Lá saoire poiblí aonuaire is ea an Aoine tar éis Lá Fhéile Pádraig (an 18 Márta), mar a d’fhógair an Rialtas i mí Eanáir 2022. De bharr an chineáil aonuaire, níltear in ann tacsaiméadair a ath-ríomhchlárú chun an t-ardráta is infheidhme go dlíthiúil maidir le laethanta saoire poiblí a ríomh.

Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, idir 8am agus 8pm amháin Dé hAoine an 18 Márta, go mbeidh do thiománaí tacsaí i dteideal suim 20% a chur leis an táille arna ríomh ag an tacsaiméadar san fheithicil. Scríobhfaidh an tiománaí an tsuim 20% sa bhreis ar d’admháil.

Chun costas aon turais ar an lá sin a mheas, bain úsáid as an Meastóir Táillí Tacsaí agus roghnaigh an tArdráta ar transportforireland.ie

Tá seirbhísí tacsaí mar chuid den ghréasán Transport for Ireland.