Dóibh siúd le deacracht foghlama, uathachas nó aon riocht orthu ina féidir go mbeidh bac ar chumarsáid, JAM Card d’úsáideoirí cur in iúl do dhaoine eile go dteastaíonn beagáinín ama breise uathu ar bhealach neamhbhriathartha simplí éifeachtach. Bíonn JAM Card úsáideach san iompar poiblí, i dtimpeallacht mhiondíola nó in aon timpeallacht chustaiméara eile. Is féidir JAM Card a úsáid ar sheirbhísí Transport for Ireland lena n-áirítear Bus Éireann, Bus Bhaile Átha Cliath, Go-Ahead Ireland, Iarnród Éireann, Nasc Áitiúil TFI agus Luas.

Cad is JAM Card ann agus cé dó é?

Tugann JAM Card deis do dhaoine le bac cumarsáide acu a rá le daoine eile go discréideach agus go héasca go bhfuil ‘Nóiméad amháin’ riachtanach dóibh.

Chruthaigh NOW Group an JAM Card©, carthanacht agus fiontar sóisialta a bhfuil an-chuid duaiseanna buaite aige a thacaíonn le daoine a bhfuil éagsúlachtaí foghlama agus uathachas orthu poist fhadtéarmacha a fháil in Éirinn.

Lorg tuilleadh eolais faoin JAM Card© ag www.jamcard.org.

JAM card - front and back

 

Tá 3 rogha teachtaireachtaí ann le roghnú:

1) Bí foighneach liom, tá uathachas orm

2) Bí foighneach liom, tá míchumas/deacracht foghlama agam

3) Bí foighneach liom, tá riocht eile orm

Rachaidh an JAM Card chun tairbhe custaiméirí atá ag baint úsáide as an gcóras iompair phoiblí agus cinnteoidh sé go mbainfidh a laghad brú agus is féidir lena n-eispéireas.

Cá bhfaighidh mé JAM Card?

Tá slite difriúla ann JAM Card a fháil.

Download Apple Journey Planner travel app for IrelandDownload Journey Planner travel Android app for Ireland

 

Oibreoirí

Suíomhanna:

 

Maidir le seirbhísí cathrach, baile agus réigiúnach Bus Éireann

Glaoigh le do thoil ar: 0818 294 015

Lasmuigh d’Éirinn, glaoigh ar: +353 1575 6110

  • 7am – 7pm le linn na seachtaine
  • 8am – 6pm ag an deireadh seachtaine
  • 10am – 6pm ar an Domhnach agus Saoire Poiblí

Nó, Seol Teachtaireacht
Líon amach ár bhfoirm teagmhála gearr. Déanaimid iarracht freagra a thabhairt laistigh de 24 uair an chloig.

Suíomh: 59 Sráid Uí Chonaill Uachtarach

Fón: 01 873 4222
Ríomhphost: customercomment@dublinbus.ie
Suíomh Gréasáin: www.dublinbus.ie

 

Suíomh: Iosta na Bó Deirge – Timpeallán na Bó Deirge, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22

Fón: 01 4614911
Ríomhphost: info@luas.ie
Suíomh Gréasáin: www.luas.ie