Sheol an tAire Stáit atá freagrach as Forbairt Pobail agus Carthanas, Jerry Buttimer TD, inné (Dé Máirt, 2 Meán Fómhair) le Bus Éireann agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) síneadh na seirbhíse Tacaíochta um Thaisteal Neamhspleách (ITS) go Port Láirge.
Leis an tseirbhís, ar a dtugtaí Scéim um Chúnamh Taistil, tugtar cúnamh do phaisinéirí a bhfuil riachtanais sa bhreis acu agus atá 18 mbliana d’aois nó níos sine scileanna a fhorbairt chun líonra iompair phoiblí Transport for Ireland (TFI) a úsáid go neamhspleách.
Tá an tseirbhís Tacaíochta um Thaisteal Neamhspleách ag feidhmiú i mBaile Átha Cliath ó 2008, leathnaíodh í chuig seirbhísí Bus Éireann i gCorcaigh in 2022, agus leathnaíodh í ó shin chun tacú le paisinéirí i gcathracha Phort Láirge, na Gaillimhe agus Luimnigh, agus tá sé beartaithe í a leathnú níos faide go Droichead Átha agus Dún Dealgan.
Sheol Bus Éireann agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) síneadh na seirbhíse Tacaíochta um Thaisteal Neamhspleách i bPort Láirge go hoifigiúil.
Tugann an tseirbhís Tacaíochta um Thaisteal Neamhspleách cabhair do phaisinéirí os cionn 18 mbliana d’aois bhfuil riachtanais bhreise acu chun iompar poiblí a úsáid go neamhspleách. Mar chuid den tseirbhís, taistealaíonn cúntóir ITS leis an bpaisinéir agus tugann siad oiliúint dóibh maidir leis an gcaoi le taisteal go neamhspleách, go dtí go bhfuil siad muiníneach le bheith ag taisteal ina n-aonar.
I mBaile Átha Cliath, bainistíonn Bus Átha Cliath an tseirbhís ITS thar ceann an ÚNI agus feidhmíonn an tseirbhís ar gach seirbhís TFI ar fud Bhus Átha Cliath, Go-Ahead Ireland agus DART i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus tá an tseirbhís i bhfeidhm ó 2008.
I gCorcaigh, Luimneach, Port Láirge agus Gaillimh, bainistíonn Bus Éireann an tseirbhís ITS thar ceann an ÚNI agus feidhmíonn sí ar sheirbhísí TFI arna n-oibriú ag Iarnród Éireann, seirbhísí Comaitéireachta Chorcaí, Bus Éireann, Cóiste Bhaile Átha Cliath, City Direct agus Nasc Áitiúil TFI.
Cuireadh seirbhís ITS i bhfeidhm i bPort Láirge i mí Lúnasa 2024 tar éis earcú John Costello, a thug taithí fhairsing ón bpobal inrochtaineachta. Chríochnaigh John 166 cúnamh sa chéad bhliain amháin.
Mar gheall ar an éileamh mór, chuaigh Catherine Hennessy isteach san fhoireann ó Chumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann, rud a leathnaigh a hacmhainneacht tuilleadh.
Le chéile, tá 261 cúnamh seachadta ag John agus Catherine go dtí seo, mar aon le go leor seisiúin phearsanta agus cainteanna le heagraíochtaí áitiúla.
Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanais, Jerry Buttimer TD: “Tá lúcháir orm seoladh na seirbhíse Tacaíochta um Thaisteal Neamhspleách anseo i bPort Láirge a cheiliúradh. Tá níos mó i gceist leis an tionscnamh seo ná iompar amháin – baineann sé le daoine a chumhachtú le neamhspleáchas, muinín agus cuimsiú níos mó ina saol laethúil. Ba mhaith liom moladh a thabhairt do Bhus Éireann as a dtiomantas d’inrochtaineacht agus d’uileghabhálacht agus buíochas a ghabháil leis an Údarás Náisiúnta Iompair as a bhfís maidir leis an gclár tábhachtach seo a leathnú. Le chéile, tá difríocht mhór á déanamh acu i saol daoine, agus táim ag tnúth leis an tionchar dearfach a bheidh ag an tseirbhís seo ar Phort Láirge agus níos faide i gcéin a fheiceáil”
Dúirt Stephen Kent, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Bus Éireann: “ Tá áthas ar Bhus Éireann tacú le síneadh sheirbhís Tacaíochta um Thaisteal Neamhspleách TFI i bPort Láirge. Tá an tionscnamh seo ag athrú an chaoi a mbíonn rochtain ag daoine a bhfuil riachtanais bhreise acu ar iompar poiblí, ag cabhrú leo na scileanna agus an mhuinín a fhorbairt chun taisteal go neamhspleách. Ó tháinig sé i bhfeidhm i mí Lúnasa 2024, chabhraigh seirbhís Phort Láirge leis an oiread sin daoine áitiúla, rud a léiríonn an fíorthionchar atá aici ar shaol laethúil daoine – ag cur ar a gcumas bualadh le cairde, freastal ar choinní, agus páirt iomlán a ghlacadh ina bpobail.
Táimid bródúil as an tseirbhís ITS a fheiceáil ag fás ó neart go neart ar fud na hÉireann, ag cur lena rath i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh agus anois Port Láirge”.
Dúirt Naomi Rooney, Bainisteoir Inrochtana Iompair, an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI): “Tá an ÚNI an-bhródúil as tacú le leathnú breise sheirbhís Tacaíochta um Thaisteal Neamhspleách TFI go Port Láirge. Ag an ÚNI, táimid tiomanta d’inrochtaineacht iompair phoiblí a fheabhsú ar fud líonra TFI agus tá airgead suntasach á infheistiú cheana féin chun rochtain ar bhusanna agus ar stáisiúin iarnróid a uasghrádú, busanna agus cóistí níos inrochtana a cheannach agus stadanna bus a uasghrádú. Is céim shuntasach eile i dtreo chumhachtú gach paisinéara chun taisteal go neamhspleách agus le muinín í leathnú na seirbhíse ITS i gCathair Phort Láirge.”
Tuilleadh Eolais
Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar: https://www.buseireann.ie/independent-travel-support