Cuireann Go-Ahead Ireland réimse seirbhísí ar fáil ar líonra iompair phoiblí an TFI, lena n-áirítear:

  • 3 bhealach bus ó Chill Dara go lár chathair Bhaile Átha Cliath; agus
  • Breis is 20 bealach bus i mbruachbhailte Bhaile Átha Cliath.

Bealaí ó Bhaile Átha Cliath go Cill Dara á gcur ar fáil ag Go-Ahead Ireland:

Bealaí Bhruachbhailte Bhaile Átha Cliath go Cill Dara á gcur ar fáil ag Go-Ahead Ireland:

Is mar a chéile atá struchtúr na dtáillí thuasluaite agus atá ar sheirbhísí Bhus Bhaile Átha Cliath:

Inrochtaineacht

Glacann Go-Ahead Ireland le paisinéirí a bhfuil madraí cuidithe acu. Ní mór úim nó cóta a bheith ar an madra chun go mbeidh a fhios ag an tiománaí gur madra cuidithe é. Ní leagtar teorann ar bith ar líon na madraí cuidithe atá tiománaí ábalta a ghlacadh ar bord, chomh fada is go bhfuil spás ann dóibh. Tá sé tábhachtach nach mblocálann an madra an pasáiste ná na suíocháin.

Tá spás do chathaoir rothaí amháin ar urlár íochtarach na mbusanna atá ar fáil ar líonra bhruachbhailte Bhaile Átha Cliath. Tá spás do chathaoir rothaí ar bhusanna a bhíonn ar bhealaí Bhaile Átha Cliath go Cill Dara ach ní mór é seo a chur in áirithe roimh ré trí theagmháil a dhéanamh le Go-Ahead Ireland.

Tabhair ar aird go dteastóidh cead uait má úsáideann tú scútar. Is chun a chinntiú go bhfuil an scútar sábháilte le tabhairt ar thuras taistil é seo agus de bharr nach féidir gach scútar a thabhairt ar bord mar gheall ar chomh mór is atá cuid acu.

Glacann Go-Ahead páirt i Scéim um Chúnamh Taistil do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath a chuidíonn leat iompar poiblí a úsáid asat féin. Téann cúntóir leat an chéad cúpla uair chun comhairle a thabhairt duit agus chun cúnamh a thabhairt duit do bhealach a dhéanamh sa líonra. Tá an scéim seo ar fáil ar Go-Ahead Ireland, ar Bhus Átha Cliath, ar Iarnród Éireann agus ar an Luas.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le hinrochtaineacht, téigh chuig láithreán gréasáin Go-Ahead Ireland.

Chun an t-eolas is deireanaí maidir le seirbhísí agus oibríochtaí a fháil molann muid duit @GoAheadIreland a leanúint ar Twitter.

Faisnéis fíor-ama do Phaisinéirí

Tá eolas fíor-ama le fáil via Aip Pleanála Turas TFI faoi láthair. Íoslódáil in aisce é ón Apple App Store do ghairis iPhone agus iPad agus ón Google Play Store do ghairis Android. Roghnaigh “Imeachtaí” ar an Aip Pleanála Turas chun eolas fíor-ama a fháil.

Sonraí Teagmhála

Láithreán Gréasáin: www.goaheadireland.ie

Ríomhphost: customercomment@goaheadireland.ie

Uimhir Ghutháin: 1850 80 40 71

Seoladh:

12 Bóthar Bhaile an Mhóta Íochtarach,

Baile an Mhóta Beag,

Baile Átha Cliath,

Baile Átha Cliath 12

Facebook: Go-Ahead Ireland

Twitter: @GoAheadIreland