Tá sé fógartha ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) go ndéanfar méadú 30% ar leibhéil na seirbhísí bus ar an gconair ó Ghaillimh go dtí An Clochán an mhí seo a bhuí le sceideal nua comhtháite do bhealach 923 arna reáchtáil ag Citylink agus bealach 419 arna reáchtáil ag Bus Éireann.

Leis na hamchláir nua, soláthrófar 12 sheirbhís chomhcheangailte in aghaidh an lae i ngach treo idir An Clochán agus Gaillimh agus 17 seirbhís in aghaidh an lae i ngach treo idir Uachtar Ard agus Gaillimh, seacht lá na seachtaine.

Léiríonn na feabhsuithe sin méadú 33% ar sheirbhísí don Chlochán agus méadú 31% ar sheirbhísí don Uachtar Ard agus do Mhaigh Cuilinn.

Plean Soghluaisteachta Tuaithe Éire a Nascadh

Tá méadú ar leibhéal na seirbhísí bus ar an gconair sin ina chuspóir le Plean Soghluaisteachta Tuaithe Éire a Nascadh de chuid ÚNI.

Reáchtálfar seirbhísí bus anois gach dhá uair an chloig idir An Clochán agus Gaillimh, ag méadú go dtí gach uair an chloig ag buaic-amanna.  Rachaidh busanna idir Uachtar Ard agus Gaillimh gach uair an chloig i rith an lae, ag méadú go dtí gach leathuair ag buaic-amanna.

Bealach 923 agus Bealach 419

Seirbhís tráchtála is ea Bealach 923 a reáchtálann Citylink, agus tá sé ag freastal ar phobail i gConamara ó bhí 2007 ann.

Is seirbhís OSP é Bealach 419 a reáchtálann Bus Éireann faoi chonradh le ÚNI,  Beidh seirbhísí bus go dtí An Líonán agus Cloch na Rón, a bhí á soláthar ag Bus Éireann, á soláthar anois ag Local Link Galway ó lár mhí na Nollag i leith.

Dúirt Anne Graham, POF ÚNI: “Tá an méadú ar na seirbhísí bus idir Gaillimh agus An Clochán suntasach do na daoine a bhfuil cónaí orthu feadh an bhealaigh agus i mórcheantar Chonamara.

“D’oibríomar leis an dá oibreoir lena chinntiú go bhfuil an t-amchlár comhcheangailte comhtháite ar bhealach níos fearr agus go gcuirtear méadú suntasach ar na seirbhísí ar fáil feadh an bhealaigh.

“De dheasca sin, beidh níos mó daoine áitiúla ábalta úsáid a bhaint as seirbhís bus rialta agus iontaofa chun dul chun na hoibre, chun na scoile agus chuig coinní cúraim sláinte.”

Cuirfidh Bealach 923, atá á reáchtáil ag Citylink, tús lena sheirbhís fheabhsaithe ó Dé Luain an 11 Nollaig agus cuirfear tús leis an amchlár nua do Bhealach 419 Bhus Éireann Dé Domhnaigh an 17 Nollaig.

Faisnéis Bhreise:

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Phlean Soghluaisteachta Tuaithe cúig bliana Connecting Ireland tabhair cuairt ar: www.nationaltransport.ie/connecting-ireland/