Ráiteas Tosaigh don Chomhchoiste um Bonneagar agus Soláthar an Phlean Forbartha Náisiúnta ar an 17 Nollaig 2025-  Anne Shaw – Príomhoifigeach Feidhmiúcháin nuacheaptha ag an Údarás Náisiúnta Iompair

A Chathaoirligh, a chomhaltaí den Choiste, mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin nuacheaptha ag an Údarás Náisiúnta Iompair, ba mhaith liom buíochas a ghabháil libh as an gcuireadh teacht os comhair an Choiste inniu. Tuigim gur mian leis an gCoiste, na tionscadail a bhfuil an tÚdarás Iompair Náisiúnta (ÚNI) freagracht astu atá taobh istigh de Phlean Infheistíochta Earnála na Roinne Iompair don iompar, a phlé. Chun cabhrú liom déileáil le ceisteanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn an chruinnithe, tá Hugh Creegan, Leas-Phríomhfheidhmeannach, i mo theannta.

D’fhoilsigh an Roinn Iompair an Plean Infheistíochta Earnála don Iompar ar an 26 Samhain seo caite. Geallann sé €22.3 billiún do phunann na dtionscadal iompair atá faoi chúram na Roinne Iompair idir 2026 agus 2030, agus leithdháileadh breise de €2 billiún ón gCiste Bonneagair, Aeráide agus Dúlra atá sannta chun tacú le forbairt MetroLink.
Laistigh den ghealltanas foriomlán sin, tá €10.1 billiún leithdháilte ar iompar poiblí thar thréimhse cúig bliana an phlean, sa bhreis ar an €2 bhilliún ón gCiste Bonneagair, Aeráide agus Dúlra do MetroLink. Mar sin féin, ós rud é go gcaithfidh an €10.1 billiún gnéithe den chlár caipitil iompair phoiblí atá á gcoinneáil ag an Roinn Iompair a mhaoiniú, amhail maoiniú bainistíochta sócmhainní d’Iarnród Éireann (dá dtagraítear sa phlean mar “IMMAC”) agus ceannach chabhlach athsholáthair Enterprise, níl an dáileadh cruinn maoinithe chuig an ÚNI faoin bPlean Infheistíochta Earnála críochnaithe agus deimhnithe dúinn fós. Nuair a eiseofar an dáileadh sin, beimid in ann plean infheistíochta níos mionsonraithe a leagan amach a chlúdóidh na tionscadail iompair phoiblí atá faoi fhreagracht an Údaráis Náisiúnta Iompair.

Mar is eol don Choiste, feidhmíonn an tÚdarás Náisiúnta Iompair mar an tÚdarás Formheasa don chuid is mó de thionscadail iompair phoiblí, agus tá líon beag tionscadal iarnróid lasmuigh de Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath lasmuigh dár sainchúram reachtúil. Maidir leis na meigi-thionscadail an-mhóra, gníomhaímid mar an tÚdarás Formheasa laethúil do MetroLink, do Chlár BusConnects agus do Chlár DART+.

Maidir leis na tionscadail sin, leagann an Plean Infheistíochta Earnála amach sonraí ginearálta faoin dul chun cinn atá beartaithe dóibh thar an tréimhse go dtí 2030. Tá sé sainaitheanta go dtosóidh tógáil MetroLink in 2027, agus go ndéanfar soláthar tógála le linn 2026 agus 2027 – tá sé seo faoi réir réiteach nó críochnú na n-imeachtaí athbhreithnithe breithiúnacha reatha atá ag iarraidh ceadú an Choimisiúin Phleanála ar scéim MetroLink a chur ar neamhní.

Maidir leis an gClár DART+ agus tionscadail ghaolmhara, tá sé beartaithe sa phlean stáisiún nua Duga Spencer agus stóras nua DART+ a thógáil, DART+ Thiar a leictriú, an DART a shíneadh go baile Chill Mhantáin, feabhsuithe ar an gcuid den líne ó Bhré go dtí na Clocha Liatha, agus dul chun cinn leanúnach an chláir níos leithne trí thalamh a fháil de bhun Orduithe Iarnróid a fuarthas. Cuirfear cabhlach nua DART+ i mbun seirbhíse ar an ngréasán in 2027, ag tosú leis an Líne Thuaidh, agus tá an cumas ann freisin oibreacha a thosú ar ghnéithe eile de DART+ Cósta Thuaidh, lena n-áirítear bonneagar tacaíochta amhail lúba pasála rianta agus ardán nua ag stáisiún Dhroichead Átha, roimh 2030.
Ar BusConnects, cuirfear tús le tógáil conairí bus nua i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh (faoi réir pleanála) agus i nGaillimh, rud a fheabhsóidh go suntasach an bonneagar atá ar fáil chun tacú leis an infheistíocht leanúnach i seirbhísí bus faoin gClár BusConnects foriomlán.

Ar mhaithe le giorracht, tá aguisín curtha i gceangal agam ina bhfuil faisnéis achomair ar réimse tionscadal leanúnacha atá á mbainistiú faoi Chlár Caipitil an ÚNI a ndéanfar dul chun cinn breise orthu faoin bPlean Infheistíochta Earnála don Iompar. Is féidir tuilleadh sonraí a sholáthar faoi aon mhír de réir mar is gá.
Tugtar chun críche leis sin mo phríomhráiteas tosaigh, agus cuirim fáilte roimh aon cheist atá ag comhaltaí an Choiste.”