Tá do Líonra TFI á leathnú le 9 mbealach nua
Bealaí nua | Bealaí Leasaithe | Íoslódáil Leabhair | Amchláir & Léarscáileanna bealaí | Léarscáileanna bealaí | Treoir Minicíochta | Táillí | Aistrigh idir seirbhísí TFI | Cineálacha bealaí líonra nua | Cabhair agus Teagmháil | Ceisteanna Coitianta
Leanfar de Chéim 7 a rolladh amach an 19 Deireadh Fómhair
Leis an gcéim seo,
- cuirtear bealaí nua 24-uair an chloig ar fáil F1, F2 agus 80.
Áireofar leis sin freisin seoladh
- bealaigh Dromlaigh F3,
- agus bealaí Gathacha 23, 24, 73, 82
- agus bealach Áitiúl L89.
Bealaí nua á seoladh an 19 Deireadh Fómhair
F1 |
Baile Munna (IKEA) – Fionnghlas – An Lár – Tamhlacht (An Chearnóg) |
F2 |
Ionad Siopadóireachta Bhaile Shéarlais – An Lár – Ros Mór |
F3 |
Ionad Siopadóireachta Bhaile Shéarlais – An Lár – Na Glaschnoic |
23 |
Ionad Siopadóireachta Bhaile Shéarlais – Fionnghlas – Cearnóg Mhuirfean |
24 |
Aerfort Bhaile Átha Cliath – Garraithe na Lus – Cearnóg Mhuirfean |
73 |
Marino – Sráid Thomáis – Baile Bhailcín |
80 |
Dartraí – Cé Uiséir – Gleann na Life |
82 |
Coill Tobair – Faiche Stiabhna – An Poll Beag |
L89 |
Móinéar na hAbhann – Fionnghlas – Droichead Broome |
Bealaí Leasaithe
Leanfar de Chéim 7 a rolladh amach an 19 Deireadh Fómhair
Ní bheidh na bealaí seo a leanas ag oibriú a thuilleadh:
9, 26, 40, 40b, 49, 54a, 83, 83a, 123 agus 140.
- Le Bealach 122

- atreorófar go Bóthar Chnoc Mór na nGaibhlte in ionad Bóthar Bheanna Boirche.
- Le Bealach 150

- atreorófar go Coláiste na nGlaschnoc, in ionad Ros Mór.
- Leis an ailíniú athbhreithnithe, freastalaítear trí Bóthar na Tiníleach agus Ascaill na Tiníleach.
- Le Bealaí 16 agus 27b
Íoslódáil Leabhair
ÍOSLÓDÁIL LEABHAIR : CÉIM 7 – DROMLACH F – GA (PDF)
ÍOSLÓDÁIL LEABHAIR : CÉIM 7 – DROMLACH F – GA INROCHTANA (MS WORD)
Amchláir & Léarscáileanna bealaí
ÍOSLÓDÁIL LÉARSCÁIL: CÉIM 7 – DROMLACH F – GA (PDF)
Ioslódáil Amchláir & Léarscáileanna bealaí anseo
Léarscáileanna bealaí
Dromlaigh F1 agus F2 :Baile Munna, Fionnghlas, An Lár, Tamhlacht
Treoir Minicíochta

Táillí
Tá Táille 90-Nóiméad TFI ar fáil ar an Luas agus ar gach seirbhís Bus Chathair Bhaile Átha Cliath, arna n-oibriú ag Bus Átha Cliath agus Go-Ahead Ireland, (fiú má théann an bealach ó Chrios 1 go Crios 2). Tá gach bealach bus atá san áireamh i gCéim 7 incháilithe do Tháille 90-Nóiméad TFI.
Tá Táille 90 Nóiméad TFI ar fáil freisin ar sheirbhísí DART. Féadfar Táille Tapáil Ar tosaigh níos airde a ghearradh ar phaisinéirí de réir a n-áite imeachta (agus cuirfear an táille bheacht don cheann scríbe i bhfeidhm tráth Tapáil As).
