Seolann an tÚdarás Náisiúnta Iompair an dara babhta comhairliúcháin ar na conairí iompair inbhuanaithe le hAghaidh Chorcaí

Foilsíodh na Roghanna Bealaigh Roghnaithe inniu, agus an comhairliúchán poiblí le bheith ar siúl go dtí an Déardaoin an 25 Bealtaine 2023
Tá an tionscadal ina eochairghné de chlár oibre BusConnects Chorcaí is fiú €600m

Sheol an tÚdarás Náisiúnta Iompair (an tÚdarás) inniu an dara babhta comhairliúcháin phoiblí ar na Conairí Iompair Inbhuanaithe a cuireadh in áirithe lena bhforbairt mar chuid de chlár BusConnects Chorcaí.

An dara babhta comhairliúcháin phoiblí

Sa bhabhta comhairliúcháin phoiblí is déanaí seo, táthar ag díriú ar na Roghanna Bealaigh Roghnaithe a sainaithníodh. Tagann sé sin sna sála ar an gcéad bhabhta comhairliúcháin phoiblí ar na Bealaí Roghnaithe Éiritheacha, a bhí ar siúl idir mí an Mheithimh agus mí Dheireadh Fómhair 2022.

 BusConnects Chorcaí

Is é is BusConnects Chorcaí ann ná clár oibre €600m a bhfuil mar aidhm leis córas bus na cathrach a bhunathrú chun feabhais, agus níos mó rochtana ar iompar poiblí á tabhairt do níos mó daoine. Mar gheall ar thart ar 91 km de lánaí nua bus agus de thosaíocht bus agus 96 km de shaoráidí rothaíochta (i dtreo amháin), rud lena soláthrófar 48 km den ghréasán rothaíochta, a sholáthar, cinnteoidh BusConnects Chorcaí go mbeidh taisteal de bhus agus taisteal gníomhach ina roghanna inmharthana, agus astaíochtaí carbóin agus plódú á laghdú freisin ag an am céanna.

Tar éis an chéad bhabhta comhairliúcháin phoiblí, rinne an tÚdarás athbhreithniú ar na 3,000 aighneacht, beagnach, a rinne an pobal agus rinne sé caidreamh cuiditheach le 35 cinn de ghrúpaí cónaitheoirí, de ghrúpaí gnó agus de ghrúpaí sainleasa ar fud na cathrach. Bunaíodh Fóraim Phobail le haghaidh gach conaire freisin chun idirphlé dhá threo le pobail áitiúla a chumasú chun cabhrú le heolas a dhéanamh don phróiseas athbhreithniúcháin.

Roinnt leasuithe ar na Conairí Iompair Inbhuanaithe

Ba é an toradh a bhí ar an bpróiseas caidrimh fhairsing sin ná go ndearnadh roinnt leasuithe ar na Conairí Iompair Inbhuanaithe. Tá na nithe seo a leanas i measc na n-athruithe:

