AIP TFI LIVE

TFI Live AppLeis an Aip TFI Live, tá sé chomh héasca agus is féidir faisnéis Fíor-ama agus faisnéis Pleanála Turais a rochtain ar fud ghréasán Transport for Ireland.

Le Teacht go Luath:

Táimid ag obair faoi láthair ar nuashonruithe ar an gcéad imscaradh eile uainn. Áirítear leo sin:

  • Malairtí Slí
    • I gcás go luafar san fhaisnéis fíor-ama go rachaidh bus ar mhalairt slí neamhbheartaithe feadh an bhealaigh, is féidir go ndéanfaidh turais atá pleanáilte leis an rogha “Leave Now” na turais bus sin a fhágáil amach as torthaí Pleanálaí Turais.
      Léireofar an turas i gceart sa scáileán ‘Departures’.
  • Colúin amchláir atá san ord croineolaíoch mícheart
    • Le linn cuardach le haghaidh amchlár, is féidir go léireofar san ord croineolaíoch mícheart aon bhealaí a bhfuil roinnt pointí tosaithe acu.
      Moltar duit na cnaipí ‘earlier’ agus ‘later’ a úsáid nuair atá tú ag amharc ar amchláir chun a chinntiú go bhfeicfidh tú na turais uile atá ar fáil. Ceartófar an fhadhb sin in eisiúint atá le teacht.
  • Amchláir Iarnróid
    • Nuair atáthar ag cuardach amchláir iarnróid, is féidir nach léireofar na stadanna idirmheánacha uile. Mar sin féin, léireofar an fhaisnéis chuí nuair atáthar ag pleanáil Plean Turais nó ag amharc ar an scáileán ‘Departures’.
  • Sonraí tram fíor-ama
    • I gcás pleananna turais lena mbaineann an Luas, is féidir go léireoidh an pleanálaí fad turais atá níos faide ná mar atá cruinn. Toradh féideartha a bheidh air sin is ea go molfaidh an Pleanálaí Turais duit nascthuras a thógáil in ionad fanacht ar an Luas. Cuirfear comhtháthú feabhsaithe le faisnéis fíor-ama Luas ar áireamh in eisiúint amach anseo.
  • Clúdach na mbealaí siúil
    • Tá feidhmiúlacht fheabhsaithe maidir le turais siúil fad-achair le teacht go luath. Mura moltar aon turas, bain triail as an bpointe tosaithe nó an ceann scríbe a choigeartú. B’fhearr iad a thabhairt níos gaire don ghréasán iompair phoiblí.
  • Aistrithe Bus (Seirbhísí athsholáthair iarnróid)
    • Le linn tréimhsí ina bhfuil cur isteach ann ar an ngréasán iarnróid, is féidir go mbeidh turais d’iarnród á n-oibriú go hiomlán nó go páirteach ag athsholáthar seirbhíse bus. Ní féidir é sin a fheiceáil san aip faoi láthair ach táimid ag féachaint leis an infheictheacht sin a fheabhsú.
  • Turais atá Curtha Isteach
    • I gcás go luafar san fhaisnéis fíor-ama go reáchtálfar bus breise, is féidir go ndéanfaidh turais atá pleanáilte leis an rogha “Leave Now” na turais bus bhreise sin a fhágáil amach as torthaí Pleanála Turais. Táimid ag féachaint lena chinntiú go gcuirfear iad sin ar áireamh in eisiúint amach anseo.
    • TFI Live Journey Planner 1 TFI Live Journey Planner 2 TFI Live Departures TFI Live Timetables TFI Live latest Map