Táillí TFI Leap |
Duine Fásta |
Aosach Óg (19-25)
/ Mac Léinn |
Páiste |
Táille Ghearr |
€1.50 |
€0.75 |
€0.65 |
Táille 90-Nóiméad TFI |
€2.00 |
€1.00 |
€0.65 |
Táille Airgid TFI |
Duine Fásta |
Páiste |
Táille Ghearr |
€2.00 |
€0.90 |
Táille Fada |
€2.60 |
€0.90 |
Aistrigh idir seirbhísí TFI
Le Céim 7, cuirtear naisc úrnua ar fáil trasna modhanna iompair iomadúla. Bain úsáid as do Chárta Leap TFI mar is gnách chun aistriú idir na seirbhísí thíos.
Cineálacha bealaí líonra nua
Le Athdhearadh Líonra BusConnects, cuireadh cúig chineál bealaigh ar fáil a oibríonn ar bhealaí éagsúla.
- Dromlach
- Is bealaí níos minice iad Dromlaigh atá comhdhéanta de sheirbhísí bus aonair atá sceidealaithe chun oibriú le chéile thar a limistéir coitianta
(m.sh., F Dromlaigh = F1+F2+F3).
I measc roinnt samplaí de Dhromlaigh a rolladh amach cheana féin, tá C1, C2, C3, C4,
E1, E2, G1, G2, H1, H2 agus H3.
- Cuarbhealaí
- Le Cuarbhealaí, cuirtear naisc ar fáil idir bruachbhailte, gan a bheith ort taisteal isteach chuig an Lár. I measc roinnt samplaí de Chuarbhealaí a rolladh amach cheana féin, tá N2, N4, N6, S2, S4, S6, S8, W2, W4 agus W6.
- Áitiúil
- Le Bealaí Áitiúla cuirtear naisc ar fáil chuig ionaid áitiúla agus nasc chuig naisc iompair chun dul ar aghaidh. I measc roinnt samplaí de Bhealaí Áitiúla a tugadh isteach cheana tá L1, L2, L3, L12, L14, L15, L25, L26, L27, L51, L52, L53, L54, L55, L58 agus L59.
- Gathach
- Is seirbhísí eile iad Seirbhísí Gathacha a fhreastalaíonn ar Lár Bhaile Átha Cliath. Níl na seirbhísí Gathacha seo mar chuid d’aon Dromlach agus oibríonn siad de réir a n-amchláir féin. I measc roinnt samplaí de Sheirbhís Gathacha a rolladh amach cheana féin, tá 19, 52, 60 agus 74.
- Bealaí Buaicuaireanta Amháin / Luasbhealaí
- Oibríonn Buaicuaireanta le linn tréimhsí taistil buaicuaireanta, rud a chuireann acmhainn bhreise ar fáil feadh príomhchonairí bus. Is seirbhísí díreacha iad Luasbhealaí ó bhruachbhailte seachtracha go dtí an Lár le linn buaicuaireanta, a fhreastalaíonn ar líon stadanna teoranta chun paisinéirí a iompar chuig a gceann scríbe ar bhealach níos tapúla. I measc roinnt samplaí de Bhealaí Buaicuaireanta Amháin/Luasbhealaí a rolladh amach cheana féin, tá X1, X2, X25, X26, X27, X28, X30, X31 agus X32.
Cabhair agus Teagmháil
-
Lasmuigh d’Éirinn, glaoigh ar: +353 1575 6110
- 7am – 7pm le linn na seachtaine
- 8am – 6pm ag an deireadh seachtaine
- 10am – 6pm ar an Domhnach agus Saoire Phoiblí
Nó, seol teachtaireacht chuig
Líon amach ár bhfoirm theagmhála gearr. Freagróidh ball dár bhfoireann seirbhíse do chustaiméirí chomh luath agus is féidir.
Seol teachtaireacht chugainn ar:
Ceisteanna Coitianta
Ceisteanna Coitianta
Tá an líonra nua BusConnects deartha chun bealaí ardmhinicíochta a sholáthar idir príomhcheann scríbe ar fud na cathrach.