  • STC A – Dún Citil go dtí an Cathair: Laghdaíodh méid na scéime BusConnects, agus tá an chuid idir Timpeallán Dhún Citil agus Gairdíní na Mílaoise le forbairt ar leithligh ag Comhairle Cathrach Chorcaí.
  • STC B – Baile na mBocht go dtí an Cathair: Tá sé molta socruithe tráchta athbhreithnithe a oibriú le linn buaicuaireanta amháin ag acomhal Bhóthar Bhaile Átha hÚlla/Ascaill an Ghleanna, ag srianadh gluaiseacht tráchta ag na hamanna seo agus brú tráchta ar an gconair gathach seo a laghdú. Ligeann an socrú seo an lána bus a bhí molta roimhe seo ar Chnoc an tSamhraidh Thuaidh a bhaint.
  • STC C – An Linn Dubh go dtí an Cathair: Lána an Tobair le bheith dúnta don trácht ag Droichead an Iarnróid ach amháin do choisithe agus rothaithe.
  • STC D – Cnoc an Chuilinn go dtí an Cathair: Tá méid na lánaí bus feadh Bhóthar Radharc an Chuain laghdaithe, rud a laghdaíonn go mór an tionchar foriomlán réadmhaoine. Níl an geata bus a moladh roimhe seo ar Bhóthar na hArdeaglaise san áireamh a thuilleadh.
  • STC E – Baile an Chollaigh go dtí an Cathair: Níl an geata bus a moladh roimhe seo i Lár Baile Bhaile an Chollaigh mar chuid den scéim a thuilleadh agus tá spásanna páirceála breise ar an tsráid san áireamh. Laghdaigh athruithe éagsúla feadh na conaire seo, lena n-áirítear geataí bus buaicuaireanta molta ar Bhóthar na Modhfheirme, líon na réadmhaoine a mbeidh tionchar orthu.
  • STC F – Baile an Easpaig go dtí an Cathair: Tagann áiseanna rothaíochta feadh Bhóthar an Ghlaisín, Eachlann na nIostán agus Lána Buachaill na Scoile in ionad an bhealaigh a moladh roimhe seo trí thailte Choláiste na Toirbhirte.
  • STC G – An Tóchar go dtí an Cathair: Tá cuid de Bhóthar an Phiarsaigh den chonair seo bainte. Feadh Bhóthar Pholl an Duibh, oibreoidh geata bus isteach le linn buaicuaireanta AM amháin, rud a fhágfaidh an gá atá leis na lánaí bus a moladh roimhe seo, rud a laghdóidh an tionchar ar réadmhaoine agus ar pháirceáil.
  • STC H – Bóthar an Aerfoirt go dtí an Cathair: Tá sé molta anois rothaithe a threorú ó Bhóthar an Churraigh go Bóthar Síorghlas trí chóireáil sráide chiúin ar Ascaill Uí Chonaill. Tá sé molta freisin páirceáil nua eis-sráide ar Bhóthar Síorghlas.
  • STC I – Cnoc Maryborough go dtí an Cathair: Níl lána bus amach molta a thuilleadh ar Bhóthar Dhúglais. Chun tosaíocht do bhusanna a sholáthar, tá geata bus molta díreach soir ón mbealach isteach chuig Ospidéal Naomh Fionnbarra, a fheidhmeoidh le linn buaicuaireanta amháin.
  • STC J – Machain go dtí an Cathair: Ar Lána na Reilige agus Bóthar an Bhóithrín Mheánaigh, laghdaíodh líon na lánaí bus atá molta, ag coimeád formhór na gcrann agus ag laghdú tionchair réadmhaoine. Tá páirceáil bhreise eis-sráide molta.
  • STC K – Bóthar Chionn tSáile go Dúglas: Níl droichead molta thar Gleann Mangala agus Rotharbhealach Bhóthar an Tobair san áireamh sna moltaí athbhreithnithe BusConnects.
  • STC L – Tobar Rí an Domhnaigh go Cnoc an Chuilinn: Níl STC Tobar Rí an Domhnaigh go Cnoc an Chuilinn á cur chun cinn a thuilleadh mar scéim aonair, agus codanna den chonair á ionchorprú i scéimeanna cóngaracha.

 Roinnt feabhsuithe

Ag obair dó i gcomhar le Comhairle Cathrach Chorcaí, tá an tÚdarás ag moladh roinnt feabhsuithe ar spásanna uirbeacha feadh na gConairí Iompair Inbhuanaithe. Áirítear leo sin:

  • Conair Iompair Inbhuanaithe B – Baile na mBocht go dtí an Chathair: Feabhsuithe ríochta poiblí ar Chrois an Díolúnaigh agus ar Chrois Lúcáis
  • Conair Iompair Inbhuanaithe C – An Linn Dubh go dtí an Chathair: Oibreacha ríochta poiblí, lena n-áirítear spásanna sráide feabhsaithe breisithe agus tírdhreachú i sráidbhaile na Linne Duibhe.
  • Conair Iompair Inbhuanaithe I – Cnoc Maryborough go dtí an Chathair: Oibreacha feabhsúcháin sráidbhaile i Sráidbhaile Dhúglais amhail comhfhorbairt áite, tírdhreachú agus feabhsuithe soghluaisteachta.

Maidir leis na Conairí Iompair Inbhuanaithe atá beartaithe

Maidir leis na Conairí Iompair Inbhuanaithe atá beartaithe, a bhfuil 11 cheann díobh ann anois, tá siad ina gcuid riachtanach d’uaillmhian Straitéis Iompair Limistéar Cathrach Chorcaí, a forbraíodh i gcomhar le Comhairle Cathrach Chorcaí agus le Comhairle Contae Chorcaí, a bhaint amach. Is é atá i gceist leis an uaillmhian sin ná an líon daoine a bhíonn ag úsáid iompar poiblí i gCorcaigh a mhéadú faoi cheathair faoin mbliain 2040 agus an líon daoine a bhíonn ag taisteal de rothar agus de shiúl na gcos a mhéadú faoi 33%.

Tosaíonn an comhairliúchán ar na tograí leasaithe inniu agus beidh sé ar siúl go dtí an Déardaoin an 25 Bealtaine 2023. Óstálfar sraith imeachtaí faisnéise ar fud Chorcaí i mí Aibreáin. Déanfaidh an tÚdarás athbhreithniú ar na haighneachtaí uile ón dara babhta comhairliúcháin phoiblí, agus beachtófar na pleananna dá réir. Déanfar measúnachtaí tionchair theicniúil, timpeallachta agus iompair ansin, agus tá na pleananna deiridh le cur faoi bhráid an Bhoird Pleanála le haghaidh ceadú reachtúil.

