Ag obair go déanach san oíche nó ag tosú go luath? Cuireann líonra TFI seirbhísí ar chostas íseal ar fáil a dhéanann taisteal go déanach san oíche i mBaile Átha Cliath deas simplí.
Seirbhísí Oíche
Cuireann Bus Bhaile Átha Cliath dhá sheirbhís déag 24 uair ar fáil a bhíonn i bhfeidhm seacht lá na seachtaine thar deich mbealach.
- 15 Ó Chluain Ghrífín i dtreo Bhóthar Bhaile Uí Chuilinn
- 39a Ó Belfield COBÁC i dtreo Ongar
- 41 Ó Shráid na Mainistreach Íochtarach i dtreo Mhainéar Shoird
- C1 Ó Stáisiún Bhaile Adaim i dtreo Dhumhach Thrá
- C2 Ó Stáisiún Bhaile Adaim i dtreo Dhumhach Thrá
- C5 Ó Mhaigh Nuad i dtreo Bhóthar na Rinne
- C6 Ó Mhaigh Nuad i dtreo Bhóthar na Rinne
- E1 Ón gCoill Thuaidh i dtreo Bhaile Bhaltraim
- E2 Ó Bhaile Anraí i dtreo Dhún Laoghaire
- G1 Ó Dhuga Spencer i dtreo Luas na Bó Deirge
- G2 Ó Dhuga Spencer i dtreo Ionad Siopadóireachta Ghleann na Life
- N4 Ó Shráidbhaile an Iosta i dtreo Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir
Bus Oíche oícheanta Aoine agus Sathairn
Imíonn dhá bhealach déag Bus Oíche ó Lár Chathair Bhaile Átha Cliath gach oíche Aoine agus Sathairn chuig bruachbhailte ar fud Bhaile Átha Cliath:
- 7n Ó Shráid D’Olier i dtreo Sheanchille
- 29n Ó Shráid D’Olier i dtreo Bhóthar Bhaile Dúill
- 31n Ó Shráid D’Olier i dtreo Bhinn Éadair
- 33n Ó Shráid Westmoreland i dtreo Bhaile Brigín
- 42n Ó Shráid D’Olier i dtreo Phort Mearnóg
- 46n Ó Shráid D’Olier i dtreo Dhún Droma
- 49n Ó Shráid D’Olier. Go Tamhlacht (Cill na Manach)
- 69n Ó Ché Aston i dtreo Theach Sagard
- 70n Ó Shráid Westmoreland i dtreo Bhaile an Tirialaigh
- 77n Ó Shráid D’Olier i dtreo Thamhlachta (Eastát Westbrook)
- 84n Ó Shráid D’Olier i dtreo na gCloch Liath
- 88n Ó Shráid Westmoreland i dtreo Chill Dhéagláin
Laghdaíodh táillí na seirbhísí seo le déanaí go €2.40 nuair a úsáidtear Cárta Leap do dhaoine fásta; nó €1.20 nuair a úsáidtear Cárta Leap do Mhic Léinn nó do Dhaoine Óga (19-25).
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi tháillí agus cláir ama, tabhair cuairt ar https://www.dublinbus.ie/journey-information/night-time-services.