Tá fógartha inniu ag TFI Nasc Áitiúil Chiarraí go bhfuiltear ag leathnú a seirbhísí go dtí An Daingean agus an ceantar máguaird in Iarthar Duibhneach.

Le seoladh ar 19th Aibreán, beidh an leathnú seo ar sheirbhísí le feiscint i bhfoirm dhá bhus de chuid TFI Nasc Áitiúil Chiarraí a bheidh ag feidhmiú ar mhórbhóithre agus mionbhóithre na dúthaí, ag tabhairt radharc ar thaobh tíre álainn na leithinse, fad is atáthar ag soláthar ceangal dá bpaisinéirí leis An Daingean agus seirbhísí ar aghaidh go Trá Lí.

Beidh an tseirbhís seo déanta suas de mheascán de sheirbhísí Iompar a Fhreagraíonn d’Éileamh (IFÉ), a fheidhmíonn ar bhonn ‘doras-go-doras’ chomh fada agus is féidir, agus réimse Sheirbhísí Tráthrialta Tuaithe (STT) a fheidhmeoidh ar bhonn pointe-go-pointe le hamchláir agus stopanna socraithe.

  • Bealach 277 An Daingean – Fionn Trá – Baile an Fheirtéaraigh – Dún Chaoin (Luan go Domhnach)

Is seirbhís STT í seo, go bunúsach, ach baileofar daoine ar bhonn IFÉ ag amanna áirithe gach lá.

Beidh an dá sheirbhís seo a leanas ag feidhmiú ar bhonn IFÉ (doras-go-doras):

  • R73 – An Daingean – Gallaras – Muiríoch – An Fheothanach – Baile na nGall (Máirt, Déardaoin, Aoine agus Satharn)
  • R74 – An Daingean – Lios Póil – Abhainn an Scáil (Luan agus Céadaoin)

Cuireadh an gá atá ann le leathnú ar sheirbhísí TFI Nasc Áitiúil in Iarthar Duibhneach in iúl do TFI Nasc Áitiúil trí phróiseas comhairliúcháin lenár bpaisinéirí agus páirtithe leasmhara. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil chomh maith leis an bpobal ginearálta a bhaineann feidhm as an gcóras iompar poiblí, Mol an Daingin, Forbairt Chiarraí Thuaidh, Thoir agus Theas is a gcoistí gníomhaíochta áitiúla, Comhaontas Turasóireachta Chorca Dhuibhne, Comhairle Contae Chiarraí agus a hIonadaithe Tofa Poiblí.

Do chuir Alan O’Connell, Bainisteoir Ginearálta ar TFI Nasc Áitiúil Chiarraí, síos ar an leathnú seirbhísí mar “chomhthionscnamh idir an Fhoireann Iompar Tuaithe san Údarás Náisiúnta Iompair agus TFI Nasc Áitiúil Chiarraí atá dírithe ar nascanna tráthrialta a sholáthar idir an Daingean agus áiteanna máguaird a raghfaidh chun leas daoine áitiúla agus turasóirí araon.”

“Trí sheirbhís thráthrialta iontaofa iompair phoiblí a sholáthar ar an leithinis, cuirfidh na seirbhísí bus seo iompar níos fusa ar fáil do dhaoine agus iad i mbun a saoil laethúil, chun gur féidir leo teacht ar sheirbhísí agus áiseanna riachtanacha, nó chun cuairt a thabhairt ar na sráidbhailte áille, láithreacha aoibhne agus áiteanna spéisiúla iomadúla as a bhfuil cáil ar Chorca Dhuibhne.

Bhí fonn ar Alan aird a tharraingt leis ar an tslí go mbeidh “am na mbusanna roghnaithe chun ceangal le seirbhís Bus Éireann 275 a théann ón Daingean go Trá Lí, rud a fhágann go mbeidh daoine in ann dul ó Dhún Chaoin, An Buailtín nó Fionn Trá go Trá Lí agus thar n-ais arís in aon lá amháin. Is ionann an méid seo ann féin agus leathnú suntasach ar sheirbhísí iompair.”

