas dóibh inniu ná an líon ollmhór post a bhfuil infheistíocht taistil ghníomhaigh ag tacú leo. Tá scéimeanna taistil ghníomhaigh á ndearadh, á bpleanáil agus á dtógáil fud fad na tíre, ag cuid mhaith comhlachtaí atá bunaithe in Éirinn (dearadh agus tógáil), agus tacaíocht á cur ar fáil acu do gheilleagair áitiúla. Rinneadh agallaimh agus suirbhéanna, mar chuid den tuarascáil seo, i measc comhlachtaí a bhí ag obair le bonneagar taistil ghníomhaigh a sheachadadh, agus thug na torthaí le fios nach raibh ach fíorbheagán de rátaí sceite ann. (Tabhair faoi deara: Tagraíonn an ráta sceite den sciar den chaiteachas infheistíochta a sceitheann as an ngeilleagar baile)
Deimhnítear ón tuarascáil chomh maith, go mbíonn níos mó airgid le caitheamh ag daoine agus ag an ngeilleagar níos leithne, nuair a roghnaítear dul ag siúl nó ag rothaíocht in ionad dul ag tiomáint. I mBaile Átha Cliath, meastar gur ionann sábháil bhliantúil comaitéara agus €620 agus €3,480 dóibh siúd atá ag rothaíocht. Is ionann na sábháiltí maidir le rothaíocht agus sábháiltí don duine aonair (costais reatha feithicle, sláinte, cánachas, etc) agus sábháiltí don tsochaí níos leithne (costais cothabhála bóithre, fad turais, torann, cáilíocht aeir, etc).
Thug an Tuarascáil léiriú chomh maith ar ghealltanas na Roinne Iompair chun maoiniú cinnte a chur ar fáil do Chlár Infheistíochta um Thaisteal Gníomhach an ÚNI, ar feadh an chuid eile de na deich mbliana seo, agus timpeall €290m de mhaoiniú ar fáil go bliantúil suas go dtí 2030. Mar chuid dá cuid anailíse, díríonn an Tuarascáil ar an tionchar is féidir a bheidh ag boilsciú ar fhíorluach an mhaoinithe sin, agus conas gur féidir leis sin tionchar a imirt ar an leibhéal seachadta suas go 2030.
Thug Anne Shaw, POF an Údaráis Náisiúnta Iompair le fios ‘Is deimhniú eile atá sa Tuarascáil seo go mbaineann fíorshochair leis an obair atá idir lámha ag an ÚNI i dteannta ár nÚdarás Áitiúil, ní hamháin do na daoine atá ag taisteal ar ár líonra taistil ghníomhaigh fheabhsaithe, ach don gheilleagar níos leithne chomh maith céanna. Is iomaí cúis atá le hinfheistíocht leanúnach sa réimse sin a bheith tairbheach dúinn uile, idir chruthú fostaíochta agus éifeachtaí dearfacha iarmhartacha ar ghnólachtaí eile.
Tá an ÚNI ag feidhmiú go dlúth leis an Roinn Iompair maidir le maoiniú leanúnach, agus táimid de shíor ag lorg bealaí gur féidir linn leanúint ag tacú lenár líonraí taistil ghníomhaigh go náisiúnta, agus iad a fhorbairt, ár ríochtaí poiblí a fheabhsú agus pobail a bhfuil sé níos tarraingtí cónaí iontu a chruthú.’