Bealaí nua TFI NS1 agus NS2, ag seoladh 18 Deireadh Fómhair.

Inis

Beidh do bhealaí nua ag freastal ar cheantair lena n-áirítear Bóthar na Tulaí, Ospidéal na hInse, Páirc Chíosóg, Lár Bhaile na hInse agus Stáisiún na hInse, agus seirbhísí ag imeacht gach 30 nóiméad, 7 lá na seachtaine. Is é City Direct a oibríonn na seirbhísí seo thar ceann TFI.

Nuashonrú ar Stadanna Bhóthar na Tulaí ar Bhealach NS2

Cuirtear in iúl do phaisinéirí nach bhfuil na stadanna seo a leanas ar Bhealach NS2 ar Bhóthar na Tulaí i mbun seirbhíse faoi láthair:

  • An Cheapach Ard Stad 11813
  • An Seandún Stad 11810

Táimid i mbun oibre chun na stadanna sin a chur i mbun seirbhíse a luaithe is féidir agus gabhaimid leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht. Go raibh maith agat as d’fhoighne agus as bheith tuisceanach.

Léarscáil:

Ennis-Leap-Card-A4-Map-IRISH-2048x1448

 

ÍOSLÓDÁIL LÉARSCÁIL PDF SEIRBHÍSÍ BHAILE NA HINSE

ÍOSLÓDÁIL LÉARSCÁIL PDF SEIRBHÍSÍ BHAILE NA HINSE GA (Gaeilge)

Forbhreathnú ar an mBealach:

  • NS1: Baile Uí Mháille – Bóthar an Ghoirt – Ospidéal Ginearálta na hInse – Bóthar Leifir – Páirc Chíosóg – Lár Bhaile na hInse – Stáisiún na hInse – Coláiste Fhlannáin – Droichead an Chláir
  • NS2: Bóthar na Tulaí – Páirc Chíosóg – Lár Bhaile na hInse – Stáisiún na hInse – Coláiste Fhlannáin – Bóthar Chill Rois – Bóthar na Cloiche Léithe – Bóthar Sheanbhoithe

Minicíocht Seirbhíse:

Bealach Luan go Satharn Dé Domhnaigh
NS1 Gach 30 nóiméad ó 06:20 go 23:50 Gach 30 nóiméad ó 07:20 go 23:20
NS2 Gach 30 nóiméad ó 06:05 go 00:05 Gach 30 nóiméad ó 07:05 go 23:35

Amchláir:

Eolas ar Tháillí:

Cineál Táille Airgead Tirim Táille Leap
Duine Fásta €2.00 €1.50
Aosach Óg / Mac Léinn N/B €0.75
Leanbh €0.90 €0.65

Glactar leis an gCárta Leap TFI do Leanaí (5–8) ar an tseirbhís seo.
Taistealaíonn sealbhóirí an Chárta Seirbhíse Poiblí Saorthaistil agus leanaí faoi bhun 5 bliana d’aois saor in aisce.
Is féidir le paisinéirí taitneamh a bhaint as aistriú saoráideach idir bealaí NS1 agus NS2 ag baint leas as Cárta Leap TFI leis an táille 90 nóiméad TFI!

  • Sábháil suas le 30% ar tháillí airgid le do Chárta Leap TFI.

Cén áit ar féidir liom Cárta Leap TFI a cheannach?

Leabhrán:

Íoslódáil Leabhrán Seirbhísí Bhaile na hInse anseo