Taisteal Níos Mó i gcomhair níos Lú airgid i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath!

Bain sult as 90 nóiméad taistil ar tháille íseal amháin le do Chárta TFI Leap.

Táille 90 Nóiméad TFI

Cathair Chorcaí

Tá táille 90 Nóiméad TFI i bhfeidhm ar thurais ar::

Táille 90 Nóiméad TFI
Duine Fásta €1.70
Aosach Óg (19–25) / Mac Léinn €0.85
Páiste (5–18) €0.55

 

Ceantar Bhaile Átha Cliath

Cuirtear an Táille 90 Nóiméad TFI i bhfeidhm maidir le formhór na dturas i gceantar Bhaile Átha Cliath, is cuma an bhfuil tú ag úsáid ilseirbhísí nó ag tabhairt faoi thuras amháin.

TFI 90 Minute Fare
Duine Fásta €2.00
Aosach Óg (19–25) / Mac Léinn €1.00
Páiste (5–18) €0.65

Seirbhísí incháilithe:

  • Bus Átha Cliath (seachas seirbhísí Express agus Nitelink, a chosnaíonn €2.40 do dhaoine fásta nó €1.20 do Mhic Léinn agus d’Aosaigh Óga)
  • Go-Ahead Ireland (Líonra Bus Chathair Bhaile Átha Cliath)
  • Luas (Líne Dhearg agus líne Uaine)
  • DART agus Iarnród Comaitéireachta Limistéar 1.
Conas a Oibríonn TFI 90
  • Tadhall ar le do Chárta Leap chun do 90 nóiméad a thosú
  • Tadhall ar le do chárta roimh gach turas bus
  • I mBaile Átha Cliath, tadhall ar agus tadhall as le haghaidh turas DART, traein comaitéireachta, agus Luas
  • Is féidir leat an t-am atá fágtha a sheiceáil ag baint úsáide as an d’aip Leap Top Up.

Uasteorainn Táille Leap

Cathair Chorcaí

Duine Fásta Aosach Óg / Mac Léinn Páiste
Teorainn Laethúil €5.10 €2.55 €1.65
Uasteorainn Sheachtainiúil €20.40 €10.20 €6.60

 

Ceantar Bhaile Átha Cliath

Cineál Uasteorann Duine Fásta Aosach Óg / Mac Léinn (19–25) / Student Páiste (5–18)
Teorainn Laethúil €6.00 €3.00 €1.95
Uasteorainn Sheachtainiúil
(Ón Luan go dtí an Domhnach)
€24.00 €12.00 €7.80

Nuair a shroichfidh tú an uasteorainn laethúil nó sheachtainiúil, ní asbhainfear aon Chreidmheas Taistil breise le haghaidh seirbhísí incháilithe i gceantar Bhaile Átha Cliath.

Fogra
  • Taistealaíonn leanaí idir 0 agus 4 bliana d’aois saor in aisce ar sheirbhísí TFI.
  • Taistealaíonn páistí idir 5 agus 8 mbliana d’aois saor in aisce le Cárta Leap TFI Páiste (5–8).
Tuilleadh Eolais

Tabhair cuairt ar leapcard.ie le haghaidh sonraí iomlána faoi tháillí, uasteorainneacha, agus conas do Chárta Leap a úsáid.

Ní íocfaidh tú. Déantar an Táille 90 Nóiméad TFI a asbhaint ag tús do chéad turais. Tá aon turas breise laistigh de 90 nóiméad saor in aisce, fad is a dhéanann tú tadhall ar nó tadhall as le do Chárta Leap gach uair.

Tá.
Ní mór duit tapáil air don dara turas agus do na turais ina dhiaidh sin laistigh de 90 nóiméad ón gcéad tapáil chun cáiliú don táille.

Ní bhaineann.

Níl Táille 90 Nóiméad TFI Chorcaí ar fáil faoi láthair ach ar sheirbhísí bus TFI Chathair Chorcaí.

Tá.

Ní bhaineann Táille 90 Nóiméad TFI Chorcaí ach le seirbhísí bus incháilithe TFI Chathair Chorcaí.
Níl an táille ar fáil ar sheirbhísí iarnróid agus ní bhaineann sí leis na bealaí bus seo a leanas:

  • 200
  • 226
  • 228
  • 240
  • 241
  • 245
  • 260
  • 261

Má thaistealaíonn tú ar aon cheann de na seirbhísí seo, ní áireofar an turas mar chuid de do theidlíocht ar Tháille 90 nóiméad TFI.

Ní féidir.
Má tá tú ag taisteal i gCathair Chorcaí le ticéad 24 uair, laethúil, seachtainiúil, míosúil nó bliantúil ar do Chárta Leap, ní mór duit dul chuig an tiománaí chun do thicéad a bhailíochtú.

Má tá tú ag íoc do níos mó ná duine amháin i gCathair Chorcaí, bain úsáid as Bailíochtóir an tiománaí. Ní bheidh feidhm ag Tháille 90 Nóiméad TFI nó Uasteorainn Táille Leap.

  • Má tá creidmheas taistil Leap, Pas Saorthaistil nó ticéad Linbh 5-8 in úsáid agat, bain úsáid as an bailíochtóir nua ar thaobh na láimhe deise agus tú ag dul isteach ar an mbus.
  • Má tá ticéad Laethúil/Seachtainiúil/Míosúil/Bliantúil á úsáid agat, nó más rud é go bhfuil tú ag íoc le hairgead tirim, bain úsáid as Bailíochtóir an tiománaí.
  • Má tá tú ag íoc do níos mó na duine amháin le Cárta Leap, bain úsáid as Bailíochtóir an tiománaí. Ní bheidh feidhm ag Tháille 90 Nóiméad TFI nó Uasteorainn Táille Leap.

Tá. Baineann an táille le seirbhísí incháilithe laistigh de Limistéar 1 Bhaile Átha Cliath. Má thrasnaíonn do Bhus Chathair Bhaile Átha Cliath isteach i Limistéar 2, beidh feidhm ag an táille 90 nóiméad TFI agus ag na huasteorainneacha laethúla/seachtainiúla araon. Tá na bealaí seo a leanas san áireamh: 33, 33a, 33x, 65, 65a, L1, L2, L3, X1, X2.

Tabhair faoi deara: Níl seirbhísí Bus Comaitéireachta Bhaile Átha Cliath (Bus Éireann & Go-Ahead Ireland) incháilithe don táille 90 nóiméad ná don uasteorainn TFI.

Baineann an Táille Ghearr le turais aonair de thart ar 2–3 km. Tarlaíonn athruithe mar gheall ar:

  • Suíomhanna stad i gcoibhneas le teorainneacha táillí
  • Treoracha bealaigh ag baint úsáide as sráideanna éagsúla
  • An gá atá le cur i bhfeidhm comhsheasmhach táillí

Gearrfar an Táille 90 Nóiméad TFI ort fós. Beidh aon turas laistigh de 90 nóiméad ón gcéad tadhall ar saor in aisce.

Ní mór duit tadhall ar sula dtéann tú ar bord agus tadhall as tar éis duit imeacht as Luas chun:

  • Fógra Táille Caighdeánach €100 a sheachaint
  • A chinntiú go bhfuil do thuras bailí
  • An luach táille is fearr a fháil

Gearrfar an táille uasta ort, is é sin an Táille 90 Nóiméad TFI.