Tá sé mar aidhm ag tograí feabhas a chur ar naisc iompair phoiblí ar fud Bhaile Brigín, na Sceirí, Lusca, an Ros, Domhnach Bat, Sord agus Aerfort Bhaile Átha Cliath – go dtí 5pm an 15 Eanáir 2027

Tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) ag tabhairt cuireadh do dhaoine den phobal a dtuairimí a chur in iúl maidir le tograí chun feabhas a chur ar sheirbhísí bus a fhreastalaíonn ar phobail chósta Fhine Gall, lena n-áirítear Baile Brigín, na Sceirí, Lusca, an Ros, Domhnach Bat agus na ceantair máguaird.

Freagairt d’fhás suntasach daonra ar fud Fhine Gall Thuaidh, Sord agus Aerfort Bhaile Átha Cliath

Tá sé mar aidhm ag na tograí freagairt d’fhás suntasach daonra agus d’fhorbairt tithíochta ar fud Fhine Gall Thuaidh trí rochtain ar iompar poiblí a leathnú, naisc le cinn scríbe áitiúla, seirbhísí iarnróid, Sord agus Aerfort Bhaile Átha Cliath a fheabhsú, agus clúdach líonra bus a leathnú chuig pobail atá ag fás.

Tá an comhairliúchán mar chuid de Chlár Athdheartha Líonra BusConnects Bhaile Átha Cliath, atá ag athrú líonra bus Bhaile Átha Cliath trí sheirbhísí níos minice, naisc fheabhsaithe agus roghanna iompair leathnaithe.

Nascacht fheabhsaithe ar fáil do Bhaile Brigín, do na Sceirí, don Ros, do Lusca agus do Dhomhnach Bat 

Dúirt Jeremy Ryan, Stiúrthóir Seirbhísí Iompair Phoiblí ag an Údarás Náisiúnta Iompair:

“Tá fás suntasach tagtha ar Fhine Gall Thuaidh le blianta beaga anuas, agus tá sé tábhachtach go bhforbródh seirbhísí iompair phoiblí chun freastal ar riachtanais na bpobal áitiúil. Chuirfeadh na tograí sin nascacht fheabhsaithe ar fáil do Bhaile Brigín, do na Sceirí, don Ros, do Lusca, do Dhomhnach Bat agus do na ceantair máguaird, agus ag an am céanna chuirfeadh siad feabhas ar naisc le Sord, le hAerfort Bhaile Átha Cliath agus leis an ngréasán iompair phoiblí i gcoitinne.

Molaimid do gach duine a chónaíonn, a oibríonn, a dhéanann staidéar nó a thaistealaíonn sa cheantar, athbhreithniú a dhéanamh ar na tograí agus a dtuairimí a chur in iúl. Cuid thábhachtach den phróiseas is ea aiseolas ón bpobal agus cuideoidh sé chun bonn eolais a chur faoi na pleananna deiridh.”

Feabhsuithe atá beartaithe

Tá an ÚNI ag moladh go dtabharfaí isteach bealach bus nua, L86, idir Baile Brigín agus Aerfort Bhaile Átha Cliath trí na Sceirí, Loch Sionnaigh, an Ros, Lusca, Domhnach Bat agus Sord.

Ina theannta sin, leathnófaí an bealach L85 atá beartaithe trí Bhaile Brigín chuig foirceann nua ag Ionad Siopadóireachta Millfield, lena soláthrófaí rochtain níos fearr ar Stáisiún Iarnróid Bhaile Brigín agus ar phríomhcheantair chónaithe.

In éineacht leis an tseirbhís L83 atá beartaithe idir Port Reachrann agus Aerfort Bhaile Átha Cliath, sholáthródh na tograí naisc fheabhsaithe le fostaíocht, oideachas, cúram sláinte, saoráidí fóillíochta agus seirbhísí riachtanacha eile ar fud an réigiúin.

Buntáistí na dTograí

Áirítear an méid seo a leanas ar phríomhbhuntáistí na bhfeabhsuithe líonra atá beartaithe:

  • Cumhdach iompair phoiblí leathnaithe i bpobail atá ag fás.
  • Nascacht fheabhsaithe le hAerfort Bhaile Átha Cliath agus Sord.
  • Rochtain níos fearr ar sheirbhísí iarnróid agus ar lár bailte.
  • Seirbhísí nua do cheantair chónaitheacha nach bhfuil naisc dhíreacha bus acu faoi láthair.
  • Deiseanna feabhsaithe idirmhalartaithe le seirbhísí BusConnects níos leithne.
  • Busanna íseal-urláir atá inrochtana go hiomlán agus atá ag feidhmiú mar líonra bus de chuid Cheantar Bhaile Átha Cliath.
  • Cuimsiú laistigh de struchtúr Táille 90-Nóiméad TFI.

Táthar ag súil go n-oibreoidh na seirbhísí atá beartaithe seacht lá na seachtaine idir thart ar 5:30am agus meán oíche, faoi réir na pleanála oibríochtúla deiridh.

Nocht Do Thuairim

Tá an ÚNI ag spreagadh cónaitheoirí, comaitéirí, gnólachtaí, grúpaí pobail agus páirtithe leasmhara eile chun athbhreithniú a dhéanamh ar na tograí agus aiseolas a thabhairt.

Tá tuairimí á lorg ag an gcomhairliúchán maidir leis an méid seo a leanas:

  • Cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na hailínithe bealaí atá beartaithe riachtanais taistil áitiúla.
  • Inrochtaineacht agus áisiúlacht na suíomhanna bealaigh atá beartaithe.
  • Na minicíochtaí seirbhíse agus na huaireanta oibriúcháin atá beartaithe.
  • Aon mholtaí breise a d’fhéadfadh feabhas a chur ar inrochtaineacht an iompair phoiblí sa cheantar.

Beidh an comhairliúchán poiblí ar oscailt go dtí 5pm an 15 Eanáir 2027.

Tá na doiciméid chomhairliúcháin, na léarscáileanna bealaí agus an fhoirm aighneachta ar líne ar fáil ag:

Comhairliúcháin maidir le | Tairseach Comhairliúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair

Imeachtaí Faisnéise Poiblí

Beidh deis ag daoine den phobal freisin na tograí a phlé go díreach le hionadaithe ÚNI ag na himeachtaí faisnéise poiblí seo a leanas:

  • Leabharlann Dhomhnach Bat – 7 Eanáir 2027, ó 1:45pm go 5:00pm
  • Leabharlann Bhaile Brigín – 11 Eanáir 2027, ó 1:45pm go 5:00pm

Conas aighneacht a dhéanamh

Is féidir aighneachtaí a dhéanamh ar líne tríd an tairseach comhairliúcháin: