Tá seirbhís nua bus oíche á reáchtáil ar bhonn píolótach i Sligeach, Longfort agus Bun Cranncha.

The One @ One is ainm don tseirbhís. Beidh sé ar siúl go déanach san oíche ag dheireadh seachtaine faoi leith in 2026 agus tá sé mar aidhm ag an seirbhís é a dhéanamh níos fusa do dhaoine dul abhaile tar éis oícheanta taitneamhacha sa bhaile mór.

TFI Local Link bus by the sea

Tá an The One @ One ar bhonn píolótach deartha chun:

  • Taisteal níos sábháilte agus níos éasca a chur ar fáil i ndiaidh titim na hoíche
  • Cabhrú le daoine taitneamh a bhaint as oícheanta amuigh agus gan imní a bheith orthu faoi dhul abhaile
  • Tacú le gnólachtaí áitiúla a fheidhmíonn sa tráthnóna agus san oíche
  • Éileamh ar iompar poiblí oíche a thástáil i mbailte níos lú

Bealaí i ngach baile

Cuirfidh an tseirbhís déanach san oíche seo leis na bealaí Nasc Áitiúil atá ann cheana.

Tar éis comhairliúcháin leis an Údarás Náisiúnta Iompair:

  • Tá sé beartaithe ag Nasc Áitiúil TFI Dhún na nGall Sligeach Liatroim leathnú a dhéanamh ar Bhealach 981 a oibríonn ó Chúil Áine go Sligeach.
  • Tá sé beartaithe ag Nasc Áitiúil TFI Dhún na nGall Sligeach Liatroim leathnú a dhéanamh ar Bhealach 959 a oibríonn ón gCaisleán Nua go Leitir Ceanainn trí Bhun Cranncha.
  • Tá sé beartaithe ag Nasc Áitiúil TFI An Longfoirt An Iarmhí Ros Comáin leathnú a dhéanamh ar Bhealach 865 a oibríonn ó Loch Gamhna go dtí an Longfort.

Cathain a bheidh teacht ar na seirbhísí bus

Beidh seirbhísí bus The One @ One ag imeacht go déanach oíche Dé hAoine, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh ar:

  • Deireadh Seachtaine Saoire Bainc Mhí na Bealtaine– Aoine 1, Satharn 2 agus Domhnach 3 Bealtaine
  • Deireadh Seachtaine Saoire Bainc Mhí an Mheithimh– Aoine 29, Satharn 30 agus Domhnach 31 Bealtaine
  • Deireadh Seachtaine Saoire Bainc Mhí Lúnasa– Aoine 31 Iúil, Satharn 1 Lúnasa, Domhnach 2 Lúnasa
  • Deireadh Seachtaine Saoire Bainc Mhí Dheireadh Fómhair– Aoine 23, Satharn 24 agus Domhnach 25 Deireadh Fómhair
  • Oíche Chultúir – Aoine 18 Meán Fómhair

Cé dó a bhfuil an tseirbhís

Tá an tseirbhís le haghaidh? Gach duine ach go háirithe:

  • Daoine atá ag baint sásamh as tráthnónta agus oícheanta amuigh
  • Daoine atá ag obair ar shealanna déanacha
  • Mic léinn agus aosaigh óga
  • Aon duine a bhfuil bealach sábháilte agus iontaofa abhaile de dhíth orthu san oíche

Tá sí dírithe go háirithe ar thacú leis an nGeilleagar Oíche i ngach baile.

Sula dtaistealaíonn tú

Deimhneofar na sonraí seo a leanas sula gcuirfear an tseirbhís ar bun:

  • Amchláir agus amanna imeachta deiridh
  • Cineálacha ticéad agus praghsáil
  • Eolas ar Rochtain
  • Socruithe sábháilteachta agus slándála

Tabhair do bharúil faoin seirbhís seo atá á reáchtáil ar bhonn píolótach

Má úsáideann tú seirbhísí One @ One atá á reáchtáil ar bhonn píolótach, cabhróidh d’aiseolas chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an leagan amach a bheidh ar chúrsaí iompair go déanach san oíche amach anseo.

Coinnigh súil amach don suirbhé ar bord nó glac páirt ar líne tar éis do thurais.