Tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI), i gcomhpháirtíocht le Bus Éireann, tar éis Bealach nua 31 Cnoc Rátha go Cathair Chorcaí a sheoladh.

Léarscáil : Gaeilge / Irish 
Bus route 31 in cork - route map
Íoslódáil léarscáil (Gaeilge) PDF

Ag freastal ar Chnoc Rátha go Plás Parnell

Tá an bealach nua seo deartha chun iontaofacht agus inrochtaineacht a fheabhsú do chomaitéirí, do mhic léinn agus do chuairteoirí, agus ceanglaíonn sé Cnoc Rátha le Stáisiún Bus Phlás Parnell i gCathair Chorcaí.

Freastalaíonn Bealach 31 ar roinnt suímh thábhachtacha ar an mbealach, lena n-áirítear Ionaid Siopadóireachta Crestfield agus Hazelwood, Páirc Ghnó Ghleann Maghair, Coláiste Pobail Ghleann Maghair, agus Páirc John O’Callaghan.

knockraha sign Cork

Agus é ag dul in ionad na dturas a bhíodh ar Bhealach 214 roimhe seo chun freastal ar Chnoc Rátha, cuireann an tseirbhís nua minicíocht mhéadaithe ar fáil, ag rith gach 90 nóiméad le naoi dturas fillte laethúla ag soláthar roghanna iompair feabhsaithe do laethanta na seachtaine agus don deireadh seachtaine araon.

Chomh maith le freastal ar phobail áitiúla, cuireann Bealach 31 naisc luachmhara ar fáil chuig Stáisiún Kent agus Plás Parnell, rud a thacaíonn le rochtain ar sheirbhísí iarnróid comaitéireachta agus idirchathrach chomh maith le seirbhísí bus réigiúnacha agus cathrach. Is féidir le custaiméirí malartú ag Stáisiún Kent go Bealach 205 le haghaidh turais chuig Ospidéal na hOllscoile Corcaigh, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan.

Tráth an tseolta, dúirt Jeremy Ryan, Stiúrthóir Seirbhísí Iompair Phoiblí ag an Údarás Náisiúnta Iompair: “Le Bealach 31 a thabhairt isteach, léirítear tiomantas leanúnach an ÚNI chun roghanna iompair phoiblí a fheabhsú do phobail ar fud na tíre. Cuirfidh an tseirbhís nua seo naisc níos minice agus níos iontaofa ar fáil do dhaoine atá ina gcónaí agus ag obair i gceantair Ghleann Maghair agus Chnoc Rátha, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca rochtain a fháil ar oideachas, fostaíocht agus seirbhísí riachtanacha i gCathair Chorcaí. Tá áthas orainn dul i bpáirt le Bus Éireann chun nascacht fheabhsaithe a sholáthar a thacaíonn le taisteal inbhuanaithe agus forbairt réigiúnach”.

Dúirt Aled Williams, Bainisteoir Réigiúnach (Theas) ag Bus Éireann: Tá áthas ar Bhus Éireann na feabhsuithe seirbhíse seo a fhógairt le tabhairt isteach Bhealach 31 (Plás Parnell go Cnoc Rátha) agus nuashonruithe ar Bhealach 214 (Ospidéal na hOllscoile Corcaigh go Gleann Maghair). Tá an pobal lárnach i gcuspóir Bus Éireann chun daoine agus pobail a nascadh ar bhealach inbhuanaithe leis na daoine agus na rudaí is tábhachtaí dóibh, rud a chabhróidh le saol a fheabhsú. Beidh na feabhsuithe seo chun leasa paisinéirí atá ag taisteal idir Cnoc Rátha agus Plás Parnell agus iad siúd atá ag déanamh nasc ar aghaidh ar an iarnród.”

Tuilleadh eolais

Chun tuilleadh sonraí a fháil faoi Bhealach 31, lena n-áirítear amchlár iomlán agus léarscáil bhealaigh, tabhair cuairt ar:

Íoslódáil Amchlár 31 – PDF

bus eireann dog and TFI Bus Eireann bus