Athraíonn táillí Iarnród Éireann de réir an chineáil seirbhíse – DART, Comaitéara nó Idirchathrach.
Is é Cárta Leap TFI an bealach is fusa chun íoc as do tháillí traenach DART nó Comaitéireachta le coigilteas suas le 30% i gcomparáid le ticéid aonair airgid thirim.
Baineann táille 90 Nóiméad TFI le turais a dhéantar ar sheirbhísí Bus Chathair Bhaile Átha Cliath (arna n-oibriú ag Bus Bhaile Átha Cliath agus Go-Ahead Ireland), Luas, DART agus seirbhísí iarnróid comaitéireachta i gCrios 1: TFI Cathair Bhaile Átha Cliath agus Cárta Leap TFI in úsáid agat.
Táillí TFI Leap | Duine Fásta | Aosach Óg / Mac Léinn | Páiste |
Táille Ghearr | €1.50 | €0.75 | €0.65 |
Táille 90 Nóiméad TFI | €2.00 | €1.00 | €0.65 |
Táille Airgid TFI | Duine Fásta | Páiste |
Táille Ghearr | €2.00 | €0.90 |
Táille Fhada | €2.60 | €0.90 |
Crios 1: TFI Baile Átha Cliath | Duine Fásta | Aosach Óg (19-25) / Mac Léinn | Páiste (5-18) |
Teorainn Laethúil | €6.00 | €3.00 | €1.95 |
Teorainn sheachtainiúil (Luan-Domhnach) | €24.00 | €12.00 | €7.80 |
Leis na táillí Leap thuas ceadaítear aon teaglaim de Bhus Chathair Bhaile Átha Cliath/Luas/DART agus Iarnród Comaitéireachta a thaisteal laistigh de Chrios 1.
Má úsáideann tú roinnt seirbhísí iompair phoiblí (Bus Bhaile Átha Cliath, Go-Ahead Ireland, Luas, DART agus iarnród comaitéireachta) i rith lae nó seachtaine (Luan-Domhnach), cuirfimid uasteorainn uathoibríoch ar do tháille.
Nuair a bheidh an uasteorainn laethúil nó sheachtainiúil bainte amach agat, ní ghearrfar aon Chreidmheas Taistil ar do Chárta Leap TFI agus tú ag taisteal ar sheirbhísí infheidhme.
Le tuilleadh eolais tabhair cuairt air leapcard.ie.
Tá an Pas Taistil Saor in Aisce bailí ar gach seirbhís agus is féidir le páistí faoi bhun 5 bliana d’aois taisteal saor in aisce.
Tabhair cuairt ar Taxsaver.ie le haghaidh eolais faoi thicéid mhíosúla agus bhliantúla.
Rochtain ar threoracha ‘conas’ a bhaineann le ticéid traenach a cheannach/a leasú.