Na Príomhghnéithe

  • Bealaí níos éasca – seachain trácht trom
  • Bealaí cothromaithe – d’fhéadfadh roinnt tráchta throm a bheith ann
  • Bealaí Díreacha – d’fhéadfadh trácht trom a bheith ann
  • Sábháil na bealaí lena n-úsáid as líne
  • Seachain inlíochtaí deacra ag acomhail
  • Seachain Cnoic
  • An bealach a leanúint/rabhaidh inchloiste nuair a imítear den bhealach
  • An rothar a thabhairt ar bord traenach
  • Úsáid a bhaint as Rothair City Bike Hire
  • Áiritheoir calraí/ innéacs barraí seacláide
  • Bealaí téamúla
  • Faisnéis faoi airde

Soláthraíonn Aip Phleanálaí Rothaíochta TFI faisnéis faoi na bealaí rothaíochta is fearr le haghaidh turas i limistéir chathracha Bhaile Átha Cliath, Chorcaí, na Gaillimhe, Luimnigh agus Phort Láirge, agus sin ag brath ar do chumais rothaíochta.

Is féidir leat Aip Phleanálaí Rothaíochta TFI a úsáid ar líne nó is féidir an Aip a íoslódáil. Más duine tú atá díreach tar éis dul i mbun rothaíochta nó nár úsáid rothar le tamall fada, aimseoidh Pleanálaí Rothaíochta TFI bealach duit a sheachnaíonn bóithre ar a mbíonn trácht trom agus, ina theannta sin, a sheachnaíonn athruithe deacra treo ag acomhail ghnóthacha le go mbeidh tú ar do shuaimhneas agus tú ag rothaíocht sa bhaile mór.

Is féidir leat an aip a íoslódáil saor in aisce ó stóras aipeanna Apple le haghaidh iPhone agus iPad, nó ó stóras Google Play le haghaidh feistí Android.

Maidir le rothaithe ar mó an taithí atá acu, tabharfaidh an pleanálaí rothaíochta faisnéis duit faoin mbealach is dírí atá ar fáil agus, ag an am céanna, molfar rianta rothair i gcás a leithéid a bheith ann. Clúdaíonn an pleanálaí rothaíochta lár chathair Bhaile Átha Cliath agus na bailte móra is mó go léir ar fud Chontae Bhaile Átha Cliath agus, chomh maith leis sin, clúdaíonn sé Cathair Chorcaí, Cathair na Gaillimhe, Cathair Luimnigh agus Cathair Phort Láirge. Is féidir leat athrú ó chathair go cathair a dhéanamh ar an Aip trí úsáid a bhaint as na Cnaipí Roghnaithe Cathracha.

Chun úsáid a bhaint as Pleanálaí Rothaíochta TFI, clóscríobh do phointe tosaithe agus an áit ar mhaith leat dul chuici agus, ina theannta sin, is féidir leat rogha a dhéanamh maidir le do rothar a thabhairt ar bord traenach nó maidir le húsáid a bhaint as fruiliú rothair. Ag brath ar do chuid riachtanas, cuirfidh an aip roinnt roghanna éagsúla ar fáil duit. Níl le déanamh ach an rogha iomchuí a roghnú agus tús a chur le do thuras ansin.

Tá gné uathúil ag Pleanálaí Rothaíochta TFI i leith bealach a phleanáil, ar gné í ar a dtugtar ‘Athruithe Deacra Treo’ agus lena gcabhraítear leis an úsáideoir ní hamháin an bealach is fearr a aimsiú ach, freisin, na hacomhail chuí agus na hathruithe treo cuí a oireann dá gcumas rothaíochta a roghnú.  Mar shampla, ní dhíreofar duine a roghnaíonn an socrú ‘Bealach éasca’ chuig athrú treo deacair ar dheis ag acomhal gnóthach. Lorgóidh Pleanálaí Rothaíochta TFI bealach níos éasca chun déileáil leis an acomhal sin.

Mar chuid den Aip is féidir leas a bhaint as ‘Sábháil le haghaidh úsáid as líne’ le go mbeidh tú in ann do thuras rothaíochta a dhéanamh gan muirir sonraí ná fánaíochta a thabhú.

Maidir le Siúl & Rothaíocht

Tá rogha ar fáil ar leathanach idirlín Phleanálaí Turais TFI chun bealach rothaíochta a phleanáil ach is ceart duit a thabhairt do d’aire nach bhfuil an tseirbhís sin ar fáil ar an aip.

Tá stáisiúin Just Eat dublinbikes ann sa phleanálaí faoi láthair agus is féidir turas iomlán nó cuid de thuras a phleanáil trí úsáid a bhaint as dublinbike. Tá stáisiúin Coca-Cola Zero Bike suite i gCorcaigh, i Luimneach agus i nGaillimh agus tá siad san áireamh i bPleanálaí Rothaíochta TFI freisin.

Tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair ag leanúint de thacú le feabhsuithe fisiciúla ar an timpeallacht siúil agus rothaíochta trína Chlár maidir le Deontais do Bhearta Iompair Inbhuanaithe.

Reáchtálann an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA) ‘Dúshlán Rothaíochta’ gach bliain, mar aon le ‘Dúshlán Peidiméadair’ a eagrú. Déan seiceáil ar an láithreán gréasáin ‘Taisteal Níos Cliste’ chun tuilleadh faisnéis a fháil.