- I gcás fhormhór na bpaisinéirí,
- cé go mbeidh uimhreacha na mbealaí nua, ní bheidh aon athrú ar líon na mbealaí bus a theastaíonn chun a dturas a dhéanamh.
- I gcás roinnt turas, áfach, beidh gá le haistriú anois. Tá sé seo saor in aisce ag baint úsáide as an Táille 90-Nóiméad TFI.
- Cruthaíonn an líonra nua naisc dhíreacha nua freisin.
Le haghaidh gach seirbhíse roimhe seo, taispeántar sa mhír seo an phríomhsheirbhís nua sa ghréasán nua.
Is treoir ghinearálta í seo – le do thoil, bain úsáid as Pleanálaí Turais TFI / Aip TFI Live chun teacht ar chomhairle mhionsonraithe maidir le turais ar leith. Tá faisnéis maidir le minicíochtaí agus le hamchláir ar fáil sa Phleanálaí Turais freisin.
- Iarbhealach 9 – Ascaill na Tiníleach agus Baile Shéarlais
- An Taobh Thuaidh:
- Cuireann bealaí nua 23 nó 24 naisc mhalartacha ar fáil le Lár na Cathrach le haghaidh Bhaile Shéarlais agus leis na bóithre seo a leanas: Bóthar Uí Mhaoilmhichíl, Bóthar Bhaile Shéamais, Ascaill Mhic Aoidh, Bóthar an tSeiceamair, Bóthar Pháirc na Sailí, Bóthar Ghlas Naíon agus Bóthair Bhaile Gall Thoir.
- Téann Bealach N4 feadh Ascaill Ghlas Naíon. Is féidir é a úsáid mar Phointe Aistrithe le bealaí E1 nó E2 feadh Bhóthar Bhaile Munna agus feadh Bhóthar Mobhí. Athraigh ag an acomhal idir Ascaill Ghlas Naíon agus Bóthar Bhaile Munna.
- Ní fhreastalaítear ar na stadanna ar Bhóthar Bhinn Aoibhinn a thuilleadh. Freastalaíonn bealach nua 24 ar Bhóthar Bhaile Gall Thoir ag ceann thoir Bhóthar Bhinn Aoibhinn agus stopann bealach N4 ag ceann thiar Ascaill Ghlas Naíon.
- An Taobh Theas:
- Tá bealach nua F3 in ionad díreach bhealach 9 ag na háiteanna seo a leanas: Ascaill na Tiníleach, Bóthar San Séamas, Timpeallán Bhaile Bhailcín, Bóthar Dhún Chromail, Bóthar Chamaí Thiar, Camaigh, Crois Araild agus Sráid Chlann Bhreasail go Coirnéal Lionaird. Leanann sé ar aghaidh go Sráid Uí Chonaill trí na háiteanna seo a leanas: an tSráid Nua, Sráid Chaoimhín, Sráid Cuffe, Faiche Stiabhna agus Sráid Dhásain (ar ais trí Shráid Chill Dara) agus Faiche an Choláiste, roimh dó leanúint ar aghaidh go Baile Shéarlais trí Ghlas Naíon agus trí Fhionnghlas.
- Iarbhealach 26 – Gleann na Life agus Cearnóg Mhuirfean
-
- Tá bealach nua 80 in ionad bhealach 26 ag gach stad idir Gleann na Life agus Cé Árann / Cé Uiséir. Ansin, téann sé trí na háiteanna seo a leanas: Ardeaglais Theampall Chríost, Sráid an Dáma, Sráid Sheoirse Mhór Theas agus Ráth Maonais go Páirc Bhaile Phámar.
- Aistrigh chuig bealaí nua 23/24 ar Shráid an Droichid le haghaidh Chearnóg Mhuirfean, le do thoil.
- Aistrigh chuig bealaí C1, C2, C3 nó C4 de chuid “Dhromlach C” nó aistrigh chuig bealach 39a ar Ché an tSáirséalaigh nó ar Ché Árann.
