Soláthraíonn Iarnród Éireann Irish Rail seirbhísí Idirchathrach, Comaitéireachta, agus DART ar fud na hÉireann, agus Baile Átha Cliath agus Corcaigh san áireamh.
Le haghaidh ticéid agus faisnéis taistil, téigh chuig suíomh gréasáin Iarnród Éireann Irish Rail nó íoslódáil an aip.
Bain úsáid as do Chárta Leap TFI chun suas le 30% a shábháil ar tháillí thar Chriosanna Táillí Leap (1-4).
Agus Corcaigh go dtí an Cóbh/Mainistir na Corann.
Cá háit le ceannach: suíomh gréasáin Cárta Leap TFI.
Aosach | Mac Léinn | Leanbh | |
Teorainn Laethúil | €9.50 | €7.00 | €3.20 |
Teorainn Sheachtainiúil (Luan – Domh) | €37.00 | €27.00 | €12.50 |
Tairbhe bhreise eile a ghabhann le húsáid Cárta Leap TFI is ea é an Lascaine Leap 90. Nuair a úsáideann tú do chárta ar dhá thuras nó níos mó laistigh de 90 nóiméad óna chéile ar oibreoirí sheirbhísí Bhus Átha Cliath, Go-Ahead Ireland, Luas nó DART/iarnróid comaitéireachta*, beidh feidhm ag lascaine uathoibríoch i ndáil leis an dara táille agus le táillí ina dhiaidh sin. I gcás daoine atá 18 mbliana d’aois agus faoina bhun ag a bhfuil Cárta Linbh Leap TFI, gheobhaidh siad lascaine 75c i leith an dara táille agus i leith táillí ina dhiaidh sin.
Seo a leanas turais a thairbhíonn ó Lascaine Leap 90:
*Níl feidhm ag Lascaine Leap 90 le Luas go Luas ná le DART/iarnród comaitéireachta go DART/iarnród comaitéireachta ós rud é go bhfuil táillí lascainithe ann cheana féin maidir leis na táillí sin.
Tá páirceáil ar fáil i mbreis is 80% de na stáisiúin.
Seiceáil infhaighteacht ar leathanach faisnéise an stáisiúin.
Cúnamh ag teastáil?
Glaoigh ar: 0818 294 015 nó +353 1 575 6110
Luan go hAoine: 07:00–19:00 | Satharn: 08:00–18:00 | Domhnach & Laethanta Saoire Bainc: 10:00–18:00
Nó déan teagmháil le do stáisiún áitiúil.
Faisnéis ar shuíomh gréasáin Iarnród Éireann Irish Rail
Seirbhísí Idirchathrach
Seirbhísí DART agus Comaitéireachta:
Páirceáil Rothar:
Faisnéis rothair Iarnród Éireann anseo.