Nuashonrú 10:14am, Dé Luain 25 Lúnasa 2025
Níl Seirbhísí na Líne Deirge Luas ag rith ach ó Thamhlacht / Teach Sagard go Stad Uí Chonghaile amháin.
Níl aon tseirbhís ann faoi láthair ó Bhusáras / Stáisiún Uí Chonghaile go Stad Luas an Iosta na Rinne.
Beidh seirbhísí na Líne Deirge Luas idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Stad an Iosta dúnta ar feadh roinnt seachtainí ar a laghad i ndiaidh an damáiste a rinne an tine le déanaí i gceantar na nDugaí i gcathair Bhaile Átha Cliath.
Léiríonn imscrúduithe tosaigh go ndearnadh damáiste suntasach do Dhroichead Dugaí Sheoirse. Tá measúnuithe innealtóireachta struchtúracha ar siúl, faoi stiúir Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ) agus Transdev, an tOibreoir Luas.
Tá ticéid Luas bailí ar Bhus Átha Cliath idir stadanna Uí Chonghaile agus an Iosta fad a bheidh cur isteach ar an tseirbhís.
Molaimid do chustaiméirí éisteacht le nuashonruithe tráchta agus taistil, seiceáil Nuashonruithe Seirbhíse Poiblí Luas.ie, agus lean ar Luas X (Twitter): @Luas | @TFIupdates don eolas is déanaí.
Tá Seirbhísí na Líne Uaine ag feidhmiú mar is gnách.