- Iarbhealach 40 – Ardán Phort an Iarla agus Ionad Siopadóireachta Bhaile Shéarlais
- Freastalaíonn bealach nua F2 ar Bhóthar Chill Dónáin, ar Bhóthar an Bharraigh agus ar Ascaill Phluincéid i bhFionnghlas Thiar,
- Freastalaíonn bealach nua F3 ar Bhóthar Dhroichead Chairdif agus ar Bhóthar San Eiléana i bhFionnghlas Theas.
- Cuireann an dá sheirbhís araon naisc rialta ar fáil le Sráidbhaile Fhionnghlaise agus le Lár na Cathrach.
- Le haghaidh turas idir Fionnghlas Thiar agus Fionnghlas Theas, bain úsáid as an bPointe Aistrithe idir bealaí F2 agus F3 ag Bóthar Uí Mhaoilíosa, le do thoil.
- Iarbhealach 40b – Móinéar na hAbhann agus Sráid Parnell
- Cuireann bealach nua L89 seirbhís in aghaidh na huaire ar fáil seacht lá na seachtaine idir Móinéar na hAbhann agus Droichead Broome trí Bhóthar Theampaill Mhaighréide, trí Bhaile Shéarlais agus trí Shráidbhaile Fhionnghlaise.
- Le haghaidh turas go Lár na Cathrach, aistrigh go bealach F1 de chuid “Dhromlach F” ag Ascaill Mhic Ghiolla Bhuí nó aistrigh go dtí an Líne Uaine Luas ag Droichead Broome.
- Iarbhealach 49 – Tamhlacht (An Chearnóg) agus Sráid an Phiarsaigh
- Tá bealach nua F1 in ionad bhealach 49 idir Tamhlacht agus Bóthar Theach Mealóg.
- Ansin, leanann sé ar aghaidh go Lár na Cathrach trí Chamaigh agus trí Chrois Araild.
- Leanann bealaí reatha 15 agus 65b ar aghaidh ag freastal ar Bhóthar Theach Mealóg, ar Thír an Iúir, ar Ráth Garbh agus ar Ráth Maonais.
- I dTeach na Giúise, glacann bealach nua F1 an t-ailíniú níos dírí go Tamhlacht agus uaidh feadh Chéide Bhaile Uí Chuilinn.
- Ní fhreastalaítear ar na stadanna ar Ascaill Bhaile Chuilinn a thuilleadh – bain úsáid as bealach F1 ar Chéide Bhaile Chuilinn nó as bealach S6 ar Bhóthar Theach na Giúise, le do thoil.
- Ní fhreastalaítear ar Pháirc Ráth an Dúin ar an mbealach sin a thuilleadh mar gheall ar sheirbhísí uasdátaithe.
- Iarbhealach 54a – Ellensborough agus Sráid an Phiarsaigh
- Tá bealach nua 82 in ionad díreach bhealach 54a in Ellensborough, i dTamhlacht, ar Bhóthar Thamhlachta agus ar Lána Wellington.
- Ansin, leanann sé ar aghaidh go Lár na Cathrach trí Shráidbhaile Chromghlinne, trí Chamaigh agus trí Ráth Maonais.
- Tá bealach nua F1 in ionad bhealach 54a ar Bhóthar Ghort an Dúin, i gCamaigh, i gCrois Araild, ar Shráid Chlann Bhreasail agus ar an tSráid Nua. Leanann sé ar aghaidh go Sráid Uí Chonaill trí na háiteanna seo a leanas: Sráid Chaoimhín, Sráid Cuffe, Faiche Stiabhna agus Sráid Dhásain (ar ais trí Shráid Chill Dara) agus Faiche an Choláiste, roimh dó leanúint ar aghaidh go Baile Shéarlais agus go Baile Munna (IKEA) trí Ghlas Naíon agus trí Fhionnghlas.
