Ag obair go déanach san oíche nó ag tosú go luath? Cuireann líonra TFI seirbhísí ar chostas íseal ar fáil a dhéanann taisteal go déanach san oíche i mBaile Átha Cliath deas simplí.

Seirbhísí Oíche

Cuireann Bus Bhaile Átha Cliath dhá sheirbhís déag 24 uair ar fáil a bhíonn i bhfeidhm seacht lá na seachtaine thar deich mbealach.

  • 15 Ó Chluain Ghrífín i dtreo Bhóthar Bhaile Uí Chuilinn
  • 39a Ó Belfield COBÁC i dtreo Ongar
  • 41 Ó Shráid na Mainistreach Íochtarach i dtreo Mhainéar Shoird
  • C1 Ó Stáisiún Bhaile Adaim i dtreo Dhumhach Thrá
  • C2 Ó Stáisiún Bhaile Adaim i dtreo Dhumhach Thrá
  • C5 Ó Mhaigh Nuad i dtreo Bhóthar na Rinne
  • C6 Ó Mhaigh Nuad i dtreo Bhóthar na Rinne
  • E1 Ón gCoill Thuaidh i dtreo Bhaile Bhaltraim
  • E2 Ó Bhaile Anraí i dtreo Dhún Laoghaire
  • G1 Ó Dhuga Spencer i dtreo Luas na Bó Deirge
  • G2 Ó Dhuga Spencer i dtreo Ionad Siopadóireachta Ghleann na Life
  • N4 Ó Shráidbhaile an Iosta i dtreo Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir

Bus Oíche oícheanta Aoine agus Sathairn

Imíonn dhá bhealach déag Bus Oíche ó Lár Chathair Bhaile Átha Cliath gach oíche Aoine agus Sathairn chuig bruachbhailte ar fud Bhaile Átha Cliath:

  • 7n Ó Shráid D’Olier i dtreo Sheanchille
  • 29n Ó Shráid D’Olier i dtreo Bhóthar Bhaile Dúill
  • 31n Ó Shráid D’Olier i dtreo Bhinn Éadair
  • 33n Ó Shráid Westmoreland i dtreo Bhaile Brigín
  • 42n Ó Shráid D’Olier i dtreo Phort Mearnóg
  • 46n Ó Shráid D’Olier i dtreo Dhún Droma
  • 49n Ó Shráid D’Olier. Go Tamhlacht (Cill na Manach)
  • 69n Ó Ché Aston i dtreo Theach Sagard
  • 70n Ó Shráid Westmoreland i dtreo Bhaile an Tirialaigh
  • 77n Ó Shráid D’Olier i dtreo Thamhlachta (Eastát Westbrook)
  • 84n Ó Shráid D’Olier i dtreo na gCloch Liath
  • 88n Ó Shráid Westmoreland i dtreo Chill Dhéagláin

Laghdaíodh táillí na seirbhísí seo le déanaí go €2.40 nuair a úsáidtear Cárta Leap do dhaoine fásta; nó €1.20 nuair a úsáidtear Cárta Leap do Mhic Léinn nó do Dhaoine Óga (19-25).

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi tháillí agus cláir ama, tabhair cuairt ar https://www.dublinbus.ie/journey-information/night-time-services.