Is féidir amchláir reatha go léir Iarnród Éireann a fháil ar a láithreán gréasáin anseo.

Is féidir leat breathnú ar amchláir de réir bealaigh nó de réir stáisiúin. Chomh maith leis sin cuirtear léarscáil bheo ar fáil ar a bhfuil seirbhísí DART, idirchathracha agus comaitéireachta.

Is féidir leat do thuras a phleanáil agus na hamanna a mbeidh seirbhísí ag imeacht is cothrom le dáta a fheiceáil trí úsáid a bhaint as Pleanálaí Turas an TFI.

Téigh chuig láithreán gréasáin Iarnród Éireann chun eolas a fháil maidir le seirbhísí atá ar ceal nó mall agus lean iad ar Twitter @IrishRail.