Féadfaidh le páistí agus le daoine óga uile faoi bhun 19 mbliana d’aois taisteal in aisce ar cheann ar bith den bhreis agus 1,000 seirbhís Local Link a chuirtear ar fáil go náisiúnta go dtí an 30 Iúil.
Spreagann an promóisean ‘Páistí in Aisce’ idir theaghlaigh, pháistí agus déagóirí chun úsáid a bhaint as seirbhísí Local Link agus iad i mbun gníomhaíochtaí fóillíochta, agus chun áiteanna éagsúla a fheiceáil i gceantair thuaithe sula bhfillfidh na páistí ar an scoil i ndiaidh laethanta saoire an tsamhraidh.

Chomh maith leis sin, cuireann sé béim ar na roghanna inmharthana iompair phoiblí atá ar fáil do gach aoisghrúpa i gceantair áitiúla agus thuaithe ar fud na hÉireann, agus cuireann sé i gcuimhne dúinn gur cuid bhuan, ríthábhachtach de chóras iompair phoiblí na hÉireann iad seirbhísí tuaithe.
Tá méadú leanúnach ar líon paisinéirí Local Link, atá á maoiniú faoin gClár Iompair Tuaithe, agus breis agus 1.9 milliún paisinéirí ann a d’úsáid seirbhísí iompair tuaithe in 2017. Ba ionann sin agus méadú nach mór 6% i gcomparáid le 2016.

Arsa Anne Graham, Príomhfheidhmeannach an Údaráis Náisiúnta Iompair: “Anois go bhfuil na páistí ar saoire ón scoil, tá súil againn go n-úsáidfidh an oiread teaghlach agus is féidir seirbhísí Local Link ina gceantair féin chun leas a bhaint as na himeachtaí agus na féilte iontacha a bheidh ar siúl ó cheann ceann na tíre.”

“Spreagadh luachmhar is ea an promóisean seo do dhaoine óga dul i dtaithí ar an iompar poiblí, bíodh sin ag bualadh le cairde sa bhaile in aice láimhe, nó ag dul ar cuairt ar dhaoine muinteartha leo i gceantair eile dá gcontae féin.”

“Léiríonn an tionscnamh seo a thiomanta agus atá an tÚdarás Náisiúnta Iompair do sheirbhísí iompair tuaithe agus an ról atá aige maidir le feabhas a chur ar chaighdeán saoil an phobail agus le dul I ngleic le heisiamh sóisialta i gceantair thuaithe.”
Tá an promóisean seo mar chuid d’fheachtas ‘Páistí in Aisce’ níos leithne a bhaineann le modhanna uile an iompair phoiblí.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin tairiscint ar líne ach dul chuig www.locallink.ie.