“Tá tús áite tugtha againn do roinnt stráicí de na bealaí bus seo le feidhmiú ar an mbonn ‘Iompar a Fhreagraíonn d’Éileamh’ (IFÉ) agus, dá bhrí sin, táimid ag iarraidh ar phaisinéirí nach bhfuil ina gcónaí taobh an phríomhbhealaigh nó i ngiorracht stop bus teagmháil a dhéanamh linn agus clárú linn don rogha seo.”

Dúirt Hilary Scanlan, Cathaoirleach TFI Nasc Áitiúil Chiarraí:

“Thar cheann TFI Nasc Áitiúil Chiarraí, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na heagrais, áisíneachtaí agus grúpaí ar fad a ghlac páirt sa phróiseas comhairliúcháin is a chinntigh go n-aithneofaí riachtanaisí iompair an cheantair. Tá an obair seo tar éis tús a chur le leathnú ar sheirbhísí bus a raghfaidh chun leas phobal Chorca Dhuibhne agus cuairteoirí ar an dúthaigh araon.

Ba mhaith liom, chomh maith céanna, aitheantas a thabhairt d’obair dhian agus dúthracht ár bhfoirne agus tiománaithe bus ar fud Chiarraí, fad is atáid ag leanúint orthu ag tacú le daoine agus pobail an chontae chun ceangal a choimeád lena chéile, go háirithe sa tréimhse dhúshlánach ina bhfuilimid faoi láthair. Anuas air sin, ba mhaith liom a chur i gcuimhne do dhaoine go bhfuil na táillí bus an-réasúnta – idir €2 agus €5 ar thicéad fillte – agus go nglactar le pasanna saorthaistil ar ár seirbhísí go léir”

Chuir Anne Graham, Príomhfheidhmeannach an Údaráis Náisiúnta Iompair, fáilte roimh an nuacht:

“Cuirfidh leathnú ar sheirbhísí TFI Nasc Áitiúil rochtain níos fearr ar áiseanna áitiúla ar fáil in Iarthar Duibhneach, agus cuirfidh seo feabhas nach beag ar shaol na ndaoine atá ag maireachtaint in áiteanna cuíosach iargúlta sa cheantar.

Tá rath mór ar sheirbhísí TFI Nasc Áitiúil ar fud an chontae cheana féin agus, sa tréimhse dhúshlánach seo, leanann ár bhfoireann ag léiriú an-teacht aniar agus solúbthachta ó thaobh na seirbhíse a sholáthraítear don phobal.

Anuas air sin, cruthóidh na seirbhísí nua nascanna níos fearr idir bailte agus sráidbhailte Chiarraí agus seirbhís atá comhtháite níos fearr le seirbhísí náisiúnta eile.”

Conas ab fhéidir le TFI Nasc Áitiúil Chiarraí cabhrú leatsa?

Tá TFI Nasc Áitiúil Chiarraí anseo chun tú a thabhairt go ceann scríbe. B’fhéidir go bhfuil tú id’ chónaí ar cheann dár mbealaí atá ann cheana féin, nó b’fhéidir go bhfuil seirbhísí againn ar féidir leo tú a thabhairt go leac an dorais? Déan teagmháil leis an oifig ag 066 7147002 nó ar r-phost ag bookings@locallinkkerry.ie chun do riachtanaisí taistil a chur in iúl dúinn.

Go raibh maith agaibh as bhur bhfoighne maidir lenár gcumas laghdaithe reatha de bharr srianta ar thaisteal riachtanach. Is gá suíochán ar ár seirbhísí a chur in áirithe.

Chun féachaint ar amchláir, tabhair cuairt ar ár suíomh gréasáin ag www.locallinkkerry.ie nó ar na meáin shóisialta  – Facebook, Twitter nó Instagram. Nó is féidir leat glaoch orainn ag an oifig agus seolfaimid cóip amach chughat.