Dóibh siúd le deacracht foghlama, uathachas nó aon riocht orthu ina féidir go mbeidh bac ar chumarsáid, JAM Card d’úsáideoirí cur in iúl do dhaoine eile go dteastaíonn beagáinín ama breise uathu ar bhealach neamhbhriathartha simplí éifeachtach. Bíonn JAM Card úsáideach san iompar poiblí, i dtimpeallacht mhiondíola nó in aon timpeallacht eile ina mbítear ag plé le custaiméirí. Is féidir JAM Card a úsáid ar sheirbhísí Transport for Ireland lena n-áirítear Bus Éireann, Bus Átha Cliath, Go-Ahead Ireland, Iarnród Éireann, Nasc Áitiúil TFI agus Luas.

JAM Card nua “Rampa Le Do Thoil”

I gcomhar le Now Group, thug Transport for Ireland (TFI) isteach JAM Card nua “Rampa Le Do Thoil” do phaisinéirí bus. Leis an gcárta, tá sé ar chumas custaiméirí an tiománaí a chur ar an eolas go discréideach go dteastaíonn uathu go n-ísleofar an rampa, gan aon iallach a bheith orthu iarratas ó bhéal a dhéanamh.

Leis an áis bhreise shimplí sin, cuirtear rochtain níos fearr ar thaisteal bus ar fáil, agus é níos ionchuimsithí agus níos compordaí, do phaisinéirí a bhféadfadh bacainní cumarsáide a bheith acu nó ar fearr leo bealach neamhbhriathartha a úsáid chun a gcuid riachtanas a chur in iúl.

Jam card launch image with Amy Claire, Anne Shaw NTAs CEO, NOW staff

 

Lean eispéireas Amy agus Claire agus iad ag úsáid sheirbhísí iompair phoiblí TFI, agus féach conas a fhágann an JAM Card a dturas níos éasca agus níos inrochtana.

Amy

Claire:

4 rogha

Tá 4 rogha teachtaireachtaí ann le roghnú:

  • Bí foighneach liom, tá uathachas orm
  • Bí foighneach liom, tá míchumas/deacracht foghlama agam
  • Bí foighneach liom, tá riocht orm
  • Rampa Le Do Thoil

Cá bhfaighidh mé JAM Card?

  1. Tá aip JAM Card ar fáil d’úsáideoirí ghutháin Android agus iOS. Tugann an aip deis duit do rogha teachtaireachta a roghnú, léirmheasanna a scríobh agus gnólachtaí eile a thacaíonn le JAM a aimsiú. Íoslódáil an aip ón App Store nó ó Google Playstore.
    • Download Apple Journey Planner travel app for IrelandDownload Journey Planner travel Android app for Ireland
  2. Is féidir leat do JAM Card a fháil ó oibritheoirí Transport for Ireland (TFI) thíos.
  3. Is féidir leat JAM Card a fháil ó Ionad Teagmhála do Chustaiméirí TFI
    • Glaoigh le do thoil ar: 0818 294 015
      Lasmuigh d’Éirinn, glaoigh ar: +353 1575 6110
    • 7 a.m. – 7 p.m. le linn na seachtaine
    • 8 a.m. – 6 p.m. ar an Satharn
    • 10 a.m. – 6 p.m. ar an Domhnach agus ar Laethanta Saoire Poiblí
    • Nó, líon isteach ár bhfoirm ghairid theagmhála chun teachtaireacht a sheoladh chuig ball dár bhfoireann seirbhíse do chustaiméirí:
      Seol Teachtaireacht
  4. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar cheann go díreach ó NOW Group freisin ach cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin JAM Card agus an fhoirm iarratais a chomhlánú.

Jam Card JAM Card 435x653 Ramp please card

 

Oibreoirí

Suíomhanna:

 

Maidir le seirbhísí cathrach, baile agus réigiúnach Bus Éireann

Glaoigh le do thoil ar: 0818 294 015

Lasmuigh d’Éirinn, glaoigh ar: +353 1575 6110

  • 7am – 7pm le linn na seachtaine
  • 8am – 6pm ag an deireadh seachtaine
  • 10am – 6pm ar an Domhnach agus Saoire Poiblí

Nó, Seol Teachtaireacht
Líon amach ár bhfoirm teagmhála gearr. Déanaimid iarracht freagra a thabhairt laistigh de 24 uair an chloig.

Suíomh: 59 Sráid Uí Chonaill Uachtarach

Fón: 01 873 4222
Ríomhphost: customercomment@dublinbus.ie
Suíomh Gréasáin: www.dublinbus.ie

 

Suíomh: Iosta na Bó Deirge – Timpeallán na Bó Deirge, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22

Fón: 01 4614911
Ríomhphost: info@luas.ie
Suíomh Gréasáin: www.luas.ie