Tá Nasc Áitiúil TFI tar éis a roghanna íocaíochta táillí a leathnú chun ligean do phaisinéirí íoc trí Chárta Leap TFI , íocaíocht cárta gan tadhall nó Aip TFI Go ar sheirbhísí incháilithe. Tá sé níos áisiúla aistriú go híocaíochtaí gan airgead tirim agus is féidir leat suas le 30% a shábháil i gcomparáid le híoc le hairgead tirim.

Glactar leis an bPas Saorthaistil agus le hAirgead Tirim freisin, agus taistealaíonn leanaí faoi 9 bliana saor in aisce.

Tabhair faoi deara nach mbaineann íocaíochtaí gan tadhall ach le táillí singile amháin. Tá an ghné sin á cur i bhfeidhm faoi láthair ar fud sheirbhísí bus rialta TFI Naisc Áitiúil, agus meastar go mbeidh sí ar fáil ar gach seirbhís rialta faoi dheireadh 2026.

  • An Cárta Leap TFI

    An Cárta Leap TFI

    Is é Cárta Leap TFI cárta taistil réamhíoctha Transport for Ireland.

  • Le Cárta Leap TFI, bíonn do tháillí suas le 30% níos saoire ná ticéid shingile airgid thirim.
  • Is féidir leat Cárta Leap TFI a cheannach ar líne anseo nó ag ceann de na céadta gníomhairí ar fud na tíre.
  • Is é an bealach is áisiúla chun do chárta a bhreisiú ná le hAip Breisiú Leap do iPhone agus Android.
  • Tá Cártaí do Dhaoine Fásta, Mic Léinn/Aosaigh Óga agus Leanaí ar fáil. Bain úsáid as creidmheas taistil chun íoc as táillí singile.
  • Íocaíochtaí gan airgead tirim

    Íocaíochtaí gan airgead tirim

  • Táimid ag tabhairt isteach íocaíochtaí cárta gan tadhall le haghaidh ticéid shingile ar sheirbhísí rialta Naisc Áitiúil TFI.
  • Beidh an ghné sin ar fáil ar gach seirbhís faoi dheireadh 2026.
  • Is féidir leat ticéid shingil a cheannach trí úsáid a bhaint as:
    Visa nó Mastercard
    Apple Pay nó Google Pay
  • Is féidir leat suas le 30% a shábháil trí íoc gan tadhall i gcomparáid le ticéad singil a cheannach le hairgead tirim, agus tá sé níos áisiúla ag an am céanna.
  • Tá Cártaí do Dhaoine Fásta, Mic Léinn/Aosaigh Óga agus Leanaí ar fáil.
  • Chun leas a bhaint as táillí d’Aosaigh Óga nó do Mhic Léinn, ní mór duit Cárta Leap TFI bailí d’Aosaigh Óga nó do Mhic Léinn a thaispeáint.
  • Aip TFI Go

    Aip TFI Go

    Is é aip TFI Go aip ticéadaithe soghluaiste Transport for Ireland,
    a ligeann duit ticéid a cheannach agus iad a úsáid le do ghuthán.

  • Bíonn táillí ar TFI Go suas le 30% níos saoire freisin ná ticéid shingile airgid thirim.
  • Déantar do thicéad a íoslódáil chuig Aip TFI GO, agus is féidir é a úsáid chun taisteal láithreach.
  • Níl aon ghá le priontáil. Déan do thicéad a ghníomhachtú agus tú ag dul ar bord, agus taispeáin don thiománaí é.
  • Tá táillí le do Dhaoine Fásta, Mic Léinn/Aosaigh Óga ar fáil. Roghanna ticéid shingile, fhillte agus 7 lá.

Get it on Google PlayDownload now on Itunes

I measc Sheirbhísí Naisc Áitiúil TFI ar a nglactar le hAip TFI Go/ Cárta Leap TFI / íocaíochtaí gan tadhall, tá:

Seirbhísí Nasc Áitiúil TFI
Glactar le *Pas Taistil Saor in Aisce ar gach seirbhís Naisc Áitiúil TFI
TFI Go Leap TFI Gan Tadhall
Ceatharlach Cill Chainnigh Cill Mhantáin √  √ 
An Cabhán Muineachán √   √   √
Corcaigh √ √
Dún na nGall Sligeach Liatroim √ √
Gaillimh √ √
Ciarraí √ √
Cill Dara Theas Baile Átha Cliath √ √
Laois Uíbh Fhailí √ √ √
Luimneach An Clár √ √
An Longfort An Iarmhí Ros Comáin √ √
Lú An Mhí Fine Gall √ √
Maigh Eo √ √ √
Tiobraid Árann √ √ √
Port Láirge √ √
Loch Garman √ √

Tá roghanna íocaíochta cárta Leap TFI, cárta gan tadhall agus TFI Go ar fáil ar Sheirbhísí Tuaithe Rialta incháilithe Naisc Áitiúil TFI amháin*

Déan teagmháil leis an oifig Naisc Áitiúil TFI is gaire duit