Tá seirbhís fruilchairr áitiúil fhóirdheonaithe nua le soláthar i níos mó ná 20 láthair thuaithe nach bhfuil aon seirbhís lánaimseartha iontu faoi láthair

Ag obair dó i gcomhpháirt leis an Údarás Náisiúnta Iompair, sheol Eamon Ryan TD, an tAire Iompair, treoirchlár aonbhliana inniu le haghaidh seirbhís fruilchairr áitiúil atá ceadúnaithe go speisialta chun cabhrú le feabhas a chur ar roghanna iompair do dhaoine a chónaíonn i láithreacha tuaithe ar fud na tíre.

Clár a fhaigheann cúnamh deontais is ea an Treoirchlár Fruilchairr Áitiúil. Tá sé mar aidhm leis spreagadh a thabhairt do sheirbhísí áitiúla páirtaimseartha nua fruilchairr oibriú i bpobail nach mbeadh in ann tacú le hoibríocht lánaimseartha tacsaí nó fruilchairr.  Is féidir iarratais ar pháirt a ghlacadh sa Treoirchlár a dhéanamh ag localhackney.ie

Beidh an treoirchlár i bhfeidhm in 21 limistéar tuaithe, ó Dhún na nGall go Corcaigh, ar feadh bliana.  Beidh na tiománaithe uile ceadúnaithe agus árachaithe agus beidh grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána curtha i gcrích acu. Beidh siad in ann daoine a bhailiú óna dteach agus iad a fhágáil ag an áit ar mian leo dul chuige, agus an nasc riachtanach “míle deiridh” sin á sholáthar do dhaoine a chónaíonn i limistéir iargúlta agus i limistéir thuaithe.

Ag labhairt dó ag an seoladh inniu, dúirt an tAire Eamon Ryan: “Ceann dár bpríomhthosaíochtaí san iompar is ea feabhas a chur ar nascacht ar fud cheantair thuaithe na hÉireann, ní hamháin i mbailte, ach sna limistéir timpeall na mbailte sin freisin ina gcónaíonn a lán daoine agus ina ndéanann a lán daoine feirmeoireacht. Freagraíonn an treoirchlár seo do réaltacht shaol na tuaithe in Éirinn ar bhealach cruthaitheach áitiúil, agus daoine á nascadh óna dteach chuig bailte, ionaid chúram sláinte agus postoifigí na háite agus chuig stadanna agus moil eile iompair atá níos faide anonn

Mar thoradh ar an treoirsheirbhís nua seo, beidh an deis ag pobail tuaithe ar fud na hÉireann anois leas a bhaint as seirbhís fruilchairr pháirtaimseartha limistéir áitiúil.  Déanfaimid faireachán ar an tseirbhís thar an mbliain atá le teacht agus foghlaimeoimid uaithi chun go mbeimid in ann í a chur i bhfeidhm ina lán limistéar eile. Tá an Treoirchlár seo ina chuid thábhachtach den Phlean Náisiúnta maidir le Soghluaisteacht Inbhuanaithe 2022-2025 ón Rialtas agus tá sé ina bhunsprioc inghnóthaithe faoi Thodhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann 2021-2025”.

Féadfar €6,000 a dhámhachtain do gach iarratasóir rathúil ar an gceadúnas fruilchairr áitiúil mar fhóirdheontas leis an ngnáthioncam táillí chun an tseirbhís a reáchtáil.  Tá an deontas sin ceaptha chun cuidiú le soláthraithe seirbhíse íoc as na costais sheasta a bhaineann leis an tseirbhís sin a sholáthar.  Tá sé le híoc ag an Údarás Náisiúnta Iompair thar thréimhse bliana ina thráthchodanna míosúla cothroma, i gcás gur féidir leis an soláthraí seirbhíse a thaispeáint go bhfuil na seirbhísí á n-úsáid agus go bhfuil an tseirbhís fruilchairr áitiúil ag dul chun tairbhe don phobal.

Tá sé mar aidhm leis an gceadúnas speisialta áitiúil teoranta seo a chinntiú nach ndíláithreofar aon seirbhísí tacsaí nó fruilchairr atá ag oibriú, agus ag tabhairt seirbhís chuí, in aon limistéar cheana féin.

Maidir leis an bhfruilcharr áitiúil, nach mór a chur in áirithe roimh ré, ní fhéadfaidh sé paisinéirí a bhailiú ach amháin i limistéar ainmnithe atá idir seacht gciliméadar agus deich gciliméadar ar shiúl ó phointe roghnaithe. Is é áit chónaithe an tiománaí cheadúnaithe an pointe sin de ghnáth. Níl aon srianta ag an ionad bailithe, agus táthar ag súil go gcuirfear turais chuig saoráidí cúram sláinte agus chuig moil iompair atá níos faide anonn i gcrích.

Dúirt Anne Graham, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair: “Tá ríméad ar an Údarás Náisiúnta Iompair an Treoirchlár seo a sheoladh. Cabhróidh sé le daoine i bpobail tuaithe ar fud na hÉireann, agus rochtain á tabhairt dóibh ina limistéar ar sheirbhís fruilchairr áitiúil pháirtaimseartha a bheidh sábháilte agus iontaofa.  Mholfainn d’aon duine a bhfuil feithicil oiriúnach atá árachaithe go cuí aige nó aici agus a bhfuil spéis aige nó aici i gcabhair a thabhairt dá phobal nó dá pobal iarratas a dhéanamh ar an treoirchlár seo”.

Cuirfear gach seirbhís fruilchairr áitiúil i gcomhpháirt le hOifigeach Comhlíonta áitiúil de chuid an Údaráis Náisiúnta Iompair, a ghníomhóidh mar phointe teagmhála tráthrialta chun aon cheisteanna faoi cheadúnú nó faoi chomhlíonadh a fhreagairt.

Is é an 28 Feabhra 2023 an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais ar an Treoirchlár.  Mar sin féin, measúnófar gach iarratas ar leith tráth a fhála.  Mura gcuireann an t-iarratasóir in aon limistéar ar leith an próiseas ceadúnúcháin i gcrích, measúnóidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair an chéad iarratasóir eile ar an liosta.  Ceanglaítear dhá cheadúnas ar leith le dlí chun fruilcharr limistéir áitiúil a oibriú, is iad sin: ceadúnas feithicle fruilchairr limistéir áitiúil arna eisiúint ag an Údarás Náisiúnta Iompair le haghaidh feithiclí oiriúnacha atá árachaithe go cuí; agus ceadúnas tiomána fruilchairr limistéir áitiúil arna eisiúint ag an nGarda Síochána le haghaidh tiománaí a bhfuil grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána curtha i gcrích go rathúil aige nó aici. Treoróidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair na hiarratasóirí tríd an bpróiseas.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach: www.localhackney.ie