Tá feachtas cuimsithe nua seolta ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) inniu, ionas go bhféadfadh an líonra iompair phoiblí Transport for Ireland (TFI) a bheith mar spás, ní hamháin ina dtugtar aitheantas don éagsúlacht, ach ina ndéantar í a cheiliúradh. Anuas ar na feachtais frithchiníochais a reáchtáladh le blianta beaga anuas, leis an bhfeachtas seo déantar iarracht an líonra a chur chun cinn mar thimpeallacht fháilteach chuimsitheach do gach paisinéir, beag beann ar a gcúlra, a gcumais nó a bhféiniúlacht.

Iompar duitse, iompar do chách, is é sin Transport for Ireland

Beidh sraith d’fhógraí a bhaineann leis an bhfeachtas le feiceáil ar bhusanna, tramanna agus traenacha agus ar na meáin shóisialta chomh maith, lena dtarraingeofar aird ar scéalta daoine éagsúla a úsáideann iompar poiblí gach lá. Leis an sluán “Iompar duitse, iompar do chách, is é sin Transport for Ireland”, leagtar béim leis an bhfeachtas go bhfuil gach paisinéir, beag beann ar dhifríochtaí, mar chuid den phobal i gcoitinne atá mar chuid de líonra iompair phoiblí na hÉireann.

Inclusivity on transport for ireland - acknowledging and celebrating diversity

Spás ina nglactar le difríochtaí

Dúirt Anne Graham, POF ar an ÚNI, an méid seo: “Is é an sprioc atá againn leis an bhfeachtas seo timpeallacht a chothú ina mothaíonn gach duine ar a suaimhneas agus ina léirítear meas dóibh agus úsáid á baint acu as iompar poiblí. Cé acu má tá éagsúlacht cultúrtha á ceiliúradh, tacaíocht á tabhairt do dhaoine faoi mhíchumas, nó cuimsiú LADTA+ á chur chun cinn, táimid ag iarraidh a chinntiú go bhfuil seirbhísí TFI mar spás a nglactar le héagsúlacht.”

Tá feachtas cuimsithe ÚNI le bheith ar siúl go ceann cúpla seachtaine.

Aimsigh tuilleadh eolais ar Transport for Ireland