Lascainí Cárta Leap d’Aosaigh Óga & do Mhic Léinn

Má tá tú idir 19 agus 25 bliain d’aois nó más mac léinn lánaimseartha thú in oideachas tríú leibhéal, is féidir leat lascaine 50% a fháil ar tháillí iompair phoiblí le Cárta Leap bailí d’Aosaigh Óga nó do Mhic Léinn.

Conas an Lascaine a fháil

  1. Ordaigh do chárta ag www.Leapcard.ie
  2. Bain úsáid as do chárta le hoibreoirí rannpháirteacha ar cheann de na bealaí seo a leanas:

Bealaí chun do Lascaine a Fháil

  • Creidmheas Taistil
    Glacann go leor oibreoirí le Creidmheas Taistil go díreach ó do Chárta Leap d’Aosaigh Óga nó do Mhic Léinn.
  • TFI Go App
    Úsáideann roinnt oibreoirí an TFI Go App. Íoslódáil é saor in aisce ó Apple App storeGoogle Play store.
    Taispeáin do Chárta Leap d’Aosaigh Óga nó do Mhic Léinn don tiománaí chun incháilitheacht a fhíorú.
  • Ticéid ar Líne
    Cuireann roinnt oibreoirí ticéid ar lascaine ar fáil ar líne. Ní mór duit do Chárta Leap d’Aosaigh Óga nó do Mhic Léinn bailí a bheith agat agus tú ag taisteal chun incháilitheacht a chruthú.

Leap card young adult and student in irisbh as gaeilge

Déan iarratas ar do cheannsa ag Leapcard.ie