Tá Nasc Áitiúil TFI tar éis a roghanna íocaíochta táillí a leathnú chun ligean do phaisinéirí íoc trí Chárta Leap TFI , íocaíocht cárta gan tadhall nó Aip TFI Go ar sheirbhísí incháilithe. Tá sé níos áisiúla aistriú go híocaíochtaí gan airgead tirim agus is féidir leat suas le 30% a shábháil i gcomparáid le híoc le hairgead tirim.
Glactar leis an bPas Saorthaistil agus le hAirgead Tirim freisin, agus taistealaíonn leanaí faoi 9 bliana saor in aisce.
Tabhair faoi deara nach mbaineann íocaíochtaí gan tadhall ach le táillí singile amháin. Tá an ghné sin á cur i bhfeidhm faoi láthair ar fud sheirbhísí bus rialta TFI Naisc Áitiúil, agus meastar go mbeidh sí ar fáil ar gach seirbhís rialta faoi dheireadh 2026.
Is é Cárta Leap TFI cárta taistil réamhíoctha Transport for Ireland.

Is é aip TFI Go aip ticéadaithe soghluaiste Transport for Ireland,
a ligeann duit ticéid a cheannach agus iad a úsáid le do ghuthán.
I measc Sheirbhísí Naisc Áitiúil TFI ar a nglactar le hAip TFI Go/ Cárta Leap TFI / íocaíochtaí gan tadhall, tá:
| Seirbhísí Nasc Áitiúil TFI Glactar le *Pas Taistil Saor in Aisce ar gach seirbhís Naisc Áitiúil TFI |
TFI Go | Leap TFI | Gan Tadhall |
| Ceatharlach Cill Chainnigh Cill Mhantáin | √ | √ | |
| An Cabhán Muineachán | √ | √ | √ |
| Corcaigh | √ | √ | |
| Dún na nGall Sligeach Liatroim | √ | √ | |
| Gaillimh | √ | √ | |
| Ciarraí | √ | √ | |
| Cill Dara Theas Baile Átha Cliath | √ | √ | |
| Laois Uíbh Fhailí | √ | √ | √ |
| Luimneach An Clár | √ | √ | |
| An Longfort An Iarmhí Ros Comáin | √ | √ | |
| Lú An Mhí Fine Gall | √ | √ | |
| Maigh Eo | √ | √ | √ |
| Tiobraid Árann | √ | √ | √ |
| Port Láirge | √ | √ | |
| Loch Garman | √ | √ |
Tá roghanna íocaíochta cárta Leap TFI, cárta gan tadhall agus TFI Go ar fáil ar Sheirbhísí Tuaithe Rialta incháilithe Naisc Áitiúil TFI amháin*