Dúirt Eamon Ryan, an tAire Iompair: “Tá BusConnects Chorcaí ina chuid lárnach de phleananna an Rialtais a bhfuil mar aidhm leo é a dhéanamh níos fusa agus níos tarraingtí taisteal de bhus, agus taisteal de rothar agus de shiúl na gcos freisin, timpeall Chathair Chorcaí. Is é atá i bhfoilsiú na Roghanna Bealaigh Roghnaithe ná garsprioc thábhachtach i gcabhrú le Conairí Iompair Inbhuanaithe a chur i bhfeidhm ar fud na cathrach, rud ar féidir leis an fhís sin a bhaint amach.

“Tá sé ríthábhachtach go mbeadh comaitéirí agus pobail in ann fós a gcuid tuairimí ar na tograí a chur in iúl. Cabhróidh na tuairimí sin leis an Údarás Náisiúnta Iompair agus Comhairle Cathrach Chorcaí na Conairí Iompair Inbhuanaithe a thabhairt chun críche agus cinnteoidh siad go mbeidh ag Corcaigh an bonneagar iompair phoiblí a theastaíonn chun tacú le cathair a bhíonn ag fás.”

Dúirt Anne Graham, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair: “Chuireamar infheistíocht €600 milliún in BusConnects Chorcaí i láthair den chéad uair anuraidh. D’fholaigh sé sin Conairí Iompair Inbhuanaithe nua a chruthú chun cabhrú le freastal ar na riachtanais atá ag cathair a bhíonn ag fás, agus dlús á chur leis an aistear i dtreo todhchaí aeráidneodrach ag an am céanna.

“Trí chaidreamh díreach a dhéanamh le pobail ar fud na cathrach, bhíomar in ann saincheisteanna imní feadh roinnt de na Conairí Iompair Inbhuanaithe a shainaithint. Leis na tograí leasaithe atá á gcur ar aghaidh inniu i gcomhoibriú le Comhairle Cathrach Chorcaí, freagraítear go cuiditheach do shaincheisteanna áitiúla agus cabhraítear le han-chuid de na dúshláin a tharraing grúpaí áitiúla anuas a mhaolú.

“Tá BusConnects Chorcaí ag teastáil anois níos mó ná riamh. Is é an toradh a bheidh ar 91 km de lánaí nua bus agus tosaíocht bus agus 96 km de bhonneagar rothaíochta a sholáthar ná go gcabhrófar le freastal ar an éileamh a bhíonn ag méadú go mear ar sheirbhísí bus agus ar thaisteal gníomhach, anuas ar bhonneagar nua-aimseartha a sholáthar le haghaidh cathair Eorpach nua-aimseartha.

“Mholfainn do dhaoine den phobal a gcuid tuairimí ar na Roghanna Bealaigh Roghnaithe a chur in iúl sna seachtainí atá le teacht. Chomh maith leis sin, leanfaidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair lenár n-idirphlé dhá threo le grúpaí pobail agus le hionadaithe poiblí sna seachtainí romhainn. Cabhróidh bhur gcuid tuairimí leis na tograí deiridh a mhúnlú agus imreoidh siad ról tábhachtach i dtodhchaí níos inbhuanaithe a chruthú do phobail ar fud Chathair Chorcaí.

Dúirt Ann Doherty, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach Chorcaí: “Tá Comhairle Cathrach Chorcaí dírithe ar chathair níos inbhuanaithe atá ullmhaithe don todhchaí a chruthú. Ní mór dúinn, áfach, iompar poiblí agus taisteal gníomhach a sholáthar mar rogha do níos mó daoine i níos mó áiteanna ar fud na cathrach.

“Sin an fáth a bhfuil Comhairle Cathrach Chorcaí ag obair i gcomhpháirt leis an Údarás Náisiúnta Iompair le míonna beaga anuas ar Chonairí Iompair Inbhuanaithe BusConnects Chorcaí. Féachtar sna tograí a foilsíodh inniu leis an aiseolas ón gcomhairliúchán poiblí a reáchtáladh le déanaí a chur san áireamh. Tá an deis ag muintir Chorcaí an athuair a gcuid tuairimí ar na tograí leasaithe a chur in iúl.

“Táim muiníneach gurb é an toradh a bheidh ar an tionscadal seo ná go gcruthófar deiseanna nua chun an dóigh a dtaistealaímid a athrú agus go n-athnuafar an chathair freisin. Táimid ag súil le leanúint ar aghaidh lenár gcuid oibre leis an Údarás Náisiúnta Iompair chun an tionscadal a chur ar aghaidh.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi BusConnects Chorcaí agus faoi Thionscadal na gConairí Iompair Inbhuanaithe, téigh chuig: https://busconnects.ie/cork/

Tuilleadh faisnéise: Tá liosta iomlán de na Príomhathruithe ó na Bealaí Roghnaithe Éiritheacha a Foilsíodh ar fáil