- Ní fhreastalaítear ar stadanna ar Bhóthar Bhaile an Teampaill idir Bóthar Gharrán na Cufróige agus Bóthar Wellington a thuilleadh – bain úsáid as stadanna le haghaidh bhealaí F2, 15a nó 82 ag Bóthar Wellington / Bóthar an Halla Bháin nó le haghaidh bhealach F1 ar Bhóthar Gharrán na Cufróige.
- Bealaí 83 & 83a – Camaigh go Baile Anraí
- Tá bealach nua 82 in ionad bhealaí 83 agus 83a idir Sráidbhaile Chromghlinne agus Lár na Cathrach.
- Ní fhreastalófar ar an stad deireanach reatha ag Bóthar an Chaptaein agus ag Ascaill Bhóthar na gCloch a thuilleadh – bain úsáid as bealaí 74 nó 82 atá in aice láimhe, le do thoil.
- Le haghaidh turas go Glas Naíon, go Baile Shéarlais agus go Baile Anraí, aistrigh ag Faiche Stiabhna idir bealach 82 agus bealaí nua 23 nó 24, le do thoil.
- Ní fhreastalaítear ar an tseirbhís ó Bhóthar Bhóthar na gCloch agus ó Shráid an Dáma a thuilleadh agus tá roghanna eile in aice láimhe.
- Iarbhealach 123 – Marino agus Baile Bhailcín
- Tá bealach nua 73 in ionad bhealach 123 leis an ailíniú céanna den chuid is mó seachas go dtéann sé trí Shráid Ghairdinéir, trí Theach an Chustaim, trí na Céanna agus trí Shráid an Fhíona i lár na cathrach;
- agus i nDroimeanach, téann sé trí Bhóthar Bheanna Boirche seachas trí Bhóthar Chnoc Mór na nGaibhlte.
- Freastalaíonn bealach 122 ar Bhóthar Chnoc Mór na nGaibhlte anois. Soláthraíonn stadanna ar Shráid Ghairdinéir rochtain ar Shráid Thalbóid. Ceadaíonn stadanna ar Chéanna na Cathrach Pointe Aistrithe le bealaí eile.
- Iarbhealach 140 – Baile Munna (IKEA) agus Páirc Bhaile Phámar
- An Taobh Thuaidh:
- Tá bealach nua F1 in ionad bhealach 140 idir IKEA agus Lár na Cathrach.
- Téann bealach F1 feadh Bhóthar Whitworth agus feadh Shráid Dorset seachas trí Bhóthar Bhaile Phib.
- Aistrigh go bealach nua 23 nó 24 ar Bhóthar na Radharc le haghaidh turas go Baile Phib.
- An Taobh Theas:
- Tá bealach nua 80 in ionad bhealach 140 ag Páirc Bhaile Phámar agus ag Ráth Maonais.
- Le haghaidh turas go Sráid Uí Chonaill agus uaithi agus go cinn scríbe i dtuaisceart na cathrach agus uathu, aistrigh idir bealaí 80 agus F1 ag an acomhal idir Sráid Chaoimhín agus Sráid Aungier.
Beidh ambasadóirí ar fáil ag príomhshuíomhanna ón 16–22 Deireadh Fómhair 2025, lena n-áirítear:
- Móinéar na hAbhann
- Baile Shéarlais
- Bóthar Fhionnghlaise
- Glas Naíon
- Ionad Siopadóireachta Ghleann na Life
- Lár na Cathrach (Sráid Uí Chonaill, Cearnóg Parnell)
- Bóthar Ráth Maonais
- Baile Bhailcín/Cromghlinn
- Tamhlacht (An Chearnóg)
Beidh foireann i láthair le linn buaicuaireanta:
- Maidin: 7:00–10:00 AM
- Tráthnóna: 4:30–7:00 PM
(Clúdaítear roinnt suíomhanna freisin idir 10:00 AM–6:00 PM)
Cuideoidh na hambasadóirí leat tú a threorú trí na hathruithe agus molfaidh siad na roghanna malartacha is fearr.