Le níos mó seirbhísí agus naisc ná mar a bhí againn riamh, lig do Transport for Ireland tú a thógáil aon áit is gá duit dul.
Is sinne Transport for Ireland. Iompar duitse.

Cé a fheidhmíonn an Líonra TFI?

Tá líonra na seirbhísí TFI á soláthar ag réimse oibreoirí go náisiúnta, lena n-áirítear:

Déantar níos mó na 1 milliún turas do phaisinéirí gach lá ar an meán thar an Líonra TFI.

Líonra TFI a Leathnú

Plean Soghluaisteachta Tuaithe Connecting Ireland

Tá TFI ag feabhsú nascachta chun oideachais, fostaíochta agus cúram sláinte tríd an bPlean Soghluaisteachta Tuaithe Connecting Ireland, a bhain an méid seo a leanas amach:

  • Seoladh 150+ bealach bus nua nó feabhsaithe
  • Nascacht idir bailte agus sráidbhailte a fheabhsú

Líonra BusConnects Bhaile Átha Cliath a Athdhearadh

I mBaile Átha Cliath, bhain an tAthdhearadh ar Líonra BusConnects an méid seo a leanas amach:

  • Bealaí nua a thabhairt isteach
  • Minice na seirbhíse a mhéadú
  • Nascacht trasna na cathrach a fheabhsú

Infheistiú in Iompar Inmharthana

flít nua feithiclí inrochtana á rolladh amach ag TFI:

  • Busanna lán-leictreacha
  • Traenacha leictreacha hibrideacha

Sásamh Custaiméirí

Dar le Suirbhé ar Shástacht Chustaiméirí le gairid:

  • Tá dearcadh dearfach ag 82% de phaisinéirí i leith sheirbhísí TFI
  • 39% an-sásta agus 43% measartha sásta

Taisteal Cliste le Teicneolaíocht TFI

Déan do thuras níos éasca le huirlisí digiteacha TFI:

  • Aip TFI Live:
    Déan do thuras a phleanáil doras-go-doras le heolas imeachta fíor-ama do sheirbhísí bus, traenach agus tram.
  • Cárta Leap TFI:
    Sábháil suas le 30% ar tháillí. Ar fáil do:
    • Dhaoine Fásta
    • Aosaigh Óga (19–25) – sábháil suas le 50%
    • Mic Léinn
    • Leanaí
  • Táille 90 Nóiméad TFI:
    Taisteal trasna Bhaile Átha Cliath ar feadh 90 nóiméad ag úsáid iliomad modhanna iompair:
    • €2 do dhaoine fásta
    • €1 d’aosaigh óga/mhic léinn
    • €0.65 do linbh
  • Íocaíochtaí gan Tadhall
    Tá roghanna á bhforbairt le go bhféadfaidh paisinéirí íoc as seirbhísí le cárta bainc/íocaíochtaí fóin gan tadhall.

Seirbhísí Tacsaithe

Tá seirbhísí tacsaí agus SPSV (Feithicil Beag do Seirbhís Phoiblí) mar chuid den Líonra TFI freisin: Táille Tacsaí/SPSC agus Eolas do Chustaiméirí